An Cúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráite 2022-2025
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta; An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta; An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an Rialtas Cúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráite 2022-2025 na hÉireann. Leagtar amach sa Chlár bearta nua a tugadh isteach ón gCeathrú Clár.
Bronntar feidhm i gClár Gníomhaíochta Níotráite na hÉireann i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint), 2022 ( I.R. Uimh. 113 de 2022) . Tá bearta sonracha sna rialacháin chun uiscí dromchla agus screamhuisce a chosaint ó thruailliú cothaithigh a eascraíonn as foinsí talmhaíochta.
Forbraíodh an Cúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráite i ndiaidh comhairliúchán poiblí tosaigh, a cuireadh ar bun go déanach in 2020, agus tar éis an dara tréimhse chomhairliúcháin a críochnaíodh i Meán Fómhair 2021. Dhírigh tríú tréimhse chomhairliúcháin ar an dréacht-Ráiteas Tionchair Natura agus ar dhréacht-Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta don Chlár agus críochnaíodh é in Eanáir 2022. Fuarthas thart ar 70 aighneacht i rith na dtrí thréimhse chomhairliúcháin agus chuir iad seo eolas ar fáil don Chlár deiridh.
Forléargas ar Chúigiú Clár Gníomhaíochta na hÉireann maidir le Níotráití
Ireland’s Fifth Nitrates Action Programme - Natura Impact Statement
Ireland’s Fifth Nitrates Action Programme - SEA Statement
Ireland’s Fifth Nitrates Action Programme - Determination on Appropriate Assessment
Rinneadh roinnt beart a neartú agus a chur leis an gClár ón gCeathrú Clár Gníomhaíochta Níotráite agus áirítear leo an méid seo a leanas:
Le heolas a fháil faoi cháilíocht an uisce i do cheantar áitiúil nó faoi ghníomhaíochtaí cháilíocht an uisce ar fud na tíre, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Dobharcheantar an GCC.
Tá treoir, léarscáileanna, sonraí, acmhainní, cás-staidéir agus nuacht a bhaineann le huisce ó áiteanna mórthimpeall na hÉireann ar an láithreán gréasáin. Is féidir leat clárú freisin le Nuachtlitir ráithiúil faoi Dhobharcheantair agus nuashonruithe a fháil faoi imeachtaí ábhartha i do chontae.