Bearta nuashonraithe mar fhreagairt ar COVID-19 (Dé Mháirt 24 Márta)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar gheall ar scaipeadh tapa COVID-19 in Éirinn agus ar fud an domhain, d’fhógair an rialtas bearta breise chun scaipeadh an víris in Éirinn a mhoilliú inniu, 24 Márta.
Tá molta ag an NPHET go ndúnfaidh gach asraon miondíola neamhriachtanach do bhaill an phobail agus go mbeidh gach asraon miondíola eile le fadú fisiceach a chur i bhfeidhm.
Le cuidiú leis an bpobal agus le húinéirí gnó, seo a leanas liosta táscach de na rudaí a mheastar a bheith ina n-asraonta miondíola riachtanacha:
níocháin agus triomaithe
Mhol an Fhoireann Éigeandála Náisiúnta Sláinte Poiblí go nglacfaí le sainmhíniú cáis na hEagraíochta Domhanda Sláinte le haghaidh COVID-19:
"Othar le fiabhras agus comhartha amháin ar a laghad de ghalar riospráide, mar shampla casacht, giorra anála."
Déanfar halgartaim tástála a nuashonrú chun an sainmhíniú nua ar chás a léiriú.