Cuir chuige náisiúnta i leith gairmeacha sláinte agus cúraim shóisialta a rialáil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Choimisiúnaigh an Roinn Sláinte an Bord Taighde Sláinte in 2020 chun tabhairt faoi thaighde ar ghairmithe sláinte agus cúraim shóisialta go hidirnáisiúnta chun cabhrú le heolas a sholáthar do chinntí beartais amach anseo faoi ghairmithe sláinte agus cúraim shóisialta sa Stát. Fuair an Roinn tuarascáil an Bhoird Taighde Sláinte, “Cuir chuige náisiúnta i leith gairmeacha sláinte agus cúraim shóisialta a rialáil” i Meitheamh na bliana seo.
Scrúdaítear sa tuarascáil seo na cuir chuige i leith rialála sa Ríocht Aontaithe, an Nua-Shéalainn, an Astráil, an Ísiltír agus, na cuir chuige a ghlactar san Fhionlainn, sa tSualainn agus sa Danmhairg, ach ní an oiread céanna. Dírítear sa tuarascáil ar an réasúnaíocht a úsáideann na tíortha seo nuair a roghnaíonn siad gairm shláinte agus chúraim shóisialta a rialáil agus tugtar chun solais ann na hathruithe a tharla ina gcuir chuige rialála le blianta beaga anuas.