Is éard is cuspóir an Líonra Trasrialtais ná réimse leathan gníomhaithe ar fud ranna rialtais a thabhairt le chéile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí agus údaráis áitiúla atá freagrach as gníomhartha agus beartais a chur i bhfeidhm a bhfuil tionchar acu sin ar an sprioc chun deireadh a chur le bochtaineacht leanaí agus dea-bhail leanaí a fheabhsú. Cruthófar ardán leis an líonra chun tacaíocht a thabhairt don obair éagsúil seo agus chun misean agus cuspóir coiteann a aithint.
Tá an líonra oscailte don fhoireann ar fad a bhfuil freagrachtaí ábhartha orthu agus ar mhian leo páirt a ghlacadh. Samhlaímid i bhformhór na n-eagraíochtaí go gciallóidh sé seo go mbeidh rannpháirtithe iomadúla ag freastal ar chruinnithe líonra de réir mar is cuí agus nuair a bhaineann sé le hábhar a n-achoimrí aonair. Casfaidh an líonra ar a chéile 3-4 huaire sa bhliain agus cuirfear deis ar fáil eolas a roinnt, nithe a fhoghlaim agus machnamh a dhéanamh.
Is iad seo a leanas spriocanna sonracha an líonra:
1. Líonra neamhfhoirmiúil na státseirbhíseach agus na seirbhíseach poiblí a aithint atá freagrach as gníomhartha a sholáthar lena gcuidítear le deireadh a chur le bochtaineacht leanaí agus dea-bhail leanaí a chur chun cinn.
2. Feabhas a chur ar an léargas tras-rialtais atá ar an réimse leathan freagraí agus gníomhaithe a bhaineann le torthaí a bhaint amach maidir le bochtaineacht leanaí agus dea-bhail leanaí a chur chun cinn.
3. Braistint chomhroinnte úinéireachta agus misean a chothú maidir le deireadh a chur le bochtaineacht leanaí agus dea-bhail leanaí a chur chun cinn.
4. Fónamh a dhéanamh do chruinniú mullaigh bliantúil maidir le bochtaineacht leanaí agus do thuarascáil nuashonraithe bhliantúil a fhorbairt.
An Chéad Chlár Oibre le Cód QR
Óráid an Taoisigh mar a thug sé í
1. Dinimic na Bochtaineachta, Emer Smyth, an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta
2. Freagra a thabhairt ar Dhúshláin Shóisialta Chasta, Toby Lowe, An tIonad um Thionchar Poiblí