Tá grúpaí áitiúla ó chlubanna spóirt go cumainn chónaitheoirí agus daoine aonair buartha chun tosaigh ar thionscnaimh áitiúla chun tacú le daoine leochaileacha agus atá scoite amach go sóisialta ina gcuid pobail.
Tá plean seolta ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail dar teideal Glao an Phobail chun tacú le hobair na ndaoine atá ag cinntiú go gcoinnítear na daoine is leochailí inár bpobal slán agus sábháilte.
Bhunaigh gach údarás áitiúil (comhairle) Fóram Freagartha Pobail chun tacaíochtaí pobail a bhaineann le COVID-19 a chomhordú. Mar chuid de seo, tá líne chabhrach bunaithe ag gach údarás áitiúil ar féidir le daoine leochaileacha glaoch uirthi má tá siad ag lorg seirbhísí bunúsacha mar sheachadadh bia nó béilí, nó iompar le haghaidh turais riachtanacha.
Más mian leat obair dheonach a dhéanamh, is féidir leat clárú le d’Ionad Deonach áitiúil nó clárú ar líne ag www.i-vol.ie. Beidh baint dhíreach ag roinnt de na hoibrithe deonacha leis an ráig COVID-19 agus d’fhéadfadh cuid eile a bheith ag cabhrú le heagraíochtaí pobail gnáthsheirbhísí a choinneáil ag rith.
Tá Obair Dheonach Éireann díreach tar éis a feachtas #volunteerfromhome a sheoladh a dhíríonn ar an méid is féidir le daoine a dhéanamh chun cabhrú ón mbaile. Is éard a bheidh i gceist leis an bhfeachtas seo róil dheonacha gur féidir a dhéanamh ón mbaile a chur chun cinn, tacú le heagraíochtaí deiseanna obair dheonach ón mbaile a chruthú agus treoir agus acmhainní a fhorbairt maidir le conas oibrithe deonacha a bhainistiú ón mbaile. Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoi seo a fháil ag www.volunteer.ie.
Is féidir leat cabhrú freisin trí obair dheonach a dhéanamh go neamhfhoirmiúil i do phobal féin, mar shampla trí chabhrú leo siúd atá i gcatagóir atá i mbaol lena gcuid siopadóireachta nó trína gcuid oideas a bhailiú agus mar sin de.
Tá líonra 1,600 club CLG ag tacú le pobail ar fud na tíre trí oibriú i gcomhpháirtíocht le soláthraithe áitiúla riachtanacha chun bia, breosla, oidis agus earraí ríthábhachtacha eile a sheachadadh dóibh siúd atá ag cocúnú nó atá ar éagumas. Má tá fonn ort obair dheonach a dhéanamh, déan teagmháil le do chlub áitiúil nó cláraigh do spéis le Obair Dheonach Éireann. Tá an iarracht mhór dheonach seo nasctha leis na struchtúir nua Fóram Freagartha Pobail i ngach contae.
Má shocraíonn tú cúnamh a thabhairt nó obair dheonach a dhéanamh tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil tú maith go leor chun é sin a dhéanamh, agus nár thaistil tú lasmuigh d’Éirinn le 14 lá anuas.
Nuair atá cuairt bhaile á déanamh agat:
Mura bhfuil aon fhreagra nuair a thagann tú:
Le haghaidh tuilleadh comhairle maidir le conas obair dheonach a dhéanamh go sábháilte, féach an Pacáiste Cumarsáide do Phobail.
Tá sé tábhachtach a chuimhneamh go bhfuil dea-chleachtas bainistíochta oibrithe deonacha tábhachtach go háirithe le linn géarchéime. Cibé an bhfuil tú i do bhainisteoir deonach le taithí nó má tá tú ag bainistiú oibrithe deonacha den chéad uair, is féidir le bainistíocht dheonach le linn éigeandála a bheith an-difriúil.
Tá treoirlínte forbartha ag Obair Dheonach Éireann do ghrúpaí ar mian leo oibrithe deonacha a earcú. Tá teimpléid phraiticiúla d'oibrithe deonacha forbartha acu atá dírithe ar thacú le grúpaí a bhfuil gá dóibh oibrithe deonacha a earcú le linn na tréimhse seo. Tá siad seo ar fáil anseo.
Chruthaigh Obair Dheonach Éireann sraith seimineár gréasáin agus físeán freisin chun cabhrú le bainistiú na n-oibrithe deonacha. Seo ceann maidir le tacaíocht a thabhairt d'oibrithe deonacha.
Má tá cabhair á fáil agat, ba cheart go mbeadh sábháilteacht mar phríomhthosaíocht agat.
Seo roinnt treoirlínte simplí chun do shábháilteacht agus do shlándáil a chinntiú:
Tá sé an-tábhachtach go gcoinnítear teagmháil shóisialta le daoine atá scoite amach ina dtithe ag an am seo, fiú mura bhfuil ann ach glao cairdiúil teileafóin. Fiú más rud é nach oibrí deonach foirmiúil tú, bheadh sé ina chabhair dá bhféadfá glaoch nó téacs a chur chuig duine leochaileach i do cheantar.
Tá réimse tionscnamh ann freisin ar féidir le daoine leas a bhaint astu le linn na tréimhse seo:
How can I volunteer
Advice for people who wish to volunteer and for organisation who wish to recruit volunteers.
Advice for people giving support
Advice for people giving support during COVID-19.