Treoir ón Rialtas maidir leis an mBreatimeacht, Tacaíochtaí Airgeadais agus Uasoiliúna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Amhail an 1 Eanáir 2021, tá an RA lasmuigh den Mhargadh Aonair agus an tAontas Custam. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gnólacht ar bith a aistríonn earraí ón mBreatain Mhór, chuici nó tríthi, faoi réir réimse nua foirmiúlachtaí custam, seiceálacha SPS agus ceanglais rialála eile. Ní mór do ghnóthaí, is cuma cé chomh beag is atá siad, céimeanna a ghlacadh anois chun tuiscint a fháil ar na tionchair a bheidh ag na rialacha nó próisis nua seo ar a gcuid oibríochtaí, agus ní mór dóibh a chinntiú go bhfuil siad ullamh ina leith.
Tá an Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 trína gcinnteofar nach bhfuil feidhm ag go leor de na hathruithe atá le tarlú maidir leis an trádáil a dhéanaimid leis an mBreatain Mhór.
Aithníonn an Rialtas go bhfuil an timpeallacht ghnó reatha an-deacair. Mar gheall ar phaindéim COVID-19, tá athrú suntasach tagtha ar an gcomhthéacs geilleagrach inar tharla an Breatimeacht, mar aon le cumas ghnóthaí na hÉireann ullmhú ina leith. Is dá bharr sin a bhfuil réimse tacaíochtaí gnó curtha ar fáil ag an Rialtas, ag oibriú le comhlachtaí tionscail agus grúpaí gnó, lena n-áirítear tacaíochtaí airgeadais, uasoiliúna agus tacaíochtaí comhairleacha, d’fhonn tacú le gnóthaí agus cuidiú leo dul in oiriúint do na hathruithe a bheidh i gceist mar gheall ar an mBreatimeacht.
Tá forléargas ar an réimse tacaíochtaí atá ar fáil i ndáil leis an mBreatimeacht mar aon leis an áit is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar fáil thíos.
Don chéad chéim thábhachtach, tá roinnt uirlisí ar fáil ar féidir le gnóthaí a úsáid chun a n-ullmhacht i leith an Breatimeacht a mheas agus na réimsí is measa a d’fhéadfadh a bheith buailte nó na réimsí a bhfuil an aird is mó de dhíth orthu a aithint.
Cuideachtaí in earnáil ar bith: Bain úsáid as Scórchárta an Bhreatimeachta ó Fhiontraíocht Éireann chun tuairim ghinearálta a fháil de d’ullmhacht, agus breathnaigh ar an Seicliosta d’Ullmhacht Breatimeachta ina leagtar amach na gníomhaíochtaí bunriachtanacha atá le déanamh lena chinntiú go bhfuil tú réidh le trádáil a dhéanamh leis an RA.
Gnóthaí a bhaineann le bia, deochanna nó gairneoireacht: Bain úsáid as an bPlean Gníomhaíochta don Bhreatimeacht ó Bhord Bia.
Gnóthaí a bhaineann le turasóireacht: Bain úsáid as Leathanach Tacaíochta Breatimeachta Fáilte Ireland.
Tá réimse leathan cláir agus tacaíochtaí comhairleacha i bhfeidhm ag brath ar do riachtanais ghnó ar leith.
Gach gnó: Cuireann Seirbhís Chomhairleach ar an mBreatimeacht ó Idir-Thrádáil Éireann réimse comhairle phraiticiúil, tacaíocht agus eolas ar fáil do ghnóthaí maidir le ceisteanna a bhaineann leis an mBreatimeacht.
Gach gnó beag agus micreaghnó: Tá líonra na hOifige Fiontair Áitiúil ag reáchtáil Clár Meantóireachta i ndáil leis an mBreatimeacht ar fud na tíre chun tacú le húinéirí agus bainisteoirí gnólachtaí.
Gnóthaí a onnmhairíonn: Reáchtáil Fiontraíocht Éireann sraith Clinicí Comhairleacha ar fud na tíre maidir leis an mBreatimeacht inar cuireadh eolas agus tacaíocht phraiticiúil ar fáil. Is féidir na torthaí is tábhachtaí ón tsraith a fháil anseo. Chomh maith leis sin reáchtáil Fiontraíocht Éireann sraith Seimineár gréasáin i ndáil leis an mBreatimeacht inar cuireadh eolas agus leideanna barrthábhachtacha ar fáil a chuideoidh le do ghnó roinnt de na rioscaí a bhaineann leis an mBreatimeacht a mhaolú.
Daoine a oibríonn san earnáil bia, dí, iascaigh nó gairneoireachta: Sa Plean Gníomhaíochta don Bhreatimeacht ó Bord Bia, cuirtear eolas ar fáil maidir le héagsúlú margaidh, leanúnachas gnó, caidreamh le custaiméirí, acmhainneacht airgeadais agus an slabhra soláthair.
Sa Mhol Náisiúnta Nuálaíochta Bia nua atá lonnaithe ag Campas Teagasc i Moorepark, cuirtear bonneagar, saineolas agus deiseanna ar fáil do SMEnna chun nuálaíocht a dhéanamh agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí taighde ar bhealach inacmhainne.
Chomh maith leis na tacaíochtaí reatha atá ar fáil d’earnáil bia mara na hÉireann, tá réimse tacaíochtaí ag Bord Iascaigh Mhara do ghnóthaí bia mara chun fáil faoi réir don Bhreatimeacht. Is féidir le cuideachtaí leas a bhaint as meantóireacht agus comhairleoireacht shonrach chun cuidiú leo a straitéis i ndáil leis an mBreatimeacht a fhorbairt agus na rioscaí a bhaineann leis a mhaolú. Chun iarratas a dhéanamh ar an gClár Tacaíochta don Bhreatimeacht, seol ríomhphost chuig brexit@bim.ie .
Má oibríonn tú in earnáil na turasóireachta: Trína chlár Get Brexit Ready , cuireann Fáilte Éireann sraith tacaíochtaí ar fáil chun cuidiú le gnóthaí turasóireachta dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an mBreatimeacht ar nós tacaíochtaí forbartha, cláir oiliúna, léargais agus faisnéis faoin margadh.
Má tá cuideachta ar bith ag cur straitéis san áireamh maidir le héagsúlú margaidh, ba chóir dóibh bheith ar an eolas go bhfuil teacht ag cuideachtaí in Éirinn ar na buntáistí a bhaineann leis an réimse iomlán Comhaontuithe Saorthrádála atá ag an AE, lena n-áirítear na cinn a cuireadh i gcrích leis an tSeapáin, Singeapór agus Ceanada le gairid. Trí Chomhaontuithe Saorthrádála an AE, is féidir margaí nua a oscailt, constaicí a shárú agus deiseanna nua a chur ar fáil do ghnólachtaí atá lonnaithe in Éirinn, go háirithe gnóthaí agraibhia a mbíonn na constaicí is déine rompu go minic maidir le honnmhairiú chuig Tríú Tíortha. Mar gheall ar an mBreatimeacht tá sé níos tábhachtaí fós dlús a chur le comhaontuithe trádála AE a chur ar fáil in éineacht le geilleagair ceannródaíocha agus bloic réigiúnacha. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Tá treoir agus uirlisí chun neamhchosaint airgeadra a bhainistiú ar fáil anseo.
Mar fhreagairt ar an mBreatimeacht, tugadh roinnt tacaíochtaí airgeadais isteach chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh ghnóthaí Éireannacha mar thoradh air. Áirítear orthu sin:
Forbraíodh réimse tacaíochtaí chun baill foirne laistigh de do ghnó a uasoiliúint ar fud réimsí barrthábhachtacha d’fhonn dul i ngleic leis na dúshláin a bhainfidh leis an mBreatimeacht, lena n-áirítear imréiteach custaim, an slabhra soláthair a bhainistiú agus margaíocht a dhéanamh. Áirítear orthu sin:
Custaim agus an slabhra soláthair
Tacaíochtaí oiliúna eile
Is féidir le gnóthaí leas a bhaint as tacaíochtaí oiliúna reatha freisin trí:
Tá tuilleadh eolais maidir leis na tacaíochtaí oiliúna agus uasoiliúna ar fáil ag Gnó a Ullmhú don Bhreatimeacht: Uasoiliúint.
Cliceáil anseo chun filleadh ar an leathanach An Breatimeacht agus Gnó.