Ráiteas Priobháideachais
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an Roinn Rialtais atá freagrach as tithíocht agus uisce, as pleanáil fhisiceach agus spásúil, as an rialtas áitiúil, as réamhaisnéis na haimsire agus as oidhreacht thóghta agus nádúrtha.
Ní mór don Roinn sonraí pearsanta áirithe a phróiseáil chun na cúraimí a theastaíonn i bhfeidhmiú ár bhfeidhmeanna a dhéanamh agus cloí le hoibleagáidí dlíthiúla áirithe a bhfuil an Roinn faoina réir.
I measc samplaí de sin tá:
D’fhéadfaí sonraí pearsanta a mhalartú le Ranna Rialtais eile, leis na húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe i gcás go bhforáiltear ina leith le dlí.
Ní choinneoidh an Roinn do shonraí pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na críocha ar chucu ar bailíodh iad agus ar próiseáladh iad ina dhiaidh sin, agus i gcomhréir le ceanglais reachtúla áirithe, nuair is ábhartha. I gcás nach dteastaíonn na sonraí pearsanta a bhailímid a thuilleadh, scriosfaimid nó glanfaimid iad ar bhealach sábháilte.
Tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus a urramú agus baineann sí leas as bearta teicniúla agus eagrúchán cuí chun d’fhaisnéis a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe.
Tá an Beartas um Chosaint Sonraí, ina leagtar síos an dóigh a n-úsáidimid do shonraí pearsanta chomh maith le faisnéis a chur ar fáil maidir le do chearta mar ábhar sonraí (lena n-áirítear sonraí maidir leis an gceart chun sonraí a rochtain, maidir leis an gceart chun sonraí a ghlanadh, maidir leis an gceart chun próiseáil a shrianadh, maidir leis an gceart agóid a dhéanamh) ar fáil anseo - Beartas um Chosaint Sonraí (i mBéarla amháin)
Chun teacht ar chóip de na sonraí pearsanta atá ar coinneáil ag an Roinn, i ndáil leat féin, déan Iarratas Rochtana ó Dhuine is Ábhar do na Sonraí.
Tá an ceart agat chomh maith gearán a dhéanamh le Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann má mheasann tú gur sáraíodh do chuid ceart faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, agus tá an ceart agat leigheas breithiúnach a iarraidh.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Roinne, sonraí thíos: