Gníomhú ar son na hAeráide: Céard is Féidir Liomsa a Dhéanamh?
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an Stát tacaíochtaí ar fáil i réimsí éagsúla chun cabhrú leat do chuidse a dhéanamh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Tá mionsonraí agus naisc thíos chun cabhrú leat níos mó a fhoghlaim faoi na tacaíochtaí sin agus an tslí le rochtain a fháil orthu.
Cláraigh le dúshlán fuinnimh 21-lá an SEAI chun an tslí a bhféadfaidh tú do chostais téamh baile agus fuinnimh a laghdú, gan compord do bhaile a laghdú.
Tá deontais éagsúla ar fáil chun cabhrú leat do bhaile a uasghrádú, é a dhéanamh níos teolaí agus níos tíosaí ar fhuinneamh. Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann atá freagrach as na deontais sin. Déan iarratas anois agus bain tairbhe as billí fuinnimh níos ísle.
- Deontais Inslithe: Suas go €6,000 ar fáil
- Deontais um Chóras Caidéal Teasa: Suas go €3,500 ar fáil
- Deontais um Rialtáin Téimh: Suas go €700 ar fáil
Tá deontais agus tacaíochtaí éagsúla ar fáil ó SEAI chun painéil ghréine agus roghanna eile fuinnimh inathnuaite a shuiteáil.
- Deontais do Théamh Gréine an Uisce: Suas go €1,200 ar fáil
- Deontais do Leictreachas Gréine: Suas go €3,000 ar fáil (€2,400 i dtreo Córas Fótavoltach Gréine + €600 i dtreo taisc-cheallra)
- Deontais Fuinnimh Phobail: deontais i dtreo suiteálacha fuinneamh inathnuaite d’úinéirí gnólachtaí beaga.
Beidh tionchar mór ar an aeráid trí bhíthin ár n-astaíochtaí iompair a laghdú. Cabhróidh sé go mór níos lú turas a dhéanamh sa charr, agus bheith ag siúl, ag rothaíocht nó ag úsáid iompar poiblí.
Tá mionsonraí sa chuid seo faoi thacaíochtaí Stáit chun cabhrú leat d’astaíochtaí iompair a laghdú.
Úsáid a bhaint as carranna príobháideacha an foinse astaíochtaí gás ceaptha teasa is mó in earnáil an iompair phoiblí agus is é is cúis le níos mó ná leath d’astaíochtaí iompair na hÉireann.
Ceann de na hathruithe is mó tionchair a d’fhéadfadh úsáideoirí carranna a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú, athrú ó fheithicil dhíosail nó pheitril go dtí ceann leictreach (EV).
Tá roinnt tacaíochtaí ar bun chun cabhrú leat EV a cheannach:
Tá dreasachtaí ar fáil chun tacú le hiompar poiblí seachas carranna príobháideacha a úsáid:
Tá dreasachtaí ar fáil freisin chun daoine a spreagadh úsáid a bhaint as na modhanna iompair lena mbaineann astaíochtaí níos lú, amhail rothaíocht.
Tá roinnt tacaíochtaí á gcur ar fáil ag an Stát chun cabhrú leat athchúrsáil a dhéanamh agus do dhramhaíl a dhiúscairt i gceart:
Tá roinnt tacaíochtaí á gcur ar fáil ag an Stát d’úinéirí talún chun foraois nua a chur nó chun tacú le foraoisí atá ann cheana féin. Cuireann Teagasc na deontais seo a leanas ar fáil:
Tá Treoir d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh curtha i dtoll a chéile ag SEAI. Tá comhairle agus smaointe inti chun cabhrú le gnólacht ar bith a bheith níos tíosaí ar fhuinneamh. Tá go leor gníomhartha simplí, soiléire inti a fhéadfaidh tú a dhéanamh gan costas ar bith. Tá faisnéis faoi ghníomhartha níos mó inti freisin, chomh maith le deontais, scéimeanna agus dreasachtaí cánach a d’fhéadfá cáiliú leas a bhaint astu.
Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil trí SEAI:
Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhleathanach maidir le gníomhú ar son na haeráide.