I mbliana tá €1.9 billiún á infheistiú ag an Rialtas i roghanna taistil níos glaise, níos glaine, amhail iompar poiblí, bonneagar siúil agus rothaíochta, agus cláir laghdaithe carbóin, d’fhonn tacú le daoine droim láimhe a thabhairt don charr am ar bith is féidir é. Cruthóidh an infheistíocht seo gréasán iompair atá níos nasctha, níos glaise agus níos glaine do chách.
Tá táillí iompair phoiblí laghdaithe 20% do chách agus 50% d’ Aosaigh Óga:
Faigh amach faoi na turais ticéadaithe iompair phoiblí is déanaí agus déan do thuras a phleanáil:
Tá sé mar aidhm ag an scéim um Rothaíocht chun na hOibre tú a spreagadh le dul i mbun rothaíochta agus tú ag taisteal chun na hoibre agus ag teacht abhaile. Faoin scéim, is féidir le d'fhostóir rothar agus trealamh sábháilteachta a cheannach duit.
Áirítear rothair lastais agus rothair leictreonacha mar chuid den scéim.
Is bealach iontach iad scéimeanna rothar ar cíos chun dul timpeall ár gcathracha. Tá stáisiúin rothar lonnaithe in áiteanna éagsúla ar fud na gcathracha chun modh iompair inbhuanaithe agus áisiúil a chur ar fáil:
Cuireann roinnt cuideachtaí príobháideacha seirbhísí rothar comhroinnte ar fáil in áiteanna éagsúla sa tír. Bíonn idir rothair thraidisiúnta agus rothair leictreonacha i gceist.
Is oifig thiomnaithe sa Roinn Iompair é Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI), a thacaíonn le tomhaltóirí, leis an earnáil phoiblí agus le gnólachtaí leanúint orthu ag aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha.
Táimid ag feabhsú seirbhísí bus ar fud na hÉireann. I mbliana, táimid ag nascadh 67 baile agus sráidbhaile agus ag soláthar 98,000 ciliméadar de sheirbhísí gach seachtain do cheantair thuaithe na hÉireann trí Éire a Nascadh – An Plean Soghluaisteachta Tuaithe.
Baineadh amach na nithe seo a leanas in 2022 faoi Éire a Nascadh – An Plean Soghluaisteachta Tuaithe:
Cuirfear BusConnects ar fáil i ngach ceann de chúig chathair na hÉireann faoi 2030. Cuirfidh an clár seo go mór le caighdeán an iompair phoiblí i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh, i Luimneach agus i bPort Láirge agus forbrófar lánaí rothar ar ardchaighdeán mar chuid de.
Cuimsíonn BusConnects naoi dtionscnamh:
Chun tuilleadh eolais a fháil ar thionscnaimh de chuid BusConnects i ngach cathair:
Tá 421 bus leictreach le dul i mbun seirbhíse ar fud na tíre as seo go ceann 24 mí. Cuirfidh siad seirbhís níos ciúine, níos glaine ar fáil, a bheidh níos compordaí do phaisinéirí.
Chun tacú leis an leathnú atá beartaithe ar sheirbhísí iarnróid agus chun freastal ar éileamh atá ag dul i méid, tá dhá mhórordú flít á gcur chun cinn a thacóidh leis an líonra comaitéireachta agus idirchathrach agus le leathnú an DART faoin gClár DART+.
Beidh na 41 carráiste idirchathrach nua ag dul i mbun seirbhíse ó mhí na Nollag 2023 ar aghaidh, agus beidh na chéad chinn de na 185 carráiste leictreach agus ceallra-leictreach, atá ordaithe mar chuid den chlár DART+, ag dul i mbun seirbhíse ó 2025 ar aghaidh. Úsáidfear iad sin le haghaidh na seirbhísí reatha DART, chomh maith le seirbhísí comaitéireachta go Droichead Átha. Ordófar suas le 750 ceann de na carráistí sin thar thréimhse 10 mbliana.
Déanfaidh an Clár DART+ athrú ó bhonn ar an taisteal i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Beidh an líonra DART trí oiread níos mó ná an 50km atá ann faoi láthair, rud a sholáthróidh seirbhísí comaitéireachta rialta agus na buntáistí ar fad a bhaineann leo do phobail nua, chomh maith leis na pobail a bhfuil fáil acu ar an tseirbhís cheanna, chomh fada le Droichead Átha, Maigh Nuad/Ollpháirc M3 agus Collchoill.
Cuirfidh clár Iarnróid Comaitéireachta Cheantar Chorcaí feabhas as cuimse ar Ghréasán Iarnróid Chorcaí. Nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh sé in ann freastal ar níos mó paisinéirí agus beidh méadú ar mhinicíocht na dtraenacha. Anuas air sin, beidh stáisiúin nua agus traenacha astaíochtaí ísle ann. Fágfaidh sé sin ar fad go mbeidh pobail níos nasctha agus gréasán iompair níos inbhuanaithe i gCorcaigh.
Tá Céim 1 de na hoibreacha ar siúl cheana féin le tacaíocht ó mhaoiniú Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh. Déanfar athfhorbairt ar Stáisiún Kent mar chuid den obair sin, chomh maith le dérianú ar na hiarnróid idir an Gleanntán agus Mainistir na Corann, agus athchomharthú ar fud an líonra faoi dheireadh 2026.
Déanfaidh na Tionscadail i dtaca le Crosairí Comhréidhe ar Líne Chorcaí iniúchadh ar an gcur chuige is fearr chun seacht gcrosaire comhréidhe atá suite feadh na príomhlíne idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath a bhaint nó a uasghrádú. Tá na crosairí comhréidhe seo á n-uasghrádú/á mbaint chun timpeallacht níos sábháilte a chur ar fáil dóibh siúd atá ina gcónaí gar don líne iarnróid agus chun seirbhís níos éifeachtúla a chur ar fáil do gach paisinéir iarnróid.
I measc na n-oibreacha atá ar bun chun seirbhísí iarnróid a fheabhsú i gcathracha móra eile na tíre tá:
Osclaíodh an stráice iarnróid 42km idir Luimneach agus Port na Sionainne agus Fhainge ar dtús in 1858 ach tá sé as feidhm ó 2001. I dtreo dheireadh 2022, cuireadh tús le hoibreacha athshlánaithe ar an líne d'fhonn í a athoscailt le haghaidh seirbhísí lastais rialta sna blianta amach romhainn. D’fhéadfadh sé seo tarlú chomh luath le 2025.
De réir mar a leanann minicíocht agus acmhainn an chórais iarnróid ag leathnú sna blianta amach romhainn, tacóidh an tIonad Náisiúnta nua um Rialú Traenach (NTCC) le bainistiú agus rialáil fheabhsaithe ar ghluaiseachtaí traenach ó shuíomh lárnach amháin. Cuirfidh an t-ionad eolas fíor-ama ar fáil ag na stáisiúin do chustaiméirí ag www.irishrail.ie agus ar ardáin meán sóisialta.
D'fhoilsigh an Roinn Iompair (Éire) agus an Roinn Bonneagair (Tuaisceart Éireann) dréacht-tuarascáil chomhpháirteach ar an Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin a chuireann pobail ar fud an oileáin ar an mbóthar ceart i dtreo ré nua an iarnróid.
Is é seo an chéad Athbhreithniú Iarnróid Uile-Oileáin, ina leagtar amach 30 moladh chun gréasán iarnróid a fhorbairt a rachadh go mór chun tairbhe do chomaitéirí, do phobail, do ghnólachtaí, don chomhshaol agus don gheilleagar, ó thuaidh agus ó dheas araon.
Foilsíodh an t-athbhreithniú in éineacht leis an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta a bhaineann leis le haghaidh comhairliúcháin agus táthar ag súil go mbeidh sé tugtha chun críche faoi dheireadh na bliana seo.
Gach lá in 2023 tá €1 mhilliún á chaitheamh ar bhonneagar siúil agus rothaíochta d’fhonn bealaí sábháilte agus naisc inbhuanaithe a chruthú le cathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann. Áirítear leis sin €60 milliún in aghaidh na bliana do Ghlasbhealaí.
Ó 2020 i leith tá na céadta ciliméadar de bhonneagar siúil agus rothaíochta, idir nua agus fheabhsaithe, curtha ar fáil ar fud na tíre. Faoi 2025, beidh thart ar 1,000 km san iomlán curtha ar fáil againn.
CycleConnects: Tá sé mar aidhm ag Líonra Rothaíochta na hÉireann taisteal inbhuanaithe a fheabhsú tríd an deis a thabhairt do dhaoine níos mó turas a dhéanamh ar líonra rothaíochta inrochtana atá idir shábháilte agus áisiúil, le níos mó daoine a nascadh le níos mó áiteanna laistigh dár mbailte agus cathracha.
Éascóidh an Líonra Náisiúnta Raonta Rothar (NCN) bunú líonra comhordaithe a thugann bealaí rothaíochta atá ann cheana agus atá beartaithe le chéile chun ionaid uirbeacha ar fud na tíre a nascadh le chéile.
Cuirfidh an Líonra Náisiúnta Rothaíochta leis an bPlean CycleConnects, atá dírithe ar bhonneagar rothaíochta a fhorbairt i gceantair uirbeacha. I gcás go bhfuil líonra rothaíochta uirbeach ann cheana féin (nó go bhfuil sé beartaithe), nascfaidh an NCN leis an mbealach seo nuair is cuí.
Dearadh Clár Cycle Right chun na scileanna a thabhairt do pháistí scoile go mbeidh siad in ann rothaíocht a dhéanamh go muiníneach sábháilte ag baint úsáid as an mbonneagar rothaíochta agus as an ngréasán bóithre araon. Tá os cionn 115,000 páiste tar éis an clár seo a chríochnú ó cuireadh tús leis in 2017.
Tá 350km de Ghlasbhealaí in Éirinn, iad maoinithe ag an Roinn Iompair. I mbliana, leithdháileadh €60 milliún ar Bhonneagar Iompair Éireann agus ar údaráis áitiúla ar fud na tíre chun tionscadail nua Glasbhealaigh a fhorbairt.
Táthar ag súil go gcuirfear 88km de Ghlasbhealach ar fáil in 2023, ag nascadh bailte agus pobail agus ag ligean don siúl agus don rothaíocht a bheith ina rogha inmharthana iompair.
Caithfidh glasbhealaí a bheith níos faide ná 20km, cé gur féidir achair níos giorra a mhaoiniú chun na Glasbhealaí atá ann cheana a nascadh le bealaí níos faide agus níos straitéisí.
Faigh tuilleadh eolais faoi Ghlasbhealaí in Éirinn:
Dearadh an clár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile chun an oiread daltaí bunscoile agus meánscoile agus ab fhéidir a spreagadh chun siúl agus rothaíocht a dhéanamh. Is é is aidhm leis an gClár ná bonneagar sábháilte siúil, scútála agus rothaíochta a chur ar fáil ar na príomhbhealaí chuig scoileanna, mar aon le hathruithe a dhéanamh ar an spás os comhair na scoile agus páirceáil rothar a chur ar fáil.
Tá 275 scoil páirteach sa chlár anois ag leibhéil éagsúla.
Éist le páistí i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath agus iad ag labhairt faoin gcaoi a ndeachaigh Bealaí Sábháilte chun na Scoile chun tairbhe dá scoil:
Tá 35 tionscadal iompair bunathraitheach mar chuid de Chlár an Treo-Aimsitheora a chuirfear ar fáil faoi 2025.
Cuirfidh údaráis agus gníomhaireachtaí áitiúla ar fud na tíre na tionscadail iompair phoiblí, siúlóide agus rothaíochta seo ar fáil sna trí bliana amach romhainn.
I dteannta a chéile, tosóidh na tionscadail treo-aimsitheora ag athrú na caoi a mbíonn muid ag bogadh, ag obair agus ag maireachtáil ar fud na tíre. Chomh maith leis an bhfonn athraithe atá ar phobal na tíre a léiriú, tá an clár ag teacht go dlúth leis an gcleachtas fianaisebhunaithe chun astaíochtaí ó iompar a laghdú trí athrú córasach. Roinnfear na tionscadail ina gcúig chatagóir: