Reifrinn - An bhfuil tú ar Chlár na dToghthóirí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is féidir leat seiceáil ar líne ag www.checktheregister.ie nó ag d’oifigí Cathrach, Contae, nó Chomhairle Cathrach agus Contae.
Mura bhfuil, tá am ann iarratas a dhéanamh le bheith ar an gClár chun vótáil ag na reifrinn.
Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte ag an Údarás Áitiúil don cheantar ina bhfuil tú i do chónaí faoin Máirt 20 Feabhra 2024 .
Vótálaithe Poist agus Speisialta: Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte ag an Údarás Áitiúil (Údarás Clárúcháin) don cheantar ina bhfuil tú i do chónaí faoin Luan 12 Feabhra 2024 .
Chun vótáil sna reifrinn ní mór duit a bheith:
Mura bhfuil d’ainm ar Chlár na dToghthóirí , nó más gá duit do shonraí a nuashonrú, is féidir leat iarratas ar líne a chur isteach ag www.checktheregister.ie .
Is féidir leat foirm iarratais a chur isteach freisin chun d’ainm a chur san áireamh ar Chlár na dToghthóirí chuig d’Údarás Áitiúil (Údarás Clárúcháin). Tá foirmeacha iarratais ábhartha ar fáil ó do Chomhairle Cathrach, Contae, nó do Chomhairle Cathrach agus Contae nó www.checktheregister.ie .
Vótálaithe Poist agus Speisialta: Má tá tú i dteideal vótáil tríd an bpost, nó mura bhfuil tú in ann vótáil go pearsanta mar gheall ar bhreoiteacht nó míchumas agus i do chónaí in ospidéal, i dteach altranais nó in institiúid dá samhail, agus mura bhfuil tú ar Liosta na Vótálaithe Poist nó ar an Liosta Vótálaithe Speisialta, is féidir leat iarratas a chur isteach ar na liostaí sin.
An Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach), 2023 agus An Bille um an Daicheadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram), 2023
Dáta: Dé hAoine 8 Márta 2024 .
Stáisiúin Vótaíochta Oscailte: 7:00 a.m. – 10:00 p.m.