Cúramóirí Altrama
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is féidir go leor tairbhe a bhaint as feidhmiú mar chúramóir altrama trí thionchar dearfach a imirt ar shaol linbh trí timpeallacht baile atá sábháilte agus grámhar a sholáthar. Más cúramóir altrama thú nó má tá tú ag smaoineamh ar fheidhmiú mar chúramóir altrama b’fhéidir go gcabhródh na seirbhísí thíos leat.
Má tá tú ag smaoineamh ar fheidhmiú mar chúramóir altrama tá an t-eolas ar fad le fáil ag tusla.ie/foster-carer chun cabhrú leat tús a chur le d’aistear.
Soláthraíonn Tusla tacar tacaíochtaí do chúramóirí altrama chun cur ar a gcumas a ról a chomhlíonadh. . Tá tuilleadh eolais le fáil ag Tusla.ie/FosteringSupports.
Is é Cumann Cúraim Altrama na hÉireann an eagraíocht náisiúnta atá ag tacú le teaghlaigh altrama agus leis an bpobal altramaithe trí chéile. Tá eolas maidir leis an tacaíocht atá le fáil, ar fáil ag ifca.ie.
Is féidir le cúramóirí altrama tairbhe a bhaint as tacaíocht teileafóin lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre do chúramóirí altrama Tusla ag an uimhir 1890 800 511. Tá tuilleadh eolais le fáil ag Tusla.ie/EmergencyService.