Straitéis Náisiúnta Máithreachais: Plean Forfheidhmithe Athbhreithnithe 2021-2026
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an Plean Feidhmithe athbhreithnithe a bhaineann leis an Straitéis Náisiúnta Máithreachais - Todhchaí Níos Fearr a Chruthú le Chéile 2016-2026.
De réir mholadh HIQA atá sonraithe sa tuarascáil a d’fhoilsigh sé in 2020 maidir le seirbhísí máithreachais agus ag cur taithí agus athruithe atá tarlaithe ó seoladh an Straitéis in 2016 san áireamh, rinne an Clár Náisiúnta um Shláinte na mBan & na Naíonán (NWIHP) athbhreithniú ar an bPlean Feidhmithe bunaidh.
Tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin i ndáil le cur chun feidhme na Straitéise ó seoladh í in 2016, lena n-áirítear Conair Cúraim faoi Thacaíocht a fhorbairt, infhaighteacht mhéadaithe ar chúram cnáimhseachais pobalbhunaithe agus breis rochtana ar sheirbhísí speisialaithe leighis.
Sonraítear sa Phlean athbhreithnithe an treochlár a bheidh mar bhonn lena chinntiú go mbeidh an Straitéis Náisiúnta Máithreachais á cur chun feidhme ina hiomláine laistigh den amfráma a bhí beartaithe ar dtús. Tá mionsonraí le fáil maidir le gach gníomh atá fós le cur i gcrích, a stádas agus an t-amfráma atá luaite le gach ceann le fáil sa Phlean athbhreithnithe.