Léigh gach cuid den treoir seo sula gcuireann tú tús leis an gclárú agus le leibhéal na n-ábhar a dheimhniú.
Ar don dul leis na hathruithe is gá chun gráid ríofa a chur ar fáil do dhaltaí Ardteistiméireachta agus Ardteistiméireachta Feidhmí i mbliana, tá Gráid Ríofa: Tairseach na nDaltaí bunaithe ag an Oifig Feidhmiúcháin um Ghráid Ríofa den Roinn Oideachais agus Scileanna.
Beidh an tairseach ar oscailt idir a 10 a chlog maidin Dé Máirt 26 Bealtaine agus a 12pm méan lae 29 Bealtaine. Seo na rudaí a chaithfidh daltaí a dhéanamh sa tréimhse sin:
Tá sé riachtanach na rudaí seo a dhéanamh sa tréimhse dhá lá seo ionas go mbeidh an deis agat Gráid Ríofa a fháil ionas gur féidir leat dul ar aghaidh chuig fostaíocht, cúrsa breisoideachais agus oiliúnt nó cúrsa ardoideachais.
Athosclófar an Gráid Ríofa: Tairseach na nDaltaí níos déanaí nuair a iarrfar ort a dheimhniú go roghnaíonn tú Gráid Ríofa a fháil. Beidh do ghráid ríofa ar fáil duit ar an tairseach nuair a thiocfaidh na torthaí amach agus níos déanaí más gá duit achomharc a dhéanamh. Ní gá duit a bheith buartha faoi seo anois. Níl le déanamh agat anois ach clárú agus leibhéal do chuid ábhar a dheimhniú, ach amháin más í an Ardteistiméireacht Fheidhmeach a bheidh á déanamh agat. Tar éis clárú, beimid in ann scéala a chur chugat faoi na chéad rudaí eile a bheidh le déanamh agat chun Gráid Ríofa a fháil i mbliana.
Dearadh Gráid Ríofa: Tairseach na nDaltaí le go mbeadh sé éasca a úsáid, ach tá sé tábhachtach go léifeá gach cuid den treoir seo le bheith cinnte go bhfuil gach rud riachtanach déanta agat sula dtosaíonn tú ag clárú agus ag deimhniú leibhéal na n-ábhar.
Táimid tar éis iarraidh ar scoileanna cabhrú le daltaí nach bhfuil scrúduimhir ná Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí acu toisc go mbeidh an dá cheann riachtanach chun clárú ar an tairseach. Sula nglaonn tú ar an scoil, féach an roinn Ceisteanna & Freagraí thíos. Gheobhaidh tú sonraí ann den tslí leis na huimhreacha seo a fháil ó do thaifid féin.
Mura bhfaigheann tú na freagraí atá uait sa treoir seo is féidir glaoch ar an deasc chabhrach ag 1800-111135 nó 1800-111136. De bharr srianta Covid--19, freagrófar na fóin seo ag na hamanna seo AMHÁIN: idir a 12 meán lae agus a 5 tráthnóna Dé Máirt 26 Bealtaine, agus idir a 9 ar maidin agus a 5 tráthnóna Dé Céadaoin 27 agus Déardaoin 28 Bealtaine. Is féidir ríomhphost a chur chuig lcsupport2020@education.gov.ie lasmuigh de na huaireanta sin.
1. Sula dtosaíonn tú, faigh:
2. Chun d’aitheantas a dheimhniú sa phróiseas cláraithe, úsáid na chéad 4 dhigit de d’uimhir PSP mar d’uimhir phearsanta aitheantais (PIN).
3. Gabh chuig www.gov.ie/leavingcertificate
4. Cliceáil ar an nasc Gráid Ríofa: Tairseach na nDaltaí ag barr an leathanaigh. Tabharfaidh sé seo thú chuig an leathanach fáilte de Ghráid Ríofa: Tairseach na nDaltaí.
5. Roghnaigh an cnaipe glas Cláraigh le d’Uimhir Iarrthóra agus PIN. Tabharfaidh sé seo thú chuig an leathanach Clárú Céim 1 . Seo an áit a ndeimhneoidh tú d’aitheantas.
6. Deimhnigh d’Aitheantas — ar an leathanach Clárú Céim 1, cuir do scrúduimhir isteach sa chéad bhosca. Cuir na chéad 4 dhigit as d’uimhir PSP isteach sa bhosca PIN. Cliceáil Deimhnigh Aitheantas. Tabharfaidh sé seo thú chuig an leathanach Clárú Céim 2. Seo an áit a gcruthóidh tú do Chuntas Gráid Ríofa: Tairseach na nDaltaí.
7. Cruthaigh do Chuntas — ar an leathanach Clárú Céim 2, seo na rudaí is gá duit a chur isteach agus a dheimhniú:
Ní mór duit pasfhocal a chruthú, agus é a chur isteach agus a dheimhniú. Ocht gcarachtar ar a laghad a chaithfidh a bheith sa phasfhocal; meascán de cheannlitreacha, litreacha beaga agus uimhreacha. Nuair a bheidh sé sin déanta, cliceáil an cnaipe Cruthaigh Cuntas. Seolfaidh sé sin ríomhphost chuig do sheoladh ríomhphoist agus tabharfar thú chuig an leathanach Gníomhachtaigh do Chuntas.
8. Gníomhachtaigh do Chuntas — chun an próiseas cláraithe a chríochnú, caithfidh tú cliceáil ar an nasc sa ríomhphost a cuireadh chuig do sheoladh ríomhphoist. An Roinn Oideachais agus Scileanna a chuirfidh an ríomhphost sin chugat. Murabhfeiceann tú an ríomhphost, seiceáil d’fhillteán SPAM/TURSCAIR agus JUNK/BRUSCAIR sula nglaonn tú ar an Deasc Chabhrach. Nuair a chliceálann tú ar an ríomhphost, críochnaíonn tú an próiseas cláraithe agus is deimhniú é go bhfuil do Chuntas Gráid Ríofa: Tairseach na nDaltaí cruthaithe agat. Nóta: Caithfidh tú an nasc seo a chliceáil chun do chuntas a ghníomhachtú.
9. Más dalta Ardteisteiméireachta Feidhmí thú, ná gá duit aon rud eile a dhéanamh ag an bpointe seo. Coimeád sonraí do chuntais in áit shlán (do scrúduimhir agus an pasfhocal a chruthaigh tú) ionas gur féidir leat dul isteach sa tairseach níos déanaí nuair a iarraimid ort é sin a dhéanamh.
10. Gach dalta Ardteistiméireachta eile, téigh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile chun leibhéal do chuid ábhar a dheimhniú.
1. Molaimid duit é seo a dhéanamh díreach tar éis clárú. Nuair a chliceálann tú ar an nasc Gníomhachtaigh do Chuntas sa ríomhphost a sheolamar chugat, tabharfar chuig an leathanach deiridh Cláraithe thú, ina ndeimhnítear gur éirigh leat do chuntas a chlárú. Cliceáil ar an gcnaipe Logáil isteach chun Leibhéil do Chuid Ábhar a Dheimhniú. Tabharfaidh sé sin chuig scáileán Logála isteach thú.
2. Logáil isteach i do Chuntas – cuir isteach do scrúduimhir agus an pasfhocal a chruthaigh tú le linn an phróisis chláraithe. Cliceáil an cnaipe Logála Isteach. Tabharfaidh sé chuig an Scáileán Deimhnigh Leibhéal do Chuid Ábhar thú.
3. Deimhnigh Leibhéal do Chuid Ábhar – feicfidh tú ar an leathanach seo leibhéal na n-ábhar a bhí le déanamh agat i scrúduithe na bliana seo agus a dheimhnigh tú mí Feabhra seo caite.
4. Caithfidh tú na leibhéil a dheimhniú anois ionas gur féidir leis an scoil dul ar aghaidh chun marc céatadáin measta agus ord rangaithe a chur ar fáil duit, bunaithe ar an eolas is déanaí.
5. Ba chóir duit a bheith an-chúramach agus na leibhéil á ndeimhniú agat. Má dheimhníonn tú leibhéal níos airde ná an leibhéal a bhí i gceist agat a dhéanamh, is féidir go bhfaighidh tú grád san ábhar sin a bheidh níos ísle ná an grád a raibh súil agat leis.(Mar shampla, má chláraigh tú don Ardchúrsa ar dtús, ach má tá an Gnáthchúrsa á dhéanamh agat ar scoil, ba chóir duit an Gnáthchúrsa a dheimhniú, in ionad an Ardchúrsa).
6. Is féidir an leibhéal taobh le gach ábhar a athrú go leibhéal níos ísle leis an roghchlár anuas.
7. Ní féidir athrú go dtí leibhéal níos airde sa chóras seo. Sa chás neamhdhóchúil gur cláraíodh thú i dtús báire do chúrsa níos ísle ná an cúrsa atá á dhéanamh agat, seol ríomhphost chuig lcsupport2020@education.gov.ie . NÓTA: beidh cruthúnas uainn ó do scoil go ndearnadh earráid sa chéad iontráil sular féidir linn é a athrú go leibhéal níos airde.
8. Fiú mura bhfuil aon athrú á dhéanamh agat ar na leibhéil, caithfidh tú leibhéal na n-ábhar, mar atá siad curtha i láthair, a dheimhniú.
9. Ba cheart duit féachaint ar leibhéal na n-ábhar atá liostaithe duit agus aon athrú is gá a dhéanamh. Ag bun an leathanaigh ba chóir an bosca a thiceáil chun na leibhéil seo a dheimhniú agus ansin cliceáil ar an gcnaipe Seol Leibhéil Dheimhnithe.
10. Ina dhiaidh sin, gheobhaidh tú leathanach deimhnithe agus moltar duit é a choimeád mar eolas duit féin. Gheobhaidh tú deimhniú na leibhéal atá roghnaithe agat i ríomhphost.
11. Sin an méid is gá duit a dhéanamh ag an bpointe seo. Coimeád sonraí do chuntais in áit shlán (Do scrúduimhir agus an pasfhocal a chruthaigh tú) ionas gur féidir leat dul isteach sa tairseach níos déanaí nuair a iarraimid ort é sin a dhéanamh chun Gráid Ríofa a fháil.
Beidh an uimhir 6 dhigit seo faighte agat ón scoil, nó ón ionad oideachais nó ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit níos luaithe sa bhliain, má chuir tú isteach ar an Ardteistiméireacht go neamhspleách. Seiceáil do thaifid féachaint an bhfuil an uimhir sin ann.
Mura féidir leat an uimhir a aimsiú agus má tá tú ag freastal ar scoil nó ar ionad eile oideachais (ionaid bhreisoideachais agus oiliúna nó coláiste príobháideach) ansin ba chóir duit cúnamh a iarraidh orthu.
Más iarrthóir seachtrach thú, ba chóir go mbeadh an uimhir seo agat ar chomhfhreagras a fuair tú ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.
Mura bhfuil tú in ann an uimhir seo a aimsiú fós, iarr cabhair ar an Deasc Chabhrach.
De bhrí nach féidir linn Uimhreacha Pearsanta Aitheantais a eisiúint duit go díreach nó trí do scoil, táimid ag iarraidh ort do PIN féin a chruthú as na chéad 4 dhigit i d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí. Trí do scrúduimhir agus an PIN seo a úsáid le chéile, beidh tú in ann d’aitheantas a dheimhniú ar Ghráid Ríofa: Tairseach na nDaltaí.
Uimhir uathúil tagartha is ea d’uimhir PSP. Seacht ndigit a bhíonn in Uimhir PSP agus litir nó dhó ina dhiaidh sin.
1. Gheobhaidh tú d’uimhir PSP ar na doiciméid seo a leanas:
2. Má tá cónaí ort ag an mbaile le tuismitheoir nó le caomhnóir, iarr orthu an eol dóibh d’uimhir PSP.
Má tá gach ceann de na foinsí seo seiceáilte agat agus má tá an uimhir ar iarraidh i gcónaí, iarr ar an scoil an bhfuil an uimhir seo ar a gcuid taifead. (Nóta: I ngeall ar an ngéarchéim sláinte phoiblí, ba chóir duit gach iarracht a dhéanamh chun d’uimhir PSP a aimsiú le céimeanna thuas, sula ndéanann tú teagmháil leis an scoil.)
Tá gach ceann de na foinsí molta agus mo scoil seiceáilte agam agus ní féidir liom teacht ar an uimhir in áit ar bith:
Níl uimhir PSP agam, ach creidim nach raibh ceann agam nuair a rinne mé iarratas chun an Ardteistiméireacht a dhéanamh. Ar chóir dom ceann a fháil anois?
Níor chóir. Mura bhfuil uimhir PSP agat, nó más amhlaidh nach raibh ceann agat nuair a rinne tú iarratas ar na scrúduithe, ba chóir duit glaoch ar an deasc chabhrach ag 1800-111135 nó 1800-111136. De bharr srianta Covid--19, freagrófar na fóin seo ag na hamanna seo AMHÁIN: idir a 12 meán lae agus a 5 tráthnóna Dé Máirt 26 Bealtaine, agus idir a 9 ar maidin agus a 5 tráthnóna Dé Céadaoin agus Déardaoin. Is féidir ríomhphost a chur chuig lcsupport2020@education.gov.ie lasmuigh de na huaireanta sin.
Má tá tú cinnte gur chuir tú do scrúduimhir agus na chéad cheithre dhigit de d’uimhir PSP isteach i gceart, ba chóir duit glaoch ar an deasc chabhrach ag 1800-111135 nó 1800-111136. De bharr srianta Covid--19, freagrófar na fóin seo ag na hamanna seo AMHÁIN: idir a 12 meán lae agus a 5 tráthnóna Dé Máirt 26 Bealtaine, agus idir a 9 ar maidin agus a 5 tráthnóna Dé Céadaoin agus Déardaoin. Is féidir ríomhphost a chur chuig lcsupport2020@education.gov.ie lasmuigh de na huaireanta sin.
Má tá deacracht agat, ba chóir duit glaoch ar an deasc chabhrach ag 1800-111135 or 1800-111136. De bharr srianta Covid--19, freagrófar na fóin seo ag na hamanna seo AMHÁIN: idir a 12 meán lae agus a 5 tráthnóna Dé Máirt 26 Bealtaine, agus idir a 9 ar maidin agus a 5 tráthnóna Dé Céadaoin agus Déardaoin. Is féidir ríomhphost a chur chuig lcsupport2020@education.gov.ie lasmuigh de na huaireanta sin.
D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna ar an 8 Bealtaine go raibh scrúduithe na hArdteistiméireachta 2020 curtha ar athló agus go mbunófaí samhail Gráid Ríofa chun go bhféadfadh daltaí Ardteistiméireachta teastasú Stáit a fháil ar son a ngnóthachtálacha foghlama agus dul ar aghaidh chuig oideachas tríú leibhéal nó chuig domhan na hoibre i bhfómhar 2020. Is é an phríomhchúis dá mbailíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú ná chun Gráid Ríofa a chur ar fáil duit má roghnaíonn tú iad a fháil. Cuirfear na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú ar aghaidh chuig do scoil chun gur féidir leo an próiseas seo a thosú.
Tá an fógra príobháideachta ina ndéantar cur síos ar úsáid na sonraí pearsanta sa phróiseas seo agus ina dtugtar sonraí bheartas cosanta sonraí na Roinne le fáil ag https://www.education.ie/ga/An-Roinn/Cosaint-Sonraí/Eolas.html, Tá sonraí an bheartais sin agus an fógra príobháideachta le fáil i gcóip chrua, freisin (féach na sonraí san fhógra príobhaideachta).
Ní bheidh. Tá soláthar sa reachtaíocht cosanta sonraí chun srianta a chur ar an rochtain ar chineálacha áirithe sonraí pearsanta, agus torthaí na scrúduithe san áireamh ansin. Ní ghníomhachtófar iarratais ar rochtain ar mharc céatadáin agus ar ord ranga measta na scoile go dtí dáta eisiúna na dtorthaí. Tar éis don Roinn na torthaí a eisiúint, beidh an t-eolas sin ar fáil duit.