An Tairseach MTT - Faisnéis d’Iarratasóirí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sula ndéanann tú iarratas chuig údarás inniúil ar aon chineál toilithe forbartha a bhfuil Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta ag gabháil leis , ní mór duit fógra a thabhairt don Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil faoin iarratas sin agus faisnéis lena sainaithnítear láthair na forbartha beartaithe a thabhairt lena cur ar áireamh ar an Tairseach MTT. Tugann an t-iarratasóir cur síos achomair ar an bhforbairt bheartaithe, ainm an fhorbróra agus ainm an údaráis inniúil a ndéanfar an t-iarratas chuige. Ba cheart an fógra agus an fhaisnéis sin a thabhairt ar aon dul leis na nósanna imeachta agus leis an bpróiseas atá i bhfeidhm le haghaidh an chineáil toilithe forbartha a bhfuil iarratas á dhéanamh agat air. Mar shampla, i gcás iarratas a dhéantar chuig an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil faoin Acht Imeall Trágha, 1933, ní mór fógra a thabhairt don Tairseach MTT sula bhfoilsítear an fógra nuachtáin faoin iarratas.
Más iarratasóir thú, ba cheart duit an fhoirm a íoslódáil agus a chomhlánú anseo , agus na sonraí seo a leanas á dtabhairt agat:
Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais a chomhlánú go hiomlán.
Agus í comhlánaithe, sábháil an fhoirm, agus scríobh síos ainm agus láthair an chomhaid. A luaithe atá sí comhlánaithe agus sábháilte, ní mór an fhoirm a chur isteach chuig an Roinn le ríomhphost chuig EIAPortal@housing.gov.ie . Luaigh “Fógra faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta” i líne ábhair an ríomhphoist. Déan cinnte de go bhfuil na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis an bhfoirm:
Is é 18 MB an teorainn mhéide fhoriomlán don ríomhphost agus do na ceangaltáin.
Gheobhaidh tú ríomhphost admhála a ghinfear go huathoibríoch ó EIAPortal@housing.gov.ie tar éis don Roinn an fógra faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta a fháil.
Mura bhfaigheann tú an admháil uathoibríoch sin, déan cinnte de gur laistigh den teorainn mhéide cheadaithe atá méid fhoriomlán na gcomhad. Má leanann na fadhbanna ar aghaidh, déan teagmháil le riarthóir na Tairsí MTT ag na seoltaí teagmhála atá liostaithe thíos.
Laistigh de 3 lá oibre ón bhFógra faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta a chur isteach, i.e. foirm chomhlánaithe, fógra poiblí agus léarscáil láithreáin, gheobhaidh tú ceann amháin díobh seo:
Maidir leis an bhfaisnéis a uaslódáiltear chuig an Tairseach MTT, beifear in ann amharc uirthi ar an suíomh ón uair a eisítear an fógra deimhnithe i leith. Tabhair faoi deara nach mór an fógra deimhnithe a chur isteach chuig an údarás inniúil ábhartha i dteannta d’iarratais.
Tar éis d’iarratas ar thoiliú forbartha a fháil agus a phróiseáil ar dtús, tabharfaidh an t-údarás inniúil don Tairseach MTT uimhir thagartha comhaid do d’iarratas agus an URL chun nascadh chuig an iarratas ar a shuíomh Gréasáin agus chuig aon doiciméid atá bainteach leis an iarratas, lena n-áirítear Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta. Beidh an uimhir comhaid agus an URL bainteach leis an bhfógra ábhartha ar an Tairseach MTT.
A luaithe atá an uimhir comhaid agus an URL atá bainteach leis an bhfaisnéis ar fáil ar an Tairseach MTT, tabhair faoi deara nach gcuirfear aon fhaisnéis bhreise leis an Tairseach MTT. Ní dhéanfar an fógra tosaigh a nuashonrú le faisnéis faoin iarratas, amhail aon chinneadh, aistarraingt nó neamhbhailiú a dhéantar ar an iarratas agus aon fhaisnéis bhreise faoi. Ba cheart faisnéis a chur ar fáil ar shuíomh Gréasáin an údaráis inniúil ábhartha de réir mar a dhéantar dul chun cinn ar an iarratas.
Sonraí teagmhála do riarthóir na Tairsí MTT:
Seoladh ríomhphoist: EIAPortal@housing.gov.ie
Uimhir theileafóin: 01 8882142