Tá seans mór ann go raibh tionchar ollmhór ag an ráig reatha COVID-19 ar do ghnáthamh aclaíochta. B'fhéidir go bhfuil tú coinnithe gnóthach agus tú i mbun cianoibre nó scolaíochta baile leis na leanaí, b’fhéidir go bhfuil tú ag obair uaireanta fada i ról riachtanach nó, mar mhalairt air sin, b’fhéidir go bhfuil tú sa bhaile ag fanacht go gcuirfear tús in athuair leis an ngnáthshaol.
Cibé scéal é, tá sé níos tábhachtaí ná riamh fanacht gníomhach anois. Tá gníomhaíocht fhisiciúil ríthábhachtach d'fholláine coirp agus don mheabhairshláinte. Nuair a bhíonn tú gníomhach cabhraíonn sé leat dul i ngleic le himní agus strus agus tá sé an-tábhachtach dul amach faoin aer, más féidir leat.
Tá go leor roghanna ann chun tú féin a choinneáil aclaí má bhíonn ort fanacht sa bhaile.
Moltar sna treoirlínte go ndéanfaí 30 nóiméad de ghníomhaíocht choirp measartha go dian cúig lá in aghaidh na seachtaine do dhaoine fásta, ach is féidir babhtaí gearra de ghníomhaíocht choirp (fiú 10 nóiméad ag an am) a dhéanamh chun 30 nóiméad a dhéanamh suas. Ba chóir do leanaí 60 nóiméad sa lá a dhéanamh - agus tá faisnéis bhreise againn dóibh thíos.
Is é an rud tábhachtach ná is cuma cén aois tú nó cé na cúinsí atá agat, caithfidh tú coinneáil ag gluaiseacht. Mar sin, déan cinnte gníomhaíocht choirp éigin a chur san áireamh i do phlean laethúil.
Bhí Spórt Éireann gnóthach ag tiomsú liosta acmhainní iontacha chun cabhrú leat fanacht gníomhach agus sláintiúil sa bhaile, níl anseo ach cúpla ceann:
Caithfidh leanaí a bheith gníomhach gach lá. Tá gach gníomhaíocht, is cuma cé chomh gairid, tábhachtach. Má fhanann leanaí gníomhach cabhróidh sé le matáin láidre, cnámha sláintiúla, aclaíocht agus comhordú, agus le féinmheas, giúmar, fuinneamh agus patrúin chodlata a fheabhsú.
Seo sampla amháin de ghníomhaíocht chun do chuid leanaí a choinneáil gnóthach nuair nach bhfuil siad sa scoil. Tá babhta traenála á dhéanamh ag Joe Wicks aka the Body Coach beo gach maidin i rith na seachtaine ag 9am. Tá sé dírithe ar leanaí ach tá fáilte mhór roimh thuismitheoirí páirt a ghlacadh freisin!
De réir mar a théann tú in aois tá sé an-tábhachtach fanacht gníomhach, agus tá sé seo níos tábhachtaí fós má tá tú ag cocúnú.
Nuair a bhíonn tú gníomhach cabhraíonn sé le do chorp fanacht láidir agus ligthe, feabhsaíonn sé cothromaíocht agus comhordú rud a chuireann cosc ar thitim, ardaíonn sé do chroí agus tugann sé fuinneamh duit.
D’fhéadfadh 30 nóiméad gníomhaíochta in aghaidh an lae tionchar mór a imirt ar do shláinte.
Seo roinnt leideanna chun cabhrú leat tosú:
Is féidir leat féachaint ar chuid dá bhfíseáin anseo.
Lean ort ag caitheamh ama amuigh faoin aer más féidir leat. Tá aer úr ríthábhachtach d'fholláine coirp agus do mheabhairshláinte an teaghlaigh ar fad. Is féidir leis cabhrú lenár giúmar a fheabhsú, strus agus imní a laghdú agus féinmheas agus folláine a fheabhsú.
Seo roinnt leideanna chun a chinntiú go bhfaighidh tú an aclaíocht a theastaíonn uait agus tú ag fanacht sábháilte sa bhaile: