Athbhreithniú ar an Scéim Sóisialta Tuaithe - Imeachtaí ceardlainne i Meán Fómhair 2023
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seoladh an Scéim Shóisialta Tuaithe (SST) i mBealtaine 2004 chun tacaíocht airgeadais a sholáthar d’fheirmeoirí agus d’iascairí incháilithe ar ioncam íseal a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe fadtéarmacha agus iad ag cur ar a gcumas a gcuid scileanna a úsáid chun seirbhísí a sholáthar ar mhaithe le pobail tuaithe.
Is chun tacú le heagraíochtaí áitiúla pobail, deonacha agus seachbhrabúis go príomha atá an obair, fad is nach gcuireann sé na seirbhísí nó an fhostaíocht atá ann cheana féin as áit. Baineann pobail leas as scileanna agus buanna feirmeoirí agus iascairí áitiúla mar is féidir iad a chur in oiriúint go héasca d’fhormhór na dtascanna.
Tá 3,350 áit rannpháirtí móide 139 áit maoirseoir ar fáil mar chuid den scéim.
Cuirtear an Scéim Sóisialta Tuaithe ar fáil trí 35 Comhlacht Forbartha Áitiúil agus Údarás na Gaeltachta. Tugtar Comhlachtaí Forfheidhmithe (CF) orthu seo freisin.
Is trí fhéinroghnú deonach a dhéantar rannpháirtíocht agus braitheann sé ar fholúntais a bheith ar fáil sa réimse ábhartha. Oibríonn rannpháirtithe 19.5 uair sa tseachtain.
Tá Athbhreithniú ar an Scéim Shóisialta Tuaithe á dhéanamh ag an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) faoi láthair.
Chun eolas a thabhairt dá cuid oibre, tá cuireadh tugtha ag an Roinn do thuairimí na bpríomhpháirtithe leasmhara agus na bpáirtithe leasmhara lena n-áirítear na heagraíochtaí Pobail agus Deonacha trí roinnt próisis chomhairliúcháin de réir na dTéarmaí Tagartha. Ina measc seo tá suirbhé RSS agus aighneachtaí scríofa ó pháirtithe leasmhara.
Chomh maith leis sin, mar chuid den phróiseas comhairliúcháin don Athbhreithniú, tá sé beartaithe anois dhá imeacht fócais athbhreithnithe SST a reáchtáil ar a mbeidh an tAire Joe O’Brien i láthair.
Eagróidh an RCS na himeachtaí seo tríd an aip Eventbrite agus tá siad bunaithe ar thart ar 100-120 duine ag gach ceann den dá imeacht.
Déanfaimid athbhreithniú ar ghnéithe éagsúla den scéim lena n-áirítear:
Scrúdóidh an t-athbhreithniú freisin:
Am: 10:00am - 2:00pm
Áit: Óstán Abbey Ros Comáin
Bóthar na Gaillimhe F42 F992.
Am: 10:00am - 2:00pm
Áit: Óstán Charleville Park
Bóthar Luimnigh An Ráth P56 V268.
Iarraimid ar pháirtithe leasmhara, ar ghrúpaí ionadaíocha agus ar an bpobal a dtuairimí a thabhairt ag na himeachtaí ceardlainne pearsanta seo.