Teimpléad le haghaidh Páipéir Ballóide i gcás vótálaithe atá dall nó ar a bhfuil lagú radhairc
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sna fothoghchán atá le teacht i Cuan Bhaile Átha Cliath Theas, beidh an rogha ag vótálaithe atá dall nó ar a bhfuil lagú radhairc a vóta a chaitheamh go neamhspleách trí Theimpléad le haghaidh Páipéir Ballóide (TPB) a úsáid, rud a ligfidh dóibh a bpáipéir ballóide a mharcáil gan chabhair, más maith leo a leithéid sin a dhéanamh.
Is gaireas plaisteach trédhearcach é an TPB, a chuirtear anuas ar pháipéar ballóide agus ar a bhfuil roinnt gnéithe tadhlacha chun marcáil neamhspleách ar pháipéir ballóide a éascú i gcás vótálaithe atá dall nó ar a bhfuill lagú radhairc. Is éard atá sa teimpléad ná uimhriú ardaithe agus braille comhfhreagrach chun cabhrú leis an vótálaí na hoscailtí ar an teimpléad a aithint a chomhfhreagraíonn do bhoscaí tosaíochta na n-iarrthóirí ar an bpáipéar ballóide atá thíos faoi.
Oibríonn an TPB i gcomhar le huimhir Shaorghlao - 1800 a chuireann in iúl don éisteoir na hiarrthóirí a chomhfhreagraíonn leis na huimhreacha ar an TPB. Bunaithe ar an idirghníomhaíocht sin idir na gnéithe tadhlacha den TPB agus an t-eolas a thugtar ar an uimhir Shaorghlao, is féidir leis an vótálaí an páipéar ballóide a mharcáil lena dtosaíochtaí vótála (1, 2, 3, etc.). Ar an TPB freisin, tá flapaí a chomhfhreagraíonn do gach rogha vótála agus is féidir na flapaí sin a dhúnadh go daingean nuair a táthar tar éis rogha a dhéanamh. Nuair a bheidh an próiseas curtha i gcrích ag vótálaí, baintear an teimpléad den pháipéar ballóide agus cuirtear sa bhosca ballóide é sa ghnáthbhealach.
Beidh an uimhir Shaorghlao ar fáil do vótálaithe a bhfuil sé ar intinn acu an teimpléad a úsáid, chomh luath agus is féidir i ndiaidh thréimhse fála na n-ainmniúchán le haghaidh na dtoghchán suas go lá na vótála, agus lá na vótála san áireamh. Mar sin, is féidir leo éisteacht i gcompord a dtithe féin le liosta na n-iarrthóirí chomh minic agus is mian leo roimh lá na vótála agus, más maith leo, is féidir leo éisteacht leis arís ar a ngutháin póca agus iad i láthair ag an stáisiún vótála. Ba cheart do vótálaithe tagairt a dhéanamh do shuíomh gréasáin a gceann comhairimh (arna liostú thíos) nó teagmháil dhíreach a dhéanamh chun na huimhreacha saorghlao a bhaineann lena gceantair féin a fháil.
Cuan Bhaile Átha Cliath Theas
1800 44 66 88
Rogha eile atá oscailte do vótálaithe leis an teicneolaíocht ábhartha um léamh scáileáin (m.sh. ar a gcuid fóin, táibléad nó ríomhairí glúine) is ea iad féin a chur ar an eolas faoi na hiarrthóirí trí rochtain a fháil ar an gcuid ábhartha ‘Fógra Vótaíochta’ nó ‘sonraí iarrthóra’ ar Dublin City Returning Officer . Is fógra reachtúil é Fógra Vótaíochta arna fhoilsiú ag oifigeach tuairisceáin a leagann amach sonraí na vótaíochta, lena n-áirítear liostú de na hiarrthóirí san ord ina ndéanfaidh siad liostaithe ar an bpáipéar ballóide.
Lá na vótála, beidh TPBanna ar fáil i ngach stáisiún vótaíochta ar leith. Má chuireann duine atá dall nó a bhfuil lagú radhairc orthu in iúl don Oifigeach Ceannais gur mhaith leo úsáid a bhaint as rogha an TPB, tabharfar a bpáipéir bhallóide dóibh leis an TPB iomchuí curtha leo cheana féin. Beidh an rogha fós ar fáil, áfach, cabhair a fháil ó chompánach nó ón Oifigeach Ceannais ag an stáisiún vótála i gcás vótálaithe atá dall nó a bhfuil lagú radhairc orthu, más fearr leo a vóta a chaitheamh ar an mbealach seo.
Féadfaidh gur mhaith le daoine atá sé ar intinn acu an teimpléad a úsáid féachaint ar shuíomh gréasáin Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill▼], áit a bhfuil tuilleadh eolais le fáil maidir leis na teimpléid a úsáid.