Tacú le hOideachas do Leanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is féidir leat tacú le hoideachas do leanaí ar bhealaí praiticiúla agus spraíúla. Tá eolas agus acmhainní tacaíochta le fáil sa chuid seo a chabhróidh leat níos mó a fhoghlaim faoi agus foghlaim do linbh a spreagadh sa bhaile agus sa scoil.
Tá eolas agus acmhainní chun tacú le leanaí faoi 6 bhliain d’aois lena gcuid mothúchán agus chun foghlaim agus súgradh a spreagadh sa bhaile le fáil ag First5.gov.ie.
Is clár réamhscoile uilíoch dhá bhliain é ECCE ar féidir le gach leanbh laistigh den aoisraon incháilithe tairbhe a bhaint as. Tá an clár á sholáthar le haghaidh trí huair an chloig sa lá, cúig lá sa tseachtain thar 38 seachtain i rith na bliana (Meán Fómhair - Meitheamh).
Is samhail tacaíochtaí é AIM atá deartha d’fhonn a chinntiú gur féidir le leanaí faoi mhíchumas an clár ECCE a rochtain. Is samhail leanbhláraithe é AIM, a sholáthraíonn leibhéil de thacaíocht fhorchéimnitheach bunaithe ar riachtanais an linbh agus an tsuímh réamhscoile. Tá tuilleadh eolais le fáil ag aim.gov.ie.
Mar thuismitheoir, tá ról lárnach agat in oideachas do linbh. Tá roinnt acmhainní forbartha ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta chun cabhrú leat tacú leis an méid atá á fhoghlaim ag do leanbh sa bhunscoil.
Áirítear sa tsraith shóisearach nua ábhair nuafhorbartha agus gearrchúrsaí, béim ar phríomhscileanna agus cuir chuige nua maidir le measúnú agus tuairisciú. Tá tuilleadh eolais le fáil ag ncca.ie/en/sraithshóisearach.
Tá an tsraith shinsearach á forbairt faoi láthair, an tsraith atá dírithe ar an tréimhse oideachais i ndiaidh na sraithe sinsearaí agus an tsraith atá dírithe ar dhaltaí atá idir 15 agus 18 mbliana d’aois go ginearálta. Tá tuilleadh eolais ag ncca.ie/ga/sraith-shóisearach.
Tá NCCA ag athrú an bealach a gcuirtear curaclaim i láthair leanaí agus daoine óga. Tá tuilleadh eolais le fáil ag curriculumonline.ie.
An bhfuil tú ag iarraidh cabhrú le do leanbh a bheith ag foghlaim? Tá neart smaointe le fáil ag helpmykidlearn.ie chun cabhrú le do leanbh a bheith ag foghlaim gach lá.
Is clár náisiúnta é An Ceart chun Léitheoireachta a bhfuil sé mar aidhm leis tacú le litearthacht agus forbairt léitheoireachta daoine de gach aois agus ó gach cúlra. Áirítear sa chlár acmhainní chun tacú le cumas léitheoireachta do linbh lena n-áirítear an tionscnamh am teaghlaigh ag do leabharlann agus Féile Bhliantúil Leabhar na Leanaí.
Oibríonn Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS) le scoileanna agus le leanaí chun na torthaí oideachais is fearr a chinntiú dá leanaí. Tá tuilleadh eolais le fáil ag TESS.
Oibríonn síceolaithe na Seirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) le bunscoileanna agus le scoileanna iar-bhunoideachais agus díríonn siad ar fhoghlaim, iompar, forbairt shóisialta agus mhothúchánach. Oibríonn síceolaithe NEPS i gcomhpháirt le múinteoirí, tuismitheoirí agus leanaí chun riachtanais oideachais a shainaithint. Tairgeann siad raon seirbhísí a bhfuil sé mar aidhm leo freastal ar na riachtanais sin, tacú le daltaí aonair (trí chomhairliúchán agus measúnú), tionscadail speisialta agus taighde, mar shampla.
Tacaíonn Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (NPC) le tuismitheoirí i rith bhlianta luathóige agus bunscoile a leanaí. Tá tuilleadh eolais le fáil ag npc.ie.