Modhanna chun Obair Dheonach a dhéanamh
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é is tábhachtaí go mbeadh tusa sábháilte agus go gcuirtear srianadh le scaipeadh an choróinvíris. Moltar duit leanúint de chloí leis an treoir is deireanaí ó FSS maidir le COVID-19 a sheachaint. Sa chás nach n-airíonn tú go maith nó go bhfuil tú i gceann de na catagóirí baoil , tugtar tús áite le do thoil do do chuid sláinte féin agus ná cuir d'ainm chun cinn maidir le hoibriú go deonach.
Má táthar ag tairiscint oibriú go deonach le heagraíocht, bí cinnte go bhfuil gnáis oibre mar is cuí, agus córais oiriúnacha sábháilteachta a bheadh ina gcosaint duit, ar bun ag an eagraíocht, maor ainmnithe san áireamh lenar féidir ábhar a cheadú. Ná bíodh aon leisce ort ceist a chur go neamhbhalbh faoi seo agus sin sula dtugann tú faoin ról.
Má tá tú sách folláin chun obair dheonach a dhéanamh, tá dhá phríomhbhealach inar féidir sin a dhéanamh:
*Cuir an tIonad Saorálaíochta áitiúil ar an eolas nó cláraigh leis an mbunachar sonraí náisiúnta maidir le hobair dheonach – I-VOL – a gcuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maoiniú ar fáil lena aghaidh. Tá sonraí caidrimh maidir le gach Ionad Saorálaíochta in Éirinn ar fáil arwww.volunteer.ie
Má tá obair dheonach á déanamh go háitiúil agat ar bhealach níos neamhfhoirmeálta, déan de réir chomhairle FSS maidir le scaipeadh COVID-19 a chosc. Tá sé an-tábhachtach gan daoine leochaileacha a chur i gcontúirt. Tá eolas breise faoi na bearta simplí is féidir a dhéanamh ar fáil ar www.volunteer.ie nó ar www.gov.ie/drcd.
Is féidir le heagraíochtaí atá cláraithe leis an Ionad Saorálaíochta áitiúil fógraíocht a dhéanamh tríd an Ionad sin maidir le róil d'oibrithe deonacha chomh maith leis an mbunachar sonraí náisiúnta I-VOL a úsáid. Is ceart scéal a chur chuig an Ionad Saorálaíochta áitiúil lena chur in iúl gur ról i ndáil le COVID-19 atá i gceist agus tabharfar tús áite do bholscaireacht maidir leis an ról sin. Sa chás go bhfuil grinnfhiosrú de chuid an Gharda de dhíth maidir leis an ról, tabharfar tús áite don chúram sin chomh maith.
Sa chás nach bhfuil an eagraíocht cláraithe leis an Ionad Saorálaíochta áitiúil, is féidir clárú trí labhairt leis an Ionad go díreach. A luaithe a bhíonn an eagraíocht cláraithe, is féidir fógraíocht maidir le róil na heagraíochta a dhéanamh ar an mbunachar sonraí náisiúnta I-VOL.
Tá deasc cabhrach ríomhphoist faoi leith do ghrúpaí pobail agus deonacha, C&VSupports@drcd.gov.ie , curtha ar bun ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Beidh eolas cruinn tráthúil ar fáil ón deasc sin ag na grúpaí de réir mar a bhítear ag dul i ngleic leis an ráig COVID-19. Tá an deasc cabhrach dírithe go háirithe ar ghrúpaí pobail agus deonacha a oibríonn ar leibhéal logánta.
Tá sonraí iomlána ar fáil ar www.gov.ie/drcd.