Céard é an Tionscnamh Fostaíochta don Óige?
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is ionann an Tionscnamh Fostaíochta don Óige agus acmhainn airgeadais lena soláthraítear cistiú mar chomhlánú do Chiste Sóisialta na hEorpa. Tá sé dírithe chun an dífhostaíocht i measc na hóige a laghdú, ach cuidiú le daoine óga chun rochtain a fháil ar an margadh saothair.
Soláthraítear sa Tionscnamh Fostaíochta don Óige €68.1 Milliún um chistiú do Chiste Sóisialta na hEorpa agus do Rialtas na hÉireann, agus an dá cheann acu ag soláthar cistithe chomhionainn.
Bíonn sé mar aidhm sa Chlár sin chun deiseanna saoil agus deiseanna díobh siúd ar imeall na sochaí a fheabhsú trí thacaíochtaí saindírithe ag leibhéal áitiúil.
Léigh an cás-staidéar faoin gClár chun foghlaim faoin tionchar a fhéadann bheith ag an gClár seo ar bheatha duine éigin. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoin gClár um Chuimsiú Sóisialta agus faoin nGníomhachtú Pobail anseo.
Tugtar an deis le Tús do dhaoine dífhostaithe chun glacadh le socrúcháin oibre ina gcuid pobal féin. Is éard is aidhm leis ná timthriall na dífhostaíochta a scoilt ach ullmhacht chun oibre, forbairt oilteachtaí agus infhostaitheacht a fheabhsú. Soláthraítear taithí i ndáil leis an bhfostaíocht do rannpháirtithe Tús, agus tugtar deis dóibh ag an am céanna chun timpeallachtaí oibre éagsúla a fheiceáil.
Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoi Thús abhus.
Is clár oideachais dara seans atá sna Ógtheagmháil, a dhírítear ar luathfhágálaithe scoile idir 15 agus 20 bliain d’aois. Reáchtálann lárionaid Ógtheagmhála ar fud na tíre cúrsaí ina soláthraítear deis do dhaoine óga chun teacht ar roghanna dóibhsean chun a gcumas a léiriú.
Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Ógtheagmhála i gcomhair a thuilleadh sonraí.
Infheistítear Ciste Sóisialta na hEorpa sa Tionscnamh Fostaíochta don Óige. Foghlaim a thuilleadh faoi Chiste Sóisialta na hEorpa ach cliceáil ar an tíl thíos.