Ráiteas ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Dé hAoine 25 Lúnasa 2023
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dia dhaoibh um thráthnóna agus go raibh maith agaibh as teacht inniu.
Is cúis mhór imní é an méid atá tagtha amach faoi theipeanna rialachais chorparáidigh laistigh de RTÉ, agus tá go leor díospóireachta agus feirge ag tarlú i measc an phobail dá bharr.
Ó tháinig na fadhbanna seo chun solais ar an 22ú Meitheamh, dhírigh mé m’aird ar thrí cheist.
Ar dtús, go gcinntítear go roinntear na fírící ar fad leis an Rialtas, leis an Oireachtas agus, an rud is tábhachtaí ar fad, le pobal na hÉireann.
Ar an dara dul síos, trí thuiscint iomlán a fháil ar an tslí a chuaigh RTÉ i mbun a ghnó, go n-aimsíonn muid bealach chun cinnte a dhéanamh go gcloítear leis na caighdeáin is airde i leith rialachais, agus go daingnítear cultúr seirbhíse poiblí laistigh de RTÉ ar gach leibhéal.
Agus ar an tríú dul síos, nach ndéanann muid dearmad ar an ról thábhachtach atá ag na meáin seirbhíse poiblí inár sochaí, agus an tiomantas atá taispeánta ag an iliomad iriseoirí, láithreoirí agus foirne tacaíochta laistigh de RTÉ agus iad ag tabhairt faoin tseirbhís phoiblí ríthábhachtach seo.
Chun tacú le RTÉ agus iad ag tabhairt isteach na n-athbhreithnithe cuí, rinne mé dhá choiste athbhreithnithe saineolaithe neamhspléacha a choimisiúnú. Chuir an dá choiste seo tús lena mbreithniú, agus an tseachtain seo caite rinne mé Crowe Advisory Ireland a cheapadh chun tacú lena n-obair.
Tabharfaidh torthaí agus moltaí an dá choiste treoir don Rialtas agus iad ag leagan amach bealach chun cinntiú go n-oibríonn RTÉ de réir na caighdeáin a bhfuil sé de cheart againn a bheith ag súil leo.
Chomh maith leis na hathbhreithnithe, rinne mé Mazars a cheapadh mar chuntasóirí fóiréinseacha chun tabhairt faoi iniúchadh ar na cuntais bhabhtála. Níos luaithe inniu fuair mé tuarascáil eatramhach ó Mazars atá á foilsiú agam anois. Léiríonn an tuarascáil seo arís na srianta agus próisis easnamhacha laistigh de RTÉ.
Léiríonn an tuarascáil eatramhach go raibh easpa polasaí cheadaithe maidir le húsáid an chuntais bhabhtála agus nuair a rinneadh ceannacháin trí na gníomhaireachtaí babhtála meán, ní dhearnadh iad seo de réir na ngnáthphróiseas soláthair, agus ní dhearnadh tuairisciú buiséadaithe míosúil. Ní raibh aon tairseach ar luach na gceannachán, agus níor coinníodh smacht ceart ar an liosta daoine a bhí ábalta ceannacháin a cheadú.
Ní féidir glacadh leis an easpa polasaí, próisis agus srianta a léirítear san fhianaise seo, agus cuireann sé i bhfios go láidir go bhfuil gá ann fíorathrú fiúntach a thabhairt isteach i gcultúr rialachais agus eagraíochtúil RTÉ.
Sonraítear sa tuarascáil an leibhéal ioncaim agus caiteachais a próiseáladh tríd an chuntas bhabhtála. As an ioncam de €7.4m a cruthaíodh trí fhógraíocht, baineadh úsáid as €1.2m de chun earraí agus seirbhísí a cheannach, ach gan srianta agus tuairisciú ceart.
Chuir an tArd-Stiúrthóir in iúl dom go bhfuil na chéad chéimeanna á nglacadh chun cinntiú go bhfuil srianta cuí á gcur i bhfeidhm. Mar sin féin, beidh mé ag cur na tuarascála chuig an choiste chomhairleach saineolaithe neamhspléach maidir le rialachas agus cultúr le haghaidh a measúnaithe mar pháirt dá iniúchadh leanúnach.
Leanfaidh obair na gcuntasóirí fóiréinseacha ar aghaidh sna seachtainí amach romhainn agus tá mé ag súil go bhfaighidh mé tuarascáil dheiridh maidir leis na cuntais bhabhtála i mí Dheireadh Fómhair, lena ndéantar iniúchadh ar gach idirbheart ábhartha.
Tá freagairt an phoiblí ar an mhéid atá tagtha amach faoi íocaíochtaí, cuntais bhabhtála agus srianta inmheánacha scaoilte an-soiléir ón mhéid daoine atá an cinneadh déanta acu gan ceadúnas teilifíse a cheannach. Tuigeann an Rialtas an frustrachas agus an fearg i measc an phobail, ach déanann sé seo damáiste do chraolachán seirbhíse poiblí dúinn go léir.
Ba mhaith liom a rá arís go bhfuil sé an-tábhachtach ceadúnas teilifíse a cheannach chun tacú le rochtain ar nuacht agus cúrsaí reatha neamhchlaonta, dráma agus cláir siamsaíochta, craolacháin imeachtaí spóirt, agus rochtain ar ábhar cultúrtha, oideachasúil agus fíriciúil.
Ní focail amháin atá de dhíth chun muinín in RTÉ a athchothú, ach gníomhartha fosta.
Níos luaithe inniu bhuail mé le Cathaoirleach agus le hArd-Stiúrthóir RTÉ. Chuir mé in iúl dóibh arís go bhfuil mé ag súil le comhoibriú iomlán agus rannpháirtíocht réamhghníomhach le gach athbhreithniú atá ag dul ar aghaidh faoi láthair.
Cé go bhfuil ceisteanna le freagairt go fóill, freagraí ar Choistí Oireachtais san áireamh, caithfidh muid anois bogadh ar aghaidh agus béim a chur ar atógáil na heagraíochta. Tá an-deis ann anois athrú suntasach a thabhairt isteach in RTÉ agus caithfidh muid an deis sin a thapú le chéile.
Cuirim fáilte roimh na gealltanais i leith athchóirithe atá faighte agam, agus atá leagtha amach ag an Ard-Stiúrthóir le roinnt seachtainí anuas.
Caithfear na gealltanais seo a thabhairt i gcrích, ach tá tús maith curtha leo. Caithfear tacú leis an Bhord agus leis an Ard-Stiúrthóir agus iad ag tabhairt athrú chirt fhiúntaí isteach.
Tá go leor cainte faoin ghá atá le maoiniú eatramhach a chur ar fáil do RTÉ, agus chuir mé ceist ar NewERA chun measúnú a dhéanamh ar an ghá sin. Déanfaidh an measúnú seo eolas dúinn agus muid ag plé maoinithe eatramhaigh do RTÉ mar pháirt de na hidirbheartaíochtaí Buiséid sna seachtainí amach romhainn, agus ceanglófar an maoiniú sin le hathchóirithe. Chomh maith, tá measúnú á chríochnú ag NewERA ar Thuarascáil agus Cuntais Bhliantiúla 2022 de chuid RTÉ.
Tá an Rialtas seo tiomanta do mhúnla maoinithe inbhuanaithe do na meáin seirbhíse poiblí a chur ar bun i rith ár dtéarma oifige. Seo an aidhm atá againn fós. Leanfaidh mé ar aghaidh ag dul i gcomhar le mo chomhghleacaithe sinsearacha sa Chomh-Aireacht le haghaidh réiteach maoinithe níos fadtéarmaí a chomhaontú go luath an bhliain seo chugainn.
Is é an tosaíocht atá agam anois ná obair a dhéanamh i dtreo RTÉ a athchóiriú agus a dhéanamh oiriúnach don fheidhm atá leis, ionas gur féidir linn go léir a bheith bródúil as ár gcraoltóir seirbhíse poiblí, agus múnla maoinithe inbhuanaithe a chruthú a thacaíonn le hábhar meán seirbhíse poiblí dúinn go léir.
An rud atá tábhachtach anois ná réitigh. Le hobair na n-iniúchtaí neamhspléacha atá coimisiúnaithe agam, obair leanúnach an chuntasóra fhóiréinsí agus na hathchóirithe atá ag tarlú laistigh de RTÉ, cuirfear go mór leis na réitigh seo, a bhfuil géarghá leo, a bhaint amach, agus leagfar amach bealach chun cinn atá inbhuanaithe agus láidir.
Táim cinnte, leis an obair seo, go bhféadfaimis craoltóir seirbhíse poiblí atá laidir, freagrach agus inbhuanaithe, a chinntiú don todhchaí. Creidim go mór in RTÉ, agus táim cinnte go bhfuil an bealach chun cinn níos soiléire anois.
Go raibh maith agaibh