Athbhreithniú Straitéiseach ar Oiliúint Dochtúirí agus Struchtúr na Gairme An Deichiú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I mí Iúil 2013, bunaíodh Grúpa Oibre, faoi cheannas an Ollaimh Brian MacCraith, Uachtarán, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, chun athbhreithniú straitéiseach a dhéanamh ar oiliúint dochtúirí agus ar struchtúr na gairme.
Iarradh ar an nGrúpa Oibre scrúdú a dhéanamh ar oiliúint agus conairí gairme do dhochtúirí agus moltaí ardleibhéal a chur ar fáil ar mhaithe le: ráta coinneála dochtúirí nuacháilithe sa chóras sláinte poiblí a fheabhsú; pleanáil a dhéanamh do riachtanais na seirbhíse; agus an buntáiste is fearr is féidir a bhaint as an infheistíocht in oideachas agus oiliúint dochtúirí.
Bunaíodh Grúpa Monatóireachta ar Fheidhmiú chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí. Seo é an deichiú tuarascáil ar dhul chun cinn ón nGrúpa Monatóireachta sin, maidir leis an tréimhse Feabhra 2019 go Iúil 2019.