Ráiteas Comhpháirteach ón Roinn Sláinte agus ón Roinn Dlí agus Cirt ar Bhearta Nua Forfheidhmithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó thosaigh an phaindéim seo, tá raon beart sláinte poiblí tugtha isteach ag an Rialtas chun daoine a choinneáil slán agus chun scaipeadh COVID-19 a laghdú.
Lean formhór mór mhuintir na hÉireann an treoir agus an chomhairle. Ar an drochuair, tá cohórt beag daoine ann atá ag déanamh neamhaird den chomhairle, ag déanamh neamhaird den treoir, agus ag cur iad féin agus daoine eile i mbaol.
Is féidir lena gcuid gníomhaíochtaí a bheith contúirteach ó thaobh COVID-19 de, agus féadfaidh siad a bpobail a chur i mbaol.
Ba é an t-aon chumhacht forfheidhmithe a bhí ar fáil roimhe seo nuair a sháraigh daoine rialacháin faoi Acht Sláinte 1947 ná ‘Foráil Phionósach’. Faoi fhoráil phionósach, ba é an pionós uasta fíneáil suas le €2,500 agus/nó 6 mhí sa phríosún, ar dhuine a chiontú sa chúirt ag breitheamh.
Chinn an Rialtas go raibh gá le córas smachtbhannaí níos solúbtha agus níos comhréire i leith cionta agus sáruithe ar na rialacháin.
Is sa chomhthéacs sin a d'aontaigh an Chomh-Aireachta an 20 Deireadh Fómhair, an córas smachtbhannaí a athbhreithniú, a bheachtú agus a nuashonrú trí fhoráil a dhéanamh d’fhógraí pionóis shocraithe agus do chóras pionóis chisealaithe chomh maith le cumhachtaí breise a thabhairt do na Gardaí déileáil le hócáid i dteagmhais phríobháideacha.
Shínigh an tUachtarán reachtaíocht chun é sin a dhéanamh, An Bille Sláinte (Leasú) 2020, lenar leasaíodh an tAcht Sláinte 1947, ina dhlí an 25 Deireadh Fómhair, 2020.
Cheadaigh sé seo cúig chatagóir forfheidhmithe, mar a leanas:
1. Neamhphionósach - Baineann siad seo le bearta a áirítear sna rialacháin nach gceadaítear, ach nach ngearrtar aon phionós orthu.
2. Pionós - Má dhéantar duine a ionchúiseamh sa chúirt mar gheall ar chion, braitheann na fíneálacha uasta nó an phianbhreith príosúin a chinneann an breitheamh, faoin gcóras nua pionóis chisealaithe, ar cibé an é seo an chéad, an dara nó an tríú cion nó cion ina dhiaidh sin.
3. Foráil Ábhartha - Leis seo beidh deis ann teagmhais cheadúnaithe a dhúnadh don lá, nó níos faide i gcás cionta breise.
4. Forálacha pionóis shocraithe - Maidir le cionta áirithe, tá rogha ag an nGarda fógra íocaíochta socraithe a thabhairt do dhuine. Féadfaidh an duine an fógra íocaíochta socraithe a íoc laistigh de 28 lá chun ionchúiseamh a sheachaint. Ciallaíonn neamhíocaíocht laistigh den tréimhse shonraithe gur féidir an duine a ionchúiseamh.
5. Forálacha maidir le hócáid teaghaise - Tá cumhachtaí breise ag Gardaí treoir a thabhairt do dhaoine atá i gcomharsanacht teaghaise í a fhágáil má tá amhras réasúnach acu go bhfuil ócáid ar siúl a sháraíonn rialacháin. Féadfaidh Gardaí a ordú don áititheoir a cheangal agus a chur faoi deara do gach duine ag ócáid den sórt sin, seachas cónaitheoirí an teagmhais, imeacht agus féadfaidh siad a cheangal ar an áititheoir a ainm nó a hainm a sholáthar.
Níl aon chumhachtaí ag gardaí dul isteach i dteagmhas faoi na forálacha seo ach is féidir leo freastal ar an bpríomhbhealach isteach. Aon duine nach gcomhlíonann treoir ón nGarda Síochána i ndáil le hócáid a sháraíonn foráil maidir le hócáid teaghaise, dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí nó iad araon.
D'oibrigh an Roinn Sláinte i gcomhar leis an Roinn Dlí agus Cirt chun rialacháin a dhréachtú faoin reachtaíocht nua seo. Chuathas i gcomhairle le hAirí ábhartha lena n-áirítear an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, an tAire Iompair, an tAire Airgeadais, agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir leis na rialacháin sular shínigh an tAire Sláinte ina ndlíthe iad trí Ionstraim Reachtúil.
Cuirfidh an Garda Síochána forghníomhú ar na bearta seo i bhfeidhm anois. Anois go bhfuil foclaíocht na Rialachán tugtha chun críche, is féidir na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na córais ábhartha sa tseachtain amach romhainn le go mbeidh deis ag an gcóras pionóis shocraithe freastal ar na cionta breise seo.
Beidh na rialacháin seo i bhfeidhm ar feadh ré phaindéim COVID-19, agus leasófar iad de réir mar is gá ag brath ar an leibhéal sa chreat Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021: An Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19 atá i bhfeidhm fud na tíre/ar bhonn réigiúnach.
Leanfaidh an Garda Síochána ag úsáid na 4 E (engage, educate, encourage, enforcement) - rannpháirtíocht, oideachas agus spreagadh, le forfheidhmiú mar rogha dheiridh.
Foráil | Foráil maidir le Fógra Pionóis Shocraithe | Foráil Phionósach? (Pionóis Chisealaithe) | Foráil maidir le hÓcáid Teaghaise? | Foráil Ábhartha? |
Ócáid a eagrú lasmuigh de theagmhas príobháideach a sháraíonn na Rialacháin | €500 | Tá | Níl | Níl |
Ócáid a eagrú i dteagmhas príobháideach a sháraíonn rialacháin | €500 | Tá | Tá | Níl |
Freastal ar ócáid i dteagmhas príobháideach a sháraíonn rialacháin | €150 | Tá | Tá | Níl |
Rialacháin taistil a shárú | €100 | Tá | Níl | Níl |
Gan clúdach aghaidhe a chaitheamh ar iompar poiblí | €80 | Tá | Níl | Níl |
Gan clúdach aghaidhe a chaitheamh in asraonta miondíola áirithe* | €80 | Tá | Níl | Níl |
Gan clúdach aghaidhe a chaitheamh i bhFeithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí (SPSVanna) | €80 | Tá | Níl | Níl |
Daoine atá ag obair i róil atá os comhair an chustaiméara in áitribh arb é an príomhghníomhaíocht ná bia nó deochanna a dhíol lena n-ithe nó lena n-ól san áitreabh agus gan cumhdaigh aghaidhe á gcaitheamh acu | €80 | Tá | Níl | Níl |
1. Ionaid siopadóireachta
2. Leabharlanna
3. Pictiúrlanna agus coimpléisc phictiúrlainne
4. Amharclanna
5. Hallaí ceolchoirme
6. Hallaí biongó
7. Músaeim
8. Stáisiúin Bhus
9. Stáisiúin Iarnróid
10. Oifigí poist
11. Comhair chreidmheasa
12. Bainc
Stát Victoria, an Astráil
I measc na bpionós a bhaineann le cumhachtaí éigeandála tá:
An Ísiltír
Sasana
An Bhreatain Bheag
Albain
Tuaisceart Éireann
An Danmhairg
Iosrael
An Nua-Shéalainn