An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide – An Straitéis Taighde agus Nuálaíochta go 2030
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an chéad Straitéis Taighde agus Nuálaíochta uaithi á seoladh ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Cé go bhfuil a lán sainmhínithe ann ar an taighde agus ar an nuálaíocht araon, úsáidtear na sainmhínithe seo a leanas sa Straitéis Taighde agus Nuálaíochta ón Roinn:
Is é ár bhfís ná gurb amhlaidh, faoin mbliain 2030, a bheimid ag baint leas as acmhainneacht iomlán an taighde chun brú chun cinn a dhéanamh ar an ngníomhaíocht agus an nuálaíocht a theastaíonn chun Éire atá neodrach ó thaobh aeráide de, inbhuanaithe, nasctha ón taobh digiteach de agus athléimneach ó thaobh na cibearshlándála de a fhorbairt. Is é atá i gceist lenár gcur chuige ná an taighde agus an nuálaíocht a chur i gcroílár na hoibre a dhéanaimid agus na slí a n-oibrímid.
Is é ár misean ná cur lenár n-acmhainn chun taighde a sholáthar agus a úsáid chun nuálaíocht agus gníomhaíocht a bhrú chun cinn san fhorbairt beartais, sa chur chun feidhme beartais, in oibríochtaí, agus le linn teicneolaíochtaí nua a chur i bhfeidhm, agus cumas an chórais náisiúnta taighde agus nuálaíochta á cur ar aghaidh chun tacú lenár gcuid oibre. Tá ár misean ag teacht le beartais phoiblí chun uasmhéadú a dhéanamh ar thionchar an taighde agus na nuálaíochta le linn cuspóirí ríthábhachtacha beartais náisiúnta, lena n-áirítear an claochlú digiteach agus an claochlú glas, a bhaint amach ar fud gach gné dár ngealltanais chorparáideacha.
Sa Bhuiséad Taighde agus Forbartha 2022 go 2023, sainaithnítear gurb í an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an cúigiú roinn is mó infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht. Leagtar cur chuige straitéiseach amach sa Straitéis Taighde agus Nuálaíochta seo chun idirchaidreamh uaillmhianach a éascú sa taighde agus sa nuálaíocht ar fud gach réimse den roinn. Aithnítear inti an acmhainneacht atá ag an taighde agus an nuálaíocht chun bunathrú chun feabhais a bhaint amach agus féachtar inti le leas a bhaint as an acmhainneacht sin chun ár spriocanna straitéiseacha a bhaint amach.
Leagtar amach sa Straitéis 39 ngníomh ar fud cúig sprioc atá le soláthar sa tréimhse go dtí an bhliain 2030:
Tógfaimid ar bhealach straitéiseach ár n-acmhainn chun taighde a dhéanamh, a choimisiúnú agus a úsáid chun nuálaíocht a bhrú chun cinn inár gcuid oibre, agus struchtúr taighde agus nuálaíochta de chuid na Roinne (lena n-áirítear réimsí oibríochtúla ábhartha) á bhunú chun taighde agus nuálaíocht a sholáthar agus a bhainistiú.
Tacóimid lenár gcomhlachtaí stáit maidir le taighde agus nuálaíocht a dhéanamh agus a chistiú agus maidir leis an bhfianaise a theastaíonn chun bonn eolais a chur faoin mbeartas agus faoin ngníomhaíocht i bpríomhréimsí a sholáthar.
Cinnteoimid an rialachas agus an fhormhaoirseacht den aicme is fearr maidir leis an taighde agus an nuálaíocht a dhéanaimid.
Déanfaimid ár riachtanais fianaise taighde a shainaithint agus a chur in iúl go soiléir chun freagairt éifeachtach ó chomhpháirtithe taighde a chumasú.
Forbróimid tacar scileanna ár bhfoirne maidir le taighde agus nuálaíocht a dhéanamh agus méadóimid an bhuíon pearsan a bhfuil saineolas sonrach ar an taighde agus ar an nuálaíocht acu.
Leabóimid tacaíochtaí le haghaidh taighde a léiriú agus a thuiscint chun bonn taca a chur faoi obair na roinne maidir le forbairt beartais, le cur chun feidhme beartais agus le teicneolaíochtaí nua agus réitigh nua a chur i bhfeidhm.
Oibreoimid laistigh den chóras náisiúnta taighde agus nuálaíochta chun an taighde a theastaíonn uainn chun nuálaíocht a bhrú chun cinn inár gcuid oibre a fhoinsiú. Le linn déanamh amhlaidh, déanfaimid ár gcion sa chóras náisiúnta taighde agus nuálaíochta a chumasú chun fíordhifear dearfach a dhéanamh don tsochaí, don gheilleagar agus don timpeallacht.
De réir mar a thagann dúshláin leathana chun cinn, beidh sé ríthábhachtach do ranna go mbeadh acu an inniúlacht agus an saineolas is gá chun taighde agus nuálaíocht a úsáid i bhfreagairt fhianaisebhunaithe do na dúshláin sin. Sa bhliain 2024, foilseoimid Ráiteas ar Riachtanais Taighde, á chinntiú go mbeidh an córas náisiúnta taighde agus nuálaíochta ar an eolas faoinár dtosaíochtaí taighde.