An bhfuil sé oiriúnach madra a bheith agam?
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Gealltanas fad-téarmach is ea madra a bheith agat.
Má tá tú ag smaoineamh faoi mhadra a fháil mar pheata, smaoinigh ar dtús ar cé acu atá nó nach bhfuil do stíl mhaireachtála baile agus teaghlaigh oiriúnach chun madra a choinneáil ar feadh a shaoil.
Tá trí ceist le cur ort féin.
Ar dtús, dearbhaigh cé acu atá nó nach bhfuil do chúinsí maireachtála oiriúnach le haghaidh madra
Má tá tú ag cur fút i gcóiríocht ar cíos, ní mór cead a lorg ón tiarna talún
Ní thugann roinnt údaráis áitiúla cead do thionóntaí póir áirithe madraí a choinneáil, a bhféadfadh madraí a liostaítear faoi na Rialacháin um Rialú Madraí , mar shampla
Chomh maith le costais tí, mar shampla bia madraí, leapachas agus gabhálais, b’fhéidir go mbeidh ort buiséadú a dhéanamh le haghaidh ceadúnas madraí, micrishlis a chur i madraí, cúram tréidliachta, vacsaíniú, an madra a neodrú, grúmaeireacht, táillí oiliúna agus cónaithe madraí.