Comhlachtaí Stáit
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanfaidh an Rialtóir maoirseacht ar rialachas éifeachtach, bainistíocht airgeadais agus feidhmíocht gach comhlacht tithíochta deonach agus comhoibritheach.
Tá an Bord Pleanála freagrach as cinntí a dhéanamh ar achomhairc agus ar nithe áirithe eile faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú.
Is é Ervia an chuideachta ilfhóntais tráchtála leathstáit atá freagrach as bonneagar agus seirbhísí náisiúnta gáis agus uisce na hÉireann a sholáthar.
Is fochuideachta de chuid Ervia é Líonraí Gáis Éireann, atá freagrach as gás náisiúnta na hÉireann a sholáthar.
Is comhlacht poiblí é An Chomhairle Oidhreachta a bhfuil sé mar mhisean aici tuiscint leathan a fhorbairt ar an maitheas ríthábhachtach a dhéanann ár n-oidhreacht dár bhfolláine shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíochta.
Tacaíonn an Ghníomhaireacht Tithíochta le húdaráis áitiúla, le comhlachtaí ceadaithe tithíochta agus leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil maidir le tithíocht agus seirbhísí tithíochta a sholáthar.
Cuireann an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe maoiniú iasachta ar fáil d’údaráis áitiúla agus don earnáil tithíochta dheonach lena úsáid acu chun críche ar bith a údaraítear leis na hAchtanna Tithíochta, 1966-2009, agus chun cistí a iasachtú nó a chruinniú chun na gcríoch sin.
Is é Uisce Éireann an fóntas náisiúnta uisce atá freagrach as seirbhísí uisce agus fuíolluisce a chur ar fáil ar fud na hÉireann.
Is comhlacht stáit í an An Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún a bunaíodh chun úsáidí níos fearr a bhaint as talamh atá faoi cheannas an stáit más cuí, agus béim á cur ar sholáthar tithíochta.
Gníomhaireacht údarás áitiúil atá sa Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, a bhfaigheann an chuid is mó dá cistiú ó údaráis áitiúla. Oibríonn sí san earnáil rialtais áitiúil, agus í ag tuairisciú ar fheidhmíocht, de réir mar is gá, don Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.
Déanann an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (CNMI) iniúchadh agus monatóireacht ar fheidhmiú airgeadais na gcomhlachtaí rialtais áitiúla maidir leis na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dóibh.
Chomh maith leis sin, tá ról ag CNMI maidir leis na nithe seo a leanas:
Cuireann an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Chóiríocht don Lucht Siúil comhairle ar an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil i dtaca le haon nithe ginearálta a bhaineann le cóiríocht don Lucht Siúil agus le cláir chóiríochta don Lucht Siúil a chur chun feidhme agus comhoibriú ina leith.
Tá Suirbhéireacht Ordanáis Éireann freagrach as taifid chinntitheacha léarscáilithe an Stáit a chruthú agus a chothabháil.
Is é an tÚdarás Clárúcháin Maoine an eagraíocht Stáit freagrach as clárúcháin gnóthaí maoine in Éirinn agus córas clárú teidil (úinéireacht) do thalamh a chur ar fail.
Tá an Bord um Réiteach Piríte freagrach as oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar dhamáiste do theaghaisí áirithe a eascraíonn as aistriú piríteach agus maoirsíonn sé cur chun feidhme éifeachtach an chláir oibreacha feabhsúcháin do theaghaisí a ndéantar difear dóibh.
Cuireann an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe faisnéis ar ardchaighdeán ar fáil do thionóntaí, do thiarnaí talún agus don phobal i gcoitinne faoi na cearta atá acu agus na hoibleagáidí atá orthu maidir le cónaí agus le cóiríocht a chur ar fáil san earnáil tithíochta ar cíos.
Cuireann an Oifig Luachála luachálacha atá cruinn agus cothrom le dáta ar mhaoine tráchtála agus tionsclaíocha ar fáil d’íocóirí rátaí agus d’údaráis rátála.
Déanann an Binse Luachála cinntí ar achomhairc a dhéantar i gcoinne cinntí ón gCoimisinéir Luachála maidir leis an luacháil ar mhaoine tráchtála.
Tuairiscíonn an Comhlacht Comhairleach Uisce faoi cé chomh maith is atá Uisce Éireann ag feidhmiú agus cabhraíonn sé muinín an phobail in Uisce Éireann a mhéadú.
I gcomhar leis na Treoirlínte ar Cheapacháin chuig Boird Stáit, is é atá sa suíomh Gréasáin stateboards.ie ná pointe teagmhála tiomnaithe aonair is féidir le gach iarratasóir ionchasach a úsáid chun spéis a léiriú i ndul isteach sna boird stáit a thagann faoi shainchúram na Ranna Rialtais uile. Ba cheart aon iarrataí faisnéise nó aon cheisteanna maidir leis an bpróiseas nó maidir le conas iarratas a dhéanamh a chur ar aghaidh chuig info@stateboards.ie
Déanfar gach ceapachán de réir na reachtaíochta rialaithe do gach Comhlacht Stáit.
Áirítear leis an gCód Cleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit cur síos ar na róil atá ag Cathaoirligh, ag Comhaltaí Boird agus ag Stiúrthóirí agus ar na freagrachtaí atá orthu.