Is próiseas córasach measúnaithe é an Tionscnamh um Luach ar Airgead agus Athbhreithnithe ar Pholasaí arna sheoladh ag ranna agus oifigí rialtais faoi threoir na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá mar chuspóirí aige caiteachas státchiste a anailísiú ar bhealach córasach agus bonn a chur ar fáil ar a bhféadfar cinntí níos feasaí a dhéanamh ar thosaíochtaí laistigh de na cláir agus idir na cláir.
Tugadh isteach modh nua athbhreithnithe leis an gCód Caiteachais Phoiblí, mar atá Measúnú Fócasaithe Polasaí. Chun éifeachtúlacht na measúnuithe seo a bharrfheabhsú, tá sé beartaithe gur próiseas solúbtha a bheidh sa phróiseas uileghabhálach agus nach mbeidh sé róshaintreorach. Tá sé beartaithe, áfach, maidir leis na Measúnuithe Fócasaithe Polasaí:
Nach mbeidh coiste stiúrtha de dhíth; is ceart go mbeadh an obair a ghabhann leis an measúnú á bainistiú ag ceannaire aonaid mheasúnaithe na Roinne nó ag ceannaire an CEEU, de réir mar is cuí.
Bíonn tionchar ag torthaí na n-athbhreithnithe agus na measúnuithe ar fhorbairt leanúnach polasaí agus bíonn siad mar bhonn eolais faoin gcinnteoireacht i réimsí cuí na Roinne.
Tá Clár Luach ar Airgead comhaontaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i leith na tréimhse 2015-2017 agus tá sí ag obair chun an clár a thabhairt chun críche.
Comhordaíonn an Láraonad Polasaí an próiseas Athbhreithnithe ar an Luach ar Airgead ón lár, agus is iad an Láraonad Polasaí mar aon leis na rannóga líne cuí a chuireann na hathbhreithnithe féin i gcrích.