Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2024
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh Scéim maoinithe i bhfeidhm ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán in 2024 chun tacú le tionscadail bheaga neamhspleácha a fhéachann cur le healaíona, cultúr, ceol, scannánaíocht nó oidhreacht oileán na hÉireann, nó ceann acu sin a cheiliúradh nó a chomóradh, ar bhonn Thuaidh/Theas.
Is gá a léiriú go soiléir go bhfuil gné Thuaidh/Theas ag baint le tionscadail dá dtabharfar maoiniú faoin scéim agus iad ag féachaint cur le healaíona, cultúr, ceol, scannánaíocht nó oidhreacht oileán iomlán na hÉireann, nó chun comóradh nó ceiliúradh a dhéanamh ar aon cheann acu sin.
Ba cheart maoiniú a chuirfear ar fáil faoin Scéim a úsáid chun freastal ar riachtanas cultúir ar leith agus chun tacú le cuspóir na Roinne a bhaint amach, is é sin lucht ealaíonta agus cruthaitheach na hÉireann a chothú agus a fhorbairt, rochtain ar na healaíona a fheabhsú, forbairt a dhéanamh ar na forais chultúir náisiúnta, ar bhonneagar réigiúnach na n-ealaíon agus ar an turasóireacht chultúir ar fud na tíre, agus é sin a dhéanamh i gcomhar le húdaráis náisiúnta agus áitiúla agus le comhpháirtithe eile.
Is tionscadail chruthaitheacha nuálacha a theastaíonn ón scéim. Ar samplaí de na cineálacha tionscadal a chuirfí san áireamh faoin scéim, tá tionscadail a dhéanfadh na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:
1. Comhoibriú agus comhthionscnaimh idir eagraíochtaí agus institiúidí ar bhonn Thuaidh/Theas a chur chun cinn;
2. Turasóireacht chultúir inbhuanaithe ar bhonn Thuaidh /Theas a chur chun cinn;
3. Cláir for-rochtana cultúir a chur ar fáil ar bhonn Thuaidh/Theas a chur chun cinn.
Tabhair ar aird: Ní chuirfidh an Roinn níos mó ná €15,000 ar fáil le haghaidh iarratas ar bith. Caithfear tionscadail a chur i gcrích ina n-iomláine roimh an 27 Meán Fómhair 2024, an dáta deiridh chun maoiniú a tharraingt anuas. Is íocaíocht chúlghabhálach a fhaigheann iarratasóirí a n-éiríonn leo, agus tá an íocaíocht bunaithe ar shonraisc íoctha agus cruthúnas ar íocaíocht a fháil i riocht ráitis bainc. Ní féidir íocaíochtaí in airgead tirim a chúiteamh.
Tá feidhm leis na critéir incháilitheachta seo a leanas:
1. Tá iarratais á lorg ó chomhlachtaí, ó eagraíochtaí agus ó fhorais atá ag feidhmiú ar bhonn neamhbhrabúsach. Iarrtar ar iarratasóirí Airteagail agus Meabhrán Comhlachais, Bunreacht nó Ráiteas ar rialacha agus nósanna imeachta caighdeánacha na heagraíochta/an fhorais a chur ar fáil;
2. Déanfar iarratais a mbeidh baint acu le comhpháirtíocht nó comhoibriú a mheas i dtaobh maoiniú a fháil faoin Scéim.
3. Ní féidir ach iarratas amháin an eagraíocht a chur isteach.
4. Níl cead ag iarratasóirí maoiniú a lorg ó aon scéim eile atá á riar ag an Aonad um Scéimeanna Cultúir (Scéim Taispeántais na Músaem Réigiúnach, an Scéim um Fhéilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag agus an Scéim um Inaistritheacht na mBailiúchán) don tionscadal céanna. Má dhéantar maoiniú a lorg ó níos mó ná scéim amháin don tionscadal céanna, féadfar diúltú d’iarratas amháin nó don dá iarratas.
5. Ní féidir tionscadail chaipitil a mheas i dtaobh maoiniú a fháil faoin Scéim.
6. Ní mór d’iarratasóirí Uimhir Thagartha Cánach bhailí a chur ar fáil i dtaca leis an eagraíocht. Tá Deimhniú Imréitigh Cánach ag teastáil i dtaca le gach eagraíocht a fhaigheann deontais, fóirdheontais nó íocaíochtaí den chineál céanna atá níos mó ná €10,000 ó roinn rialtais nó údarás poiblí le linn na bliana. Tá sé de fhreagracht ar iarratasóirí neamhchónaitheacha a chinntiú go bhfuil a gcúrsaí cánach in ord d’fhonn go mbeidís in ann leas a bhaint as an maoiniú má éiríonn leo.
Ba chóir a thabhairt ar aird nach gcuirfear maoiniú ar fáil i gcomhair béilí, fáiltithe ná aon ghnéithe sóisialta dá leithéid in aon iarratas.
Ar mhaithe le tuilleadh soiléireachta a thabhairt, seo a leanas liosta de na nithe atá lasmuigh de raon na scéime agus nach mbeidh incháilithe chun maoiniú a fháil. Ní liosta cuimsitheach é seo agus forchoimeádann an coiste measúnaithe an ceart aon iarratas a dhiúltú.
• Gnáthchostais oibriúcháin, lena n-áirítear tuarastail agus táillí cuntasaíochta
• Imeachtaí tráchtála / Fiontar chun brabús a dhéanamh
• Fáiltithe, alcól, agus araile
• Íocaíochtaí in airgead tirim
• Lóistín, cothú agus béilí
• Míleáiste/ costais taistil
• Duaiseanna agus Dearbháin
• Tionscadail chaipitil (mar shampla, trealamh, uirlisí ceoil, plaiceanna, dealbha, agus araile)
• Bronntanais
• Sonraisc in ainm an iarratasóra/na heagraíochta nó cuideachtaí faoi úinéireacht an iarratasóra
Ní mór d’iarratasóirí:
1. An cuspóir, an sprioc agus an toradh deiridh atáthar ag obair ina threo maidir leis an tionscadal beartaithe a leagan amach go soiléir;
2. A mhéid is a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na Scéime a léiriú, le tagairt faoi leith don ghné Thuaidh/Theas;
3. Na costais agus an t-ioncam ar fad a bhainfidh leis an tionscadal a léiriú i gcomhad excel;
4. A dheimhniú nach mbíonn na comhlachtaí, na heagraíochtaí ná na forais ag feidhmiú ar mhaithe le brabús a dhéanamh;
5. Achoimre a thabhairt ar shonraí maidir le maoiniú ó aon chomhlacht poiblí eile;
6. A dheimhniú gur féidir an tionscadal a bhaint amach maidir leis an scála, leis an acmhainn chun é a sheachadadh, leis na costais, leis an gcúnamh atá á lorg, agus leis an amlíne chun é a sheachadadh;
7. Sonraí a thabhairt go soiléir i dtaobh leibhéal acmhainní na heagraíochta féin a chuirfear ar fáil don tionscadal
8. Deimhniú a thabhairt go bhfuil gach uiríoll a dhéanfar san iarratas ar mhaoiniú cruinn agus fíor;
9. Na ceaduithe riachtanacha rialála go léir a bheith i bhfeidhm acu; agus
10. A bheith comhlíontach ó thaobh cánach de - Tabhair ar aird nach féidir iarratais a mheasúnú gan uimhir thagartha chánach;
11. Gan hipearnaisc chuig ábhar breise a úsáid mar nach n-áireofar sa mheasúnú an méid sin.
Cuir sonraí san áireamh maidir le tionscadail a bhaineann le Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú; an Ghaeilge nó Gníomhú ar son na hAeráide.
Déantar measúnú ar iarratais ar bhonn iomaíoch agus ní bheidh aon dul thar chinneadh an choiste measúnachta.
Déanfar gach iarratas a gheofar a bhreithniú agus a mheasúnú. Úsáidfear na critéir seo a leanas ina leith sin chomh maith le critéir eile:
1. A mhéid is a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na scéime;
2. Cé acu atá nó nach bhfuil an tionscadal réalaíoch maidir le scála, costais, an cúnamh atá á lorg agus an creat ama chun é a sheachadadh;
3. Acmhainn an iarratasóra chun an tionscadal a sheachadadh agus cé acu atá nó nach bhfuil cuntas teiste cruthaithe ann i ndáil le seachadadh ardchaighdeáin, in am agus laistigh de bhuiséad;
4. Leibhéal na ranníocaíochta pearsanta i leith an tionscadail.
Gheobhaidh na hiarratasóirí ar fad a n-éiríonn leo faoin scéim litir thairisceana agus Comhaontú Seirbhíse ina leagfar amach go soiléir na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann leis an maoiniú. Áireofar leo sin, ach gan bheith teoranta dóibh, na téarmaí agus coinníollacha ginearálta seo a leanas:
1. Beidh ar iarratasóirí tuairisc a chur ar fáil ar an tionscadal, le gur féidir cur i bhfeidhm agus tabhairt chun críche an tionscadail a dheimhniú;
2. Ní mór teacht a bheith ag oifigigh de chuid na Roinne ar an tionscadal de réir mar is cuí le go mbeifear in ann cigireacht a dhéanamh air;
3. Ní mór aitheantas a thabhairt d’ionchur na Roinne ar an tionscadal ar gach ábhar poiblíochta agus i ngach foilseachán, agus ní mór fianaise maidir leis an méid sin a léiriú;
4. Má bhíonn aon eolas faoin tionscadal ag teastáil ón Roinn ó am go chéile, caithfear an t-eolas sin a chur ar fáil go pras;
5. Ní mór bunsonraisc i dtaca le haon chaiteachas a chur ar fáil mar aon le cruthúnas gur íocadh iad a chur ar fáil i riocht ráitis bainc;
6. Ní mór na taifid ar fad ar chaiteachas agus ar na sonraisc agus na páipéir ghaolmhara a ghabhann leo a choinneáil lena n-iniúchadh de réir mar a d’éileodh oifigigh nó iniúchóirí ábhartha;
7. I gcás caiteachas aonair ar bith os cionn €5,000, ba chóir cloí leis na nósanna imeachta riachtanacha maidir le soláthar agus fianaise ina leith a chur ar fáil;
Mura gcloítear le téarmaí agus coinníollacha na scéime seo, d’fhéadfaí maoiniú a aistarraingt ón iarratasóir agus/nó d’fhéadfaí an t-iarratasóir a chur as an áireamh chun iarratas a dhéanamh ar scéimeanna eile ar feadh achair chinntithe. Coimeádann an Roinn an ceart chun aon leithdháileadh a tharraingt siar i gcás nach ndéanfar dul chun cinn oiriúnach chun an tionscadal a chur chun cinn agus/nó i gcás nach gcomhlíonfar téarmaí agus coinníollacha an mhaoinithe.
Féadfar suim an mhaoinithe sa litir thairisceana a bheith níos ísle ná an tsuim arna lorg ag an iarratasóir. Ní mór glacadh go foirmiúil le gach litir thairisceana, agus Comhaontú Seirbhíse a shíniú agus a sheoladh ar ais.
Tabhair ar aird go bhfoilseofar fógra oifigiúil ar láithreán gréasáin na Roinne ar a dtabharfar sonraí na leithdháiltí a cheadófar.
Is clár maidir le Dínit san Ionad Oibre é Sábháilte le Cruthú. Is éard is cuspóir linn athrú a chur ar chultúr agus ar chleachtais earnáil ealaíon na hÉireann ionas go gcuirfear coinníollacha oibre níos sábháilte ar fáil d’ealaíontóirí agus d’oibrithe ealaíon. https://www.safetocreate.ie/ga/abhaile/. . Tá an clár sin á bhainistiú ag Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann, thar ceann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon, Screen Ireland agus Minding Creative Minds.
Molaimid d’eagraíochtaí a bhfoireann a spreagadh chun na trí chúrsa oiliúna saor in aisce atá ar fáil ag an nasc gréasáin seo a leanas a chur i gcrích: https://www.safetocreate.ie/training-resources/training/.
Déanfar monatóireacht ar gach tionscadal a n-éireoidh leis ar bhonn leanúnach i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha i litir na tairisceana agus sa Chomhaontú Seirbhíse. Caithfear dóthain eolais a chur ar fáil leis an Roinn a shásamh go mbeidh an tionscadal ag dul ar aghaidh, go gcuirfear i gcrích in am é agus go gcloífear leis na costais a shocrófar.
Sula ndéanfar an íocaíocht deiridh, ní mór an Roinn a shásamh go bhfuil tuairisc ar an tionscadal faighte agus go bhfuil dóthain eolais ann lena dheimhniú go bhfuil an tionscadal curtha i gcrích mar a socraíodh.
Is féidir gach ceist a chur ar an ríomhphost chuig Co-OpNI@tcagsm.gov.ie
Cé atá in ann achomharc a dhéanamh:
Is féidir le hiarratasóir achomharc a dhéanamh má bhreithníonn an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar a iarratas. Ní mór ríomhphost an chinnidh a bheith faighte ag an iarratasóir ó Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúir le hachomharc a dhéanamh.
An tslí chun achomharc a dhéanamh:
Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta a luaitear sa ríomhphost ina dtugtar an cinneadh. Is gá na cúiseanna a bhaineann leis an achomharc a leagan amach go soiléir i ríomhphost agus é sin a chur chuig Oifigeach Achomhairc Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúir ag Co-opNI@tcagsm.gov.ie agus “Achomharc” a lua mar aon le huimhir an iarratais i líne an ábhair sa ríomhphost.
Ba chóir iarratais ar mhaoiniú faoin scéim a chur isteach mar atá sonraithe thuas faoin 1pm an 26 Aibreán 2024.
Ní mór aon chistí a leithdháilfear faoin Scéim a tharraingt anuas i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha a leagtar amach sa litir thairisceana agus sa Chomhaontú Seirbhíse tráth nach déanaí ná an 27 Meán Fómhair 2024. Ní ghlacfar le hiarratais ar íocaíocht i ndiaidh an dáta deiridh agus tarraingeofar maoiniú siar i gcás tionscadail nach mbeidh an tarraingt anuas iomlán curtha i gcrích ina leith faoin dáta sin.
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, féadfar sonraí a luaitear in iarratais agus i ndoiciméid tacaíochta a scaoileadh le tríú páirtithe, ar iarratas. Má tá faisnéis i d'iarratas atá íogair, sainaithin í agus tabhair míniú ar an gcúis nár chóir í a nochtadh. Sa chás ina bhfaightear iarratas chun faisnéis íogair faoin reachtaíocht a scaoileadh, rachfar i gcomhairle leat sula ndéanfar cinneadh maidir leis an bhfaisnéis sin a scaoileadh nó gan í a scaoileadh. Mar sin féin, mura gcuirtear in iúl go bhfuil faisnéis íogair ann, féadfar í a nochtadh gan dul i gcomhairle leat.
Tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus do mheas a léiriú air agus cuireann sí bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun do chuid faisnéise a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe. Ní dhéanfaidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha ar bith seachas an cuspóir ar bailíodh iad ina leith. Is féidir sonraí pearsanta a mhalartú le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla eile, le gníomhaireachtaí eile faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe ina bhforáiltear dó sin faoin dlí.
Ní choinneoidh an Roinn do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na gcríoch ar chucu a bailíodh agus a próiseáladh iad ina dhiaidh sin. Nuair atá an riachtanas gnó atá ann an t-eolas seo a choinneáil imithe in éag, déanfar na sonraí pearsanta a scrúdú d'fhonn iad a scriosadh chomh luath agus is féidir agus de réir pholasaí na Roinne. Is féidir tuilleadh eolais maidir le Cosaint Sonraí a fháil ar ár láithreán gréasáin: https://www.gov.ie/en/organisation-information/023ba-data-protection/.
Ní mór d’iarratasóirí treoirlínte na scéime a léamh sula gcuireann siad tús le hiarratas. Tá an fhoirm iarratais ar fáil anseo - https://artsandculture.submit.com/show/52. . Beidh ar an iarratasóir clárú sula gcuireann siad tús le hiarratas.
Ba chóir don iarratasóir a chinntiú go bhfuil an fhoirm iarratais comhlánaithe ina hiomláine agus curtha isteach, trí ‘Cuir Isteach’ a bhrú. Is féidir dréacht-leagan den iarratas a shábháil sula gcuirtear isteach é – ach tabhair faoi deara le do thoil nach mbreithneofar dréachtaí agus iarratais a chuirtear isteach i ndiaidh an spriocdháta.
I ndiaidh iarratas a chur isteach mar is ceart, eiseofar ríomhphost deimhnithe. Mura bhfuil dearbhú faighte agat go bhfuil d’iarratas faighte déan teagmháil leis an Roinn chomh luath agus is féidir chun a chinntiú go bhfuarthas d’iarratas.
Tabhair faoi deara freisin go bhféadfaí an doiciméad seo a nuashonrú ó am go ham.