Míshábháilte sa Bhaile
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Má mhothaíonn tú míshábháilte sa bhaile, ná dearmad nach bhfuil tú i d’aonar. Tá seirbhísí bunaithe chun tacú leatsa agus le do theaghlach.
In Tús Áite do Leanaí tacaítear le leanaí a chosaint ó mhí-úsáid agus ó fhaillí, tríd an méid nach mór do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí a dhéanamh chun leanaí a choinneáil sábháilte a shonrú, mar aon le conas déileáil le hábhair imní faoi shábháilteacht nó leas linbh. Tá dualgas cúraim ar an tsochaí maidir le leanaí, agus ba cheart go mbeadh gach duine airdeallach ar an bhféidearthacht go bhfuil leanaí a bhfuil siad i dteagmháil leo á mí-úsáid nó i mbaol mí-úsáide nó faillí.
Má tá imní ort go bhfuil mí-úsáid á baint as leanbh nó go bhfuil faillí á déanamh ar leanbh, is féidir leat an treoir maidir le d’ábhar imní a fháil ó Tusla agus sonraí teagmhála an oibrí shóisialta i do cheantar féin a fháil. Tá tuilleadh eolais maidir le leanaí a choinneáil sábháilte inár bpobail le fáil ag gov.ie/childrenfirst.
Tá treoir forbartha ag FSS agus Tusla do theaghlaigh a dhéileáil le drochúsáid ghnéasach, le fáil ag HSE.ie.
Mura bhfuil do bhaile sábháilte, tá tacaíocht ar fáil. Tá eolas maidir le seirbhísí agus tacaíochtaí drochíde sa teaghlach i rith phaindéim COVID-19 le fáil ag AnRoinnDlíAgusCirt/StillHere .
Tá eolas maidir le seirbhísí tacaíochta do mhná ar fáil ó Tusla - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.
Tá eolas maidir le seirbhísí tacaíochta d’fhir le fáil ó Chúnamh d’Fhir na hÉireann.