Conas dóiteán i do theach a bhrath
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuimhnigh: D’fhéadfadh doleigheasta tarlú trí ionanálú deataigh i gcionn 3 nóiméad go díreach**.
Tarlaíonn a lán dóiteán san oíche nuair a bhíonn daoine ina gcodladh. Is féidir le deatach ó dhóiteán daoine atá ina gcodladh faoi chodladh níos troime, b’fhéidir nach músclódh sé iad. Trí aláraim dheataigh a shuiteáil beidh luathrabhadh faoi dhóiteán agat, rud a thabharfaidh am duit rud éigin a dhéanamh sula sáraíonn an deatach agus an múch díobhálach tú féin agus do theaghlach.
I ngnáth-theach dhá urlár, ba chóir ceithre bhrathadóir a shuiteáil – brathadóirí deataigh ar gach ceann staighre agus sa seomra suite agus brathadóir teasa sa chistin.
Ar an tsíleáil chomh gar do lár an tseomra agus is féidir leat. Déan cinnte go gcloisinn tú an t-aláram deataigh san oíche nuair a dhúntar na doirse.
Tá dhá chineál éagsúla Aláraim Dheataigh ann - “Ianúchán” agus “Optúil”
Is é seo an cineál aláraim dheataigh is saoire agus is coitianta. Tá sé an-íogair do cháithníní beaga deataigh ó dhóiteáin “lasrach” amhail pannaí sceallóg. Braithfidh sé an cineál seo dóiteáin ag na luathchéimeanna agus sula mbíonn an deatach ró-thiubh le héalú.
Cineál atá beagáinín níos daoire ach níos éifeachtúla chun cáithníní níos mó ó dhóiteáin “malldóite” a bhrath, amhail cnádú cúir nó sreangú PVC.
Tá aláraim dheataigh Ianúcháin nó Optúil 10 mbliana ar fáil agus feistítear iad le ceallra litiam fadsaoil nó le paca cumhachta séalaithe a mhaireann 10 mbliana.
Ní bhíonn mórán cothabhála de dhíth ar aláraim dheataigh ach ní mór a chinntiú go n-oibreodh sé nuair a bheidh gá leis:
Is iad na aláraim Dheataigh Optúla na cinn is oiriúnaí don áit seo toisc nach bhfuil siad ró-íogair i leith cáithníní beaga deataigh amhail cócaireacht tósta nó slisíní ag dó ach oireann siad go maith do cháithníní móra deataigh.
Déanann brathadóir teasa go díreach mar a shílfeá - braitheann sé teas ach ní bhraitheann sé deatach nó múch. Tá sé an-oiriúnach le húsáid i gceantair ina bhféadfadh gníomhachtú bréagach a bheith ann mar gheall ar ghal, slisíní bagúin a dhó, múch gluaisteán agus mar sin de.