Scéim Deontais an Gheilleagair Oíche chun Torann a Laghdú 2023 (NMGS 2023) Treoirlínte
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níltear ag glacadh le hiarratais ar an Scéim Deontais an Gheilleagair Oíche chun Torann a Laghdú a thuilleadh de bharr líon ard iarratas a bheith faighte don scéim.
Léigh na treoirlínte seo a leanas go cúramach sula gcuirfidh tú tús leis an iarratas.
• Tá iarratais á lorg anois faoin scéim seo.
• Tá próiseas dhá chéim i gceist leis an iarratas ar mhaoiniú faoin scéim seo:
• Céim 1: Measúnú ar cháilitheacht agus iarratas ar mhaoiniú chun Tuarascáil Fuaimeolaí a fháil
• Céim 2: Iarratas ar mhaoiniú le haghaidh oibreacha beartaithe laghdaithe torainn (mar atá molta i dTuarascáil an Fhuaimeolaí atá curtha isteach)
• Beifear ag glacadh le hiarratas don scéim seo anseo ó 16.00 ar an 18 Iúil 2023. Beifear ag glacadh le hiarratais chun Stáidse 1 na scéime go dtí an 31 Nollaig 2023 nó go dtí go mbeidh an ciste ar fad caite, cibé acu is túisce a tharlóidh.
• Ní féidir le hionad ach aon iarratas amháin a dhéanamh faoin scéim seo.
• Is féidir leo siúd a fuair deontais CEGS 2021 agus 2022 iarratas a dhéanamh faoin scéim seo ar chostais chaipitiúla a bhaineann le hoibreacha chun torann a laghdú ar choinníoll nach ndearnadh an t-iarratas faoi CEGS 2021/2022 i dtaobh oibreacha chun torann a laghdú.
• Déanfar iarratais a mheas san ord a gheobhaidh an Roinn iad ó thaobh dáta agus ama de.
• Ní mór d’iarratasóirí aon oibreacha a chur i gcrích i gcomhréir leis an treoir theicniúil a thugtar i gCuid E de na Rialacháin Foirgníochta, 2014 ar chóir iad sin a léamh in éineacht leis na Rialacháin Foirgníochta, 1997-2014. Ba chóir d’iarratasóirí teagmháil a dhéanamh le hoifig pleanála an údaráis áitiúil le tuilleadh comhairle agus eolais a fháil.
• Ba cheart d’iarratasóirí eolas a chur ar na cáipéisí treorach seo:
Tábhachtach: Féadfaidh an Roinn spotseiceálacha a dhéanamh leis an údarás áitiúil cuí lena chinntiú nach bhfuil aon úsáid/forfheidhmiú neamhúdaraithe ar bun, lena n-áirítear aon choinníollacha pleanála ábhartha a bhaineann leis an ionad agus lena sheiceáil gur tugadh faoin obair i gcomhréir leis na treoirlínte seo.
Chuir Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an Tascfhórsa Geilleagair Oíche ar bun ar an 30 Iúil 2020 mar cheann de na bearta tosaíochta atá ag an Roinn a bhí ag teacht le gealltanas i gClár an Rialtais.
I dTuarascáil an Tascfhórsa Geilleagair Oíche, a foilsíodh ar an 15 Meán Fómhair 2021, tá 36 moladh praiticiúil a bhaineann leis na réimsí seo: rialáil, ceadúnú, pleanáil, iompar, sábháilteacht agus éagsúlacht na ngníomhaíochtaí atá ar fáil san oíche a mhéadú.
D’aithin an Tascfhórsa gur gá cur chuige tuisceanach a ghlacadh i dtaca le bainistíocht torainn, an cur chuige sin fréamhaithe i mbearta praiticiúla chun an riosca d’áiseanna cónaithe a laghdú agus, san am céanna, a fhágfaidh go mbeidh Geilleagar Oíche in ann leanúint ar aghaidh faoi bhláth. Sa chomhthéacs sin, mhol an Tascfhórsa gur chóir fuascailtí praiticiúla a fhorbairt chun torann a laghdú ar bhealaí níos éifeachtaí sa Gheilleagar Oíche, scéim deontais d’ionaid i gcomhair bearta chun torann a laghdú ina measc.
Is é is aidhm don Scéim seo:
• Tacaíocht airgeadais a thabhairt d’úinéirí ionaid le bearta réamhghníomhacha a ghlacadh chun bearta chun torann a laghdú a chur i bhfeidhm le hastaíochtaí fuaime a rialú agus a laghdú ar shlí níos fearr ag an bhfoinse;
• Cuidiú a thabhairt chun caidreamh láidir a chothú agus a fhorbairt le cónaitheoirí agus gnólachtaí eile sa cheantar;
• Cuidiú a thabhairt chun tacaíocht a chur ar fáil i taca le síneadh beartaithe ar bith le huaireanta oscailte i gcás clubanna oíche agus ionaid eile a bhíonn ag obair go mall sa gheilleagar oíche mar atá molta sa Bhille um Alcól a Dhíol, 2022, atá foilsithe;
• Sláinte agus sábháilteacht lucht éisteachta, taibheoirí agus foirne a fheabhsú;
• Tacaíocht a thabhairt i dtaobh deiseanna cultúrtha eile sa Gheilleagar Oíche.
Táthar ag glacadh le hiarratais ar mhaoiniú in dhá chéim:
Céim 1: Measúnú ar Cháilitheacht
• Iarrtar ar iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar dtús báire chun deimhniú a thabhairt go bhfuil siad incháilithe don scéim. Mar chuid de seo ba chóir na nithe seo a thabhairt: sonraí faoin ionad, dearbhú maidir leis na treoirlínte a chomhlíonadh, cóip de na cuntais bhainistíochta iniúchta is déanaí ón ionad agus litir iniúchóra/chuntasóra (féach na critéir cháilitheacha sna treoirlínte seo).
• Déanfar iarratais a phróiseáil in ord bunaithe ar an dáta agus am a gheobhaidh an Roinn iad. Diúltófar Diúltófar d’iarratais a mbeidh easpa eolais iontu ag an gcéim seo. Diúltófar
• Déanfar iarratais a mheastar a bheith incháilithe don Scéim a fhormheas i bprionsabal chun tuarascáil a choimisiúnú ar an ionad ó shainchomhairleoir fuaimeolaíochta gairmiúil cláraithe atá ina bhall corparáideach de chomhlacht gairmiúil (amhail Cumann Sainchomhairleoirí Fuaimeolaíochta Éireann (AACI), Cumann Fuaimeolaíochta na hEorpa (EAA) nó an Foras Fuaimeolaíochta (IOA sa Ríocht Aontaithe) nó a gcomhionann). Ba cheart saineolas a bheith ag sainchomhairleoirí maidir le fuaimeolaíocht foirgneamh/rialú torainn innealtóireachta/torann timpeallachta. Ní foláir don sainchomhairleoir árachas slánaíochta riosca ghairmiúil a bheith aige a bhaineann leis na hoibreacha faoi chonradh.
• Más rud é go ndéanfar an maoiniú ar fad a leithdháileadh faoin am a mbeidh iarratas próiseáilte, fanfaidh an t-iarratasóir ar liosta feithimh san ord céanna agus cuirfear ar an eolas é má chuirtear maoiniú breise ar fáil.
Céim 2: Togra le maoiniú a fháil i gcomhair Oibreacha chun Torann a Laghdú
• I gcás iarratasóirí a gheobhaidh amach gur éirigh leo i gCéim 1, beidh trí mhí acu ón dáta sin iarratas ar Chéim 2 a chur isteach.
• Caithfidh an t-iarratasóir tuarascáil an tsainchomhairleora fuaimeolaíochta a chur isteach i gCéim 2. Ba cheart moltaí teicniúla a bheith sa tuarascáil sin chun tacú leis na hoibreacha molta agus na hábhair a úsáidfear. Moltar d’iarratasóirí Plean Bainistíochta Torainn a chur isteach agus sonraí sa phlean sin faoi na dóigheanna a mbeifear in ann gnéithe d’astaíochtaí torainn a bhainistiú san ionad más rud é nach bhfuil plean ná Cód Cleachtais ar bun cheana féin san ionad. Ní bheidh ach na hoibreacha molta i dtuarascáil an tsainchomhairleora fuaimeolaíochta a bheidh ag teacht le Cuid 7 de na treoirlínte seo cáilithe le maoiniú a fháil.
• Ba cheart sonraí maidir leis na nithe seo a bheith i dTuarascáil an Fhuaimeolaí:
a) Measúnú Riosca ar Thorann agus sonraí ann maidir le foinsí astaíochtaí torainn ón ionad agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an torann sin ar chónaitheoirí/gnólachtaí thart ar an ionad.
b) Oibreacha molta chun astaíochtaí torainn a laghdú agus aon sonraíochtaí molta ó thaobh ábhair de.
c) Léiriú ar an dóchúlacht go n-éireoidh leis na hiarrachtaí chun astaíochtaí torainn a laghdú má thugtar faoi na hoibreacha molta.
• Cé gur chóir gach iarracht a dhéanamh na moltaí i dtuarascáil an tSainchomhairleora Fuaimeolaíochta a chur i bhfeidhm, ní gá na hoibreacha ar fad a mholtar sa tuarascáil a chur i gcrích. Má tharlaíonn nach gcuirfear ach cuid de na moltaí i bhfeidhm, ba chóir tús áite a thabhairt dóibh siúd a mbeidh an tionchar is mó acu ar thorann a laghdú.
• Ba chóir d’iarratasóirí a gheobhaidh cúnamh deontais cloí leis na treoirlínte um sholáthar poiblí. Féach https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/c23f5-public-procurement-guidelines-for-goods-and-services/
• Is gá luacháil ghairmiúil nó meastachán réamhthairisceana ar a laghad a uaslódáil ar an bhfoirm iarratais ar líne i dtaca le gach gné den tionscadal (ábhair san áireamh). Is féidir doiciméad amháin nó níos mó ná sin a úsáid, ach is gá gach ní a bhfuil iarratas a dhéanamh ina leith a chur san áireamh: Tá na cineálacha doiciméad seo a leanas inghlactha mar mheastacháin:
1. Meastachán ullmhaithe ag innealtóir fuaimeolaíochta, suirbhéir cainníochta nó ailtire, gan bheith teoranta dóibh.
2. Meastachán ó chonraitheoir/soláthraí
3. Eolas as catalóg/suíomh gréasáin (go díreach i gcás trealaimh).
Más rud é nach dtabharfar meastacháin maidir le haon ghné den obair, ní dhéanfar ach na codanna eile den tionscadal a mheas.
• Maidir leis an gconraitheoir a fhostófar leis na hoibreacha a dhéanamh, ní foláir dó a bheith cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim agus Deimhniú Imréitigh Cánach bailí a bheith aige, maille le clúdach gairmiúil slánaíochta ar luach na n-oibreacha a bheidh ar bun.
• Má shocraíonn iarratasóirí nach mian leo leanúint ar aghaidh leis na hoibreacha tar éis tuarascáil an tsainchomhairleora fuaimeolaíochta a fháil, is féidir leo cinneadh a dhéanamh le maoiniú a tharraingt anuas chun 70% den chostas as an tuarascáil a choimisiúnú a chlúdach.
• I gcás na n-iarratasóirí siúd a dhéanfaidh cinneadh leanúint ar aghaidh leis na hoibreacha chun torann a laghdú, an tacaíocht a chuirfear ar fáil ná íocaíocht deontais suas le luach 70% de na hoibreacha cáilithe chun laghdú torainn a bhaint amach, suas le €70,000 ar a mhéad (níl an costas as tuarascáil an tsainchomhairleora fuaimeolaíochta mar chuid den fhigiúr sin). Beidh orthu siúd a gheobhaidh deontas an 30% eile de na costais a mhaoiniú iad féin. ** Tábhachtach: * *déanfar gach íocaíocht deontais bunaithe ar shonraisc íoctha a chuirfear isteach (dliteanais aibithe).
• I gcás iarratasóirí a ndéanfar a n-iarratas a fhormheas i gCéim 2, cuirfear ar an eolas iad maidir le méid an deontais sa tairiscint agus beidh siad in ann leanúint ar aghaidh leis na hoibreacha. Déanfar uasmhéideanna deontais a thairgfear do gach iarratasóir a n-éireoidh leis a fhormheas i bprionsabal bunaithe ar na hoibreacha molta ar an bhfoirm iarratais.
Sa scéim seo dírítear ar ionaid dhéanacha, mar chlubanna oíche, beáir dhéanacha agus ionaid dhéanacha a bhfuil gá acu le bearta maolaithe torainn chun torann a thagann ó shiamsaíocht dhéanach a bhaineann leis an áitreabh a laghdú. Tá ceol de gach seánra, damhsa agus taibhiú beo i gceist leis seo in ionaid a bhíonn oscailte go dtí go mall.
Féadfaidh gnólachtaí iarratas a dhéanamh (trádálaithe aonair, comhpháirtíochtaí nó eintitis chorpraithe) más rud é go bhfuil siad ag feidhmiú ó áitreabh nach áit chónaithe atá ann agus a mbíonn lucht féachana/éisteachta nó an pobal i gcoitinne istigh ann go minic. Is gá Deimhniú Iniúchóra/Litir sínithe ag Cuntasóir a úsáid leis seo a dheimhniú. Is gá sonraí maidir leis na nithe seo a leanas a bheith sa Deimhniú Iniúchóra/Litir sínithe ag Cuntasóir;
a) Deimhniú ar an Láimhdeachas ábhartha ar leith ó CBL. Ní dhéanfar ach láimhdeachas a bhaineann le siamsaíocht bheo in earnáil an gheilleagair oíche a mheas, cé go mb’fhéidir go mbeadh láimhdeachas sa ghnólacht a bhaineann le hearnálacha eile.
b) Deimhniú go bhfuil an chuideachta á feidhmiú ó áitreabh ainmnithe nach áit chónaithe é agus a mbíonn lucht féachana, ranganna nó an pobal i gcoitinne ann go minic.
c) Deimhniú go bhfuil an gnólacht tar éis cloí lena oibleagáidí i dtaca le clárú cánach, íocaíochtaí cánach agus tuairisceáin chánach a thíolacadh.
d) Deimhniú nach raibh an t-iarratasóir mar pháirt de ghnóthas atá i gcruachás (is é sin nach bhfuil an t-iarratasóir tar éis dul isteach in imeachtaí dócmhainneachta) ar an 31 Nollaig 2022 nó roimhe sin.
e) Deimhniú nach bhfuil aon mhaoiniú poiblí á fháil ag an iarratasóir chun íoc as na costais chaipitiúla lena mbaineann an t-iarratas seo faoin scéim seo.
f) Deimhniú nach bhfuil an t-iarratasóir tar éis Státchabhair a fháil ar leibhéal níos airde ná teorainneacha de minimis, luach an deontais san iarratas seo san áireamh.
• Ní foláir don ghnólacht a bheith lonnaithe sa Stát.
• Caithfidh na brabúis ón trádáil nó gníomhaíochtaí trádála an ghnólachta a bheith inchánach faoi Chás I nó II de Sceideal D.
• Ní mór do ghnólachtaí Deimhniú Ríomh-Imréitigh Cánach reatha a bheith acu ó na Coimisinéirí Ioncaim tráth a ndéanfar an t-iarratas a fhormheas faoi chomhair maoinithe agus tráth a ndéanfar an maoiniú a tharraingt anuas.
• Ní foláir láimhdeachas de €35,000 nó os a chionn a bheith ag an ngnólacht gan CBL a áireamh a bhaineann le siamsaíocht sa gheilleagar oíche. Ní foláir don iarratasóir ceann amháin ar a laghad de na doiciméid seo a leanas a chur isteach chun tacú leis na critéir seo:
Ráitis Airgeadais atá ar fáil | Dáta dheireadh na bliana airgeadais: 31 Nollaig | Dáta dheireadh na bliana airgeadais: 1 Meitheamh |
Na Ráitis Airgeadais is deireanaí (iniúchta nó neamhiniúchta), iad ceadaithe ag bord na cuideachta agus sínithe ag beirt (2) stiúrthóirí: Brabús 12 mhí go dtí an 31/12/2021 | 12 mhí go dtí an 31/12/2021 | 12 mhí go dtí an 30/06/2022 |
Dréachtráitis airgeadais atá le bheith formheasta ag an mBord agus sínithe ag beirt (2) stiúrthóirí: Brabús / Caillteanas agus Clár Comhardaithe | 12 mhí go dtí an 31/12/2022 | Níl sé seo ag teastáil |
Na Cuntais Bhainistíochta is deireanaí ina gclúdaítear in | 01/01/23 go 30/06/23 (6 mhí) | 01/07/22 go 31/03/23 (10 mí) |
Na Cuntais Bhainistíochta is deireanaí ina gclúdaítear in tréimhse ón Ráiteas Airgeadais go dtí an 31 Márta 2023 ar a laghad i.e. nach bhfuil níos mó ná 3 mhí d’aois ó spriocdháta an iarratais: Brabús / Caillteanas agus Clár Comhardaithe |
Nóta ar thréimhsí cuntasaíochta
Maidir le gnólachtaí bunaithe a bhfuil tréimhse chuntasaíochta nó bonntréimhse dar críoch an 31 Nollaig, beidh an láimhdeachas ábhartha bunaithe ar na cuntais go dtí an dáta sin. I gcás gnólachtaí aitheanta a bhfuil tréimhse chuntasaíochta nó bonntréimhse acu nach críochnaíonn ar an 31 Nollaig 2022 (nó gnólacht a bhfuil tréimhse chuntasaíochta nó bonntréimhse aige a chríochnaíonn ar an dáta sin ach tá níos lú ná 12 mhí ar fad), is féidir láimhdeachas ábhartha an ghnólachta a mheas go ginearálta ar bhonn pro rata bunaithe ar láimhdeachas an ghnólachta in dhá shraith cuntas a leithroinnt ina gcuimsítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022.
Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh?
Ní bheidh na cineálacha seo a leanas gnólachtaí incháilithe:
• Gnólachtaí nach bhfuil ag feidhmiú as áitreabh atá ar oscailt don phobal.
• Áiteanna cónaithe príobháideacha.
• Gnólachtaí nach bhfuil lonnaithe sa Stát.
• Gnó nach bhfuil ag obair go hiondúil mar chuid de gheilleagar na hoíche.
• Gnólachtaí a bhfuil láimhdeachas €35,000 nó níos lú acu gan CBL a áireamh a bhaineann le siamsaíocht sa gheilleagar oíche.
• Gnólachtaí miondíola, mar shampla siopaí ealaíon agus ceardaíochta, etc.
• Casaíní nó hallaí biongó.
• Coláistí tríú leibhéal, Boird Oideachais agus Oiliúna agus scoileanna.
• Gnólachtaí a fhaigheann maoiniú poiblí eile faoi chomhair na gcostas caipitiúil lena mbaineann an t-iarratas.
• Gnólachtaí a fuair maoiniú cheana féin faoin Scéim Tacaíochta Caipitil Siamsaíochta Tráchtála 2021 agus/nó 2022 as bearta laghdaithe torainn a chur isteach.
• Gnólachtaí a fhaigheann (nó a gheobhadh) Státchabhair de minimis atá os cionn €200,000 in aon tréimhse fhioscach trí bliana.
• Deontaithe reatha scéimeanna atá á reáchtáil ag an Roinn nach bhfuil ag cloí le Comhaontuithe Seirbhíse eisithe ná leis na nósanna imeachta maidir leis an tarraingt anuas.
Beidh an scéim ag feidhmiú agus ciste teoranta €2 mhilliún ar fáil. Ós rud é go meastar go mbeidh líon ard iarratas ann, tá seans ann nach mbeifear in ann maoiniú a thabhairt do gach iarratasóir incháilithe. Déanfaidh an Roinn iarratais a mheas san ord a gheofar iad ó thaobh dáta agus ama de.
Faoin scéim seo, déanfar 70% den chostas as oibreacha molta a mhaoiniú suas le €70k ar a mhéad i gcás iarratasóirí formheasta nuair a bheidh sonraisc agus fianaise ar íocaíocht trí ríomhaistriú airgid as na hoibreacha curtha faoi bhráid na Roinne as 100% de na costais cháilithe gan CBL a áireamh.
Tabhair do d’aire: Níl réamh-mhaoiniú ar fáil don Scéim seo. Déanfar íocaíochtaí deontais bunaithe ar shonraisc íoctha a chuirfear isteach (dliteanais aibithe).
I gcás nach mbíonn iarratasóir i dteideal CBL a éileamh ar ais as an tionscadal, beifear in ann é seo a fhorchúiteamh.
Má tharlaíonn nach mbíonn méid iomlán an mhaoinithe a leithdháilfear ag teastáil ar dheonaithe a thuilleadh, caithfidh siad foireann an NMGS a chur ar an eolas faoi a luaithe agus is féidir.
Tá íocaíochtaí faoin scéim inchánach agus d’fhéadfadh dliteanas cánach teacht chun cinn nuair a chuirfeadh an gnólacht a thuairisceáin bhliantúla chánach isteach.
Tá siad seo a leanas cáilithe chun maoiniú a fháil, ach gan bheith teoranta dóibh:
• Bearta chun torann a laghdú in áitreabh le sábháilteacht agus compord a fheabhsú i gcás custaiméirí, baill foirne agus daoine eile sa cheantar. D’fhéadfadh na bearta seo a bheith ann, ach gan bheith teoranta dóibh:
o Córais chun torann a chosc a shuiteáil/a athsholáthar
o Séalaí fuinneoige agus dorais a fheabhsú/a athsholáthar
o Cineálacha formheasta doirse agus fuinneog fuaime a chur isteach seachas na doirse agus fuinneoga atá ann faoi láthair
o Insliú fuaime i mballaí, síleálacha agus urláir
o DSPanna agus/nó córais callairí a athsholáthar le go mbeifear in ann callairí a rialú ar shlí níos fearr
o Ionsúirí fuaime a thógáil
• Áiseanna/struchtúir a chur isteach chun cuidiú a thabhairt i gcás bainistiú sluaite nó maoirsiú daoine a fhágfaidh go mbeidh torann níos lú ann lasmuigh den áitreabh (i.e. i scuainí).
• Struchtúir a shuiteáil atá deartha le torann a laghdú in áiteanna taobh amuigh i gcúirtealáiste an áitribh (e.g. bacainní torainn chun an torann ó gharraithe beorach a laghdú)
• An táille as tuarascáil a choimisiúnú ó shainchomhairleoir fuaimeolaíochta a dhéanann na critéir thuas maidir le ballraíocht ghairmiúil a shásamh.
Is féidir caiteachas caipitiúil cáilithe a éileamh ón 18 Iúil 2023 agus clúdóidh sé sin tionscadail chaipitil cháilithe ar gá iad a chur i gcrích faoin 15 Samhain 2024.
Níl siad seo a leanas cáilithe chun maoiniú a fháil, ach gan bheith teoranta dóibh:
Amchlár na scéime
Beifear ag glacadh le hiarratais faoin Scéim ó 16.00 ar an 18 Iúil 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 nó go dtí go mbeidh an ciste ídithe, cibé acu is túisce a tharlóidh.
Ba chóir a thabhairt do d’aire go bhfuil seans ann nach mbeifear in ann maoiniú a thabhairt do gach iarratasóir incháilithe. Déanfar iarratais a mheas in ord bunaithe go docht ar an dáta agus am a gheobhaidh an Roinn iad.
Aitheantas as an maoiniú
Beidh oibleagáid ar ghnólachtaí aitheantas a thabhairt do chúnamh na Roinne sna Ráitis Bhliantúla Airgeadais sa bhliain ina n-íocfar an deontas.
Coinníollacha an mhaoinithe
Tá an maoiniú faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. Mura gcomhlíontar na coinníollacha ar fad, tá seans ann go mbeidh sé sin mar chúis le cuid den deontas - nó an deontas go léir - a dhiúltú, a tharraingt siar nó a choinneáil siar.
• Caithfidh an t-iarratasóir togra soiléir a chur isteach agus míniú a thabhairt ar na cúiseanna a bhfuil an deontas de dhíth orthu, an méid sin bainteach leis na hoibreacha laghdaithe torainn atá beartaithe.
• Maidir leis an gconraitheoir a fhostófar leis na hoibreacha a dhéanamh, ní foláir dó a bheith cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim agus Deimhniú Imréitigh Cánach bailí a bheith aige, maille le clúdach gairmiúil slánaíochta ar luach na n-oibreacha a bheidh ar bun.
• I gcás iarratasóirí a bhfuil an t-ionad tógtha ar léas acu, ní foláir dóibh siúd cead (scríofa) a bheith acu ón úinéir an ionaid leis na hoibreacha a dhéanamh agus téarma ar a laghad dhá bhliain fágtha acu i gcomhaontú an léasa.
• Ní foláir d’iarratasóirí fianaise agus doiciméid chun tacú leis an mbonn le héileamh a dhéanamh faoin scéim seo a choinneáil agus iad a chur faoi bhráid an Aonaid Geilleagair Oíche sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis an maoiniú a tharraingt anuas. Ní foláir don iarratasóir gach sonrasc agus admháil a choinneáil agus a chur isteach i gcás na gcostas cáilithe ar fad, an taifead ón ríomhaistriú ina measc.
• Agus formheas faighte acu don scéim, caithfidh deontaithe an maoiniú a tharraingt anuas faoi dheireadh mhí na Samhna 2024.
• Ní dhéanfar ach na hoibreacha atá molta ag an sainchomhairleoir fuaimeolaíochta, curtha chun cinn ag an iarratasóir agus formheasta ag an Roinn a fhormheas chun maoiniú a fháil. Ní dhéanfar aon oibreacha breise/eile ina dhiaidh seo a mheas.
Tabhair do d’aire: Forchoimeádann an Roinn an ceart chun tuilleadh eolais a iarraidh ort leis an iarratas a mheas más gá. Féadfaidh an Roinn socrú a dhéanamh chun spotseiceálacha a dhéanamh ar ionaid chun measúnú a dhéanamh le fáil amach an ndearnadh an obair i gcomhréir leis na treoirlínte seo.
Gnása Formheasa
Déanfar na hiarratais ar fad faoin scéim seo a gheobhaidh an Roinn a sheiceáil ar dtús chun deimhniú a fháil i dtaobh iad a bheith cáilithe.
Ní dhéanfar ach iarratais iomlán comhlánaithe a mheas. Diúltófar don éileamh ar an deontas i gcás foirmeacha easnamhacha nó foirmeacha ar iarraidh.
Déanfar iarratais a mheas san ord a gheobhaidh an Roinn iad ó thaobh dáta agus ama de.
Caithfidh iarratais coinníollacha an mhaoinithe a shásamh.
An aidhm atá leis an eolas sa doiciméad seo ná iarratasóirí a chur ar an eolas faoin bpróiseas a úsáidfear chun iarratais ar chabhair a mheas agus a fhormheas. Ní míniú dlíthiúil atá ann.
Séanadh
Ní bheidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi dhliteanas don iarratasóir nó d’aon pháirtí eile as aon chaillteanas, damáiste ná costas de chineál ar bith a eascróidh go díreach nó go hindíreach as an iarratas nó ábhar an iarratais nó as an Roinn diúltú don iarratas ar chúis ar bith.
Ní bheidh an Roinn, seirbhísigh ná gníomhairí na Roinne in aon am ná in aon chúinsí freagrach ná faoi dhliteanas as aon ní a bhaineann le tionscadail faoi leith a fhorbairt, a phleanáil, a mhaoiniú, a thógáil, a fheidhmiú, a bhainistiú agus/nó a riar ná as aon ní a bhaineann le híocaíocht i bpáirt ón Roinn i gcás sonraisc a chuirfidh deontaithe isteach.
Ní ghlacann an Roinn le haon dliteanas ná freagracht, bíodh sé sin mar gheall ar aon sárú conartha, faillí nó aon ní eile, i dtaca le haon éileamh nó cúis chaingne a d’eascródh mar gheall ar aon trealamh, ábhar, obair, córas nó suiteáil ar thug an Roinn formheas deontais ina leith. Más gá do chonraitheoir a bheith cláraithe le comhlacht gairmiúil, ní thugann sé sin le fios go dtugann an Roinn aon bharántas ná faomhadh i leith an chonraitheora sin.
Tabhair do d’aire: Is iad na hiarratasóirí atá freagrach as a dheimhniú go gcloífear le rialacháin sláinte agus sábháilteachta le linn aon oibreacha a dhéanfar agus ina dhiaidh sin. Níor cheart go gcuirfeadh oibreacha a dhéanfaí isteach ar rialacháin maidir le pleanáil ná sábháilteacht dóiteáin, agus ba chóir iad a chur i gcrích i gcomhréir le Cuid E de na Rialacháin Foirgníochta, 2014, ar chóir iad a léamh in éineacht leis na Rialacháin Foirgníochta, 1997-2014. Ní mór d’ionaid a bheith i gcomhréir le haon choinníollacha pleanála atá curtha i bhfeidhm. Ní féidir dliteanas a chur ar an Roinn as torthaí aon idirghabhálacha a dhéanfaidh an t-iarratasóir, lena n-áirítear leibhéal an laghdaithe ar an truailliú torainn, agus/nó as an eagraí gan aon chomhairle ná treoir a thug an saineolaí ar an ábhar a chur i bhfeidhm ná as gan cloí le haon choinníollacha pleanála. Ní bheidh aon fhreagracht ná baint ag an Roinn le haon díospóidí maidir le torann a thiocfaidh chun cinn roimh don iarratasóir na bearta laghdaithe torainn a dhéanamh, lena linn nó tar a éis. Má fhaightear deontas faoin Scéim seo, ní thugann sé sin dearbhú ar chosaint ar ghearáin maidir le torann ná in imeachtaí Cúirte. Féadfaidh comhlachtaí eisiúna faoi seach na gcaighdeán a luaitear sa treoir seo athbhreithniú agus/nó nuashonrú a dhéanamh ar na caighdeáin ó am go chéile. Is ar an iarratasóir atá an fhreagracht as a chinntiú go bhfuil na caighdeáin agus an treoir is déanaí á gcomhlíonadh agus á gcur i bhfeidhm.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, is féidir sonraí atá in iarratais agus i gcáipéisí tacaíochta a chur ar fáil do thríú páirtithe má iarrtar iad. Má bhíonn aon fhaisnéis san iarratas agaibh atá íogair nó rúnda, ba chóir a chur in iúl cé an fhaisnéis sin agus an chúis nár cheart í a nochtadh. Má fhaightear iarratas ar fhaisnéis íogair a nochtadh de réir na reachtaíochta, rachfar i gcomhairle libh sula ndéanfar cinneadh ar cheart an fhaisnéis a nochtadh nó nár cheart. Mar sin féin, sa chás nach mbíonn aon fhaisnéis ar leith á sonrú mar fhaisnéis íogair, féadfar í a nochtadh gan dul i gcomhairle libh.
Faireachán
Ceanglófar ar dheontaithe cloí leis an gcaighdeán is airde trédhearcachta agus cuntasachta dá bhfuil ann mar a thugtar i gCiorclán 13/2014 na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe - Bainistíocht agus Cuntasacht i gcás Deontais ón Státchiste.
Measúnú
Agus an tionscadal curtha i gcrích, beidh ort Tuarascáil Mheastóireachta a chur i gcrích maidir le bheith páirteach sa scéim seo, meastóireacht ar thionchar an deontais ar chúrsaí gnó san áireamh.
Cosaint sonraí
Féach an t-eolas ar an nasc seo maidir le cosaint sonraí agus an Roinn:https://www.gov.ie/ga/eolas-eagraiochtai/2e702-polasai-um-chosaint-sonrai/
Aitheantas as Maoiniú
Beidh oibleagáid ar dheontaithe aitheantas a thabhairt do chúnamh na Roinne sna Ráitis Bhliantúla Airgeadais gach bliain ina n-íocfar an deontas.
Foilsiú sonraí
Tá seans go ndéanfar deontaithe a n-éireoidh leo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne (ar na sonraí sin bheadh ainmneacha, contae a bhfuil an tairbhí ann agus méid an deontais).
• Bíodh na Treoirlínte seo léite agat roimh duit tús a chur leis an iarratas.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar fhoirm iarratais ar líne anseo.
• Cliceáil ar an gcnaipe “Iarratas Nua” agus líon an fhoirm. Agus an t-iarratas á chur isteach, beidh an t-iarratasóir ag deimhniú go gcomhlíonann an t-iarratas na critéir i dTreoirlínte na Scéime.
• Ba chóir d’iarratasóirí a dheimhniú go bhfuil an fhoirm iarratais iomlán comhlánaithe agus go gcuirtear doiciméid bhreise isteach leis an iarratas. Beidh ar an iarratasóir deimhniú a thabhairt i gcás míreanna ar sheicliosta san fhoirm iarratais sula gcuirfear an t-iarratas isteach, lena n-áirítear deimhniú go bhfuil an t-iarratas ag teacht leis na critéir atá sna Treoirlínte don scéim.
• Cuirfear ríomhphost deimhnithe chugat agus sonraí i dtaobh an iarratais ann mar aon leis an uimhir thagartha. Iarrtar ort teagmháil a dhéanamh leis an Roinn ar NMGS@tcagsm.gov.ie mura bhfaigheann tú ríomhphost deimhnithe.
• Féadfaidh iarratasóirí dréacht dá n-iarratas a shábháil sula gcuirfidh siad a bhfoirm iarratais deiridh isteach. Ní dhéanfar dréachtaí a mheas. An t-iarratasóir atá freagrach as a dheimhniú go bhfuil an t-iarratas curtha isteach.
• Má chuirtear faisnéis bhréagach nó faisnéis mhíthreorach faoi bhráid na Roinne, caitear go han-dian le cásanna den sórt sin. Aon ghnólacht nach gcloíonn leis na téarmaí agus coinníollacha i ‘Scéim Deontais an Gheilleagair Oíche chun Torann a Laghdú 2023’, d’fhéadfaí deireadh a chur leis an deontas nó b’fhéidir go mbeadh ar an gnólacht an deontas ar fad, nó cuid de, a íoc ar ais agus/nó cosc a bheith ar an ngnólacht ó thaobh iarratais a dhéanamh go ceann tréimhse.
• Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an bpróiseas iarratais, seol ríomhphost ina leith chuig NMGS@tcagsm.gov.ie
Féadfaidh iarratasóir achomharc a dhéanamh má mheasann an t-iarratasóir sin nár cloíodh leis an bpróiseas atá ann i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas.
Ní mór ríomhphost maidir le cinneadh a bheith faighte ag an iarratasóir ó Aonad na Scéimeanna Cultúrtha le hachomharc a dhéanamh. Caithfear achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta ar ríomhphost an chinnidh. Ní ghlacfar le hachomhairc a chuirfear isteach tar éis an dáta seo.
Féach an t-eolas breise mar leis an bpróiseas um achomharc.
Scéim Deontais Laghdaithe Torainn 2023 don Gheilleagar Oíche (SDLT 2023) – Próiseas Achomhairc anseo.
Scéim Deontais Laghdaithe Torainn 2023 don Gheilleagar Oíche (SDLT 2023) – Freagraí ar bhur gCeisteanna
Cuir ceisteanna a bhaineann le SDLT 2023 chuig NMGS@tcagsm.gov.ie
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (R/TCEGSM) atá mar údarás bronnta deontais don Scéim. Tá deimhniú tugtha ag an Roinn go léireofar meas ar na hoibleagáidí um monatóireacht agus tuairisciú a bhaineann le Státchabhair.
Tá an chabhair atá á lorg á cur ar fáil faoi Rialachán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le cabhair de minimis. Maidir le suimeanna beaga Státchabhrach, suas le €200,000 in aon tréimhse 3 bliana le haon fhiontar beag amháin, meastar iad a bheith róbheag le tionchar suntasach a imirt ar thrádáil nó iomaíocht sa chómhargadh. Meastar go bhfuil suimeanna mar sin lasmuigh de chatagóir na Státchabhrach atá coiscthe ag Conradh an CE agus d’fhéadfaí é a bhronnadh gan an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas faoi agus gan imréiteach a fháil ón gCoimisiún ina leith. Ceanglaítear ar Bhallstát sásra a bheith ann chun cúnamh den sórt sin a rianú (‘cabhair de minimis’) agus lena chinntiú go bhfuil comhiomlán na n-íocaíochtaí faoi chabhair de minimis ó gach foinse le fiontar amháin in aon tréimhse fhioscach trí bliana ag cloí leis an uasteorainn €200,000.
Iarrfar ar iarratasóirí sonraí a thabhairt i dtaca leis an gcabhair de minimis ar fad eile atá bronnta ar a ngnólacht le trí bliana fhioscacha anuas. Má dhéanann cuideachta dearbhú bréagach a fhágfaidh go ndéanfar an teorainn de €200,000 a shárú, tharlódh go ndéanfaí an chabhair a ghabháil ar ais agus ús san áireamh.
Cabhair de minimis atá sa mhaoiniú ar fad faoi NMGS. Iarrfar ar iarratasóirí aitheantas a thabhairt go bhfuil NMGS 2023 á thairiscint mar chuid de Chabhair de minimis. Leis sin a dhéanamh, beidh orthu a dhearbhú gur mian leo iarratas a dhéanamh ar NMGS faoi Rialachán De Minimis (CE) 1407/2013 ón 18 Nollaig 2013.