Cuirfidh Scéim na Leabhar Bunscoile in Aisce i mbunscoileanna deireadh leis an gcostas a bhaineann le leabhair scoile a mhaoiniú do leanaí agus do dhaoine óga atá cláraithe i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta aitheanta. Ní bheidh ar thuismitheoirí aon ranníocaíocht a dhéanamh feasta i dtreo chostas leabhar scoile, leabhar saothair agus cóipleabhar san áireamh. Nuair a cheadaíonn an maoiniú, féadfaidh scoileanna roinnt acmhainní ranga gaolmhara a sholáthar faoin scéim nua. Beidh scoileanna i dteagmháil le tuismitheoirí maidir le scóip na scéime sa scoil.
Forbraíodh na Treoirlínte don Scéim Leabhair Bunscoile in Aisce i scoileanna chun cabhrú le bunscoileanna agus scoileanna speisialta an scéim a chur i bhfeidhm sula dtosaíonn scoilbhliain 2023/24.
Treoirlínte do Bhunscoileanna agus Scoileanna Speisialta