Céard é an Cuimsiú Sóisialta?
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá “an Cuimsiú Sóisialta” ar cheann de na limistéir infheistíochta ar dhírigh an cistiú Eorpach air in Éirinn. Is éard is sprioc na hinfheistíochta úd ná chun cuidiú le daoine nó le pobail dá mbaineann deacrachtaí sa tsochaí. Tacaíonn dhá chiste leis an limistéar infheistíochta seo mar atá: Ciste Sóisialta na hEorpa agus Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe.
Is tríd an gClár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim a chuidíonn Ciste Sóisialta na hEorpa le daoine faoi mhíbhuntáiste, nach n-éiríonn chomh hiontach sin leo sa tsochaí, agus leo siúd ar deacair dóibh torthaí maithe a fháil ón oideachas, post a aimsiú, nó chun nascadh lena bpobalsan. Áirítear leis an gClár freisin bearta chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn, agus chun comhrac i gcoinne an leithcheala.
Tá clár saintiomanta ag Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe, Clár LEADER, lena gcumhachtaítear grúpaí pobail áitiúla chun spreagadh don fhás inbhuanaithe ina gceantair áitiúla.
Clár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama | € 297.6 milliún |
An Clár Forbartha Tuaithe | € 250 milliún |
Tabharfaidh LEADER €250m sa chistiú do ghrúpaí pobail áitiúla idir na blianta 2014 agus 2020, arna chistiú faoin gClár Forbartha Tuaithe.
Is í príomhaird an chláir sin ná chun pobail áitiúla a chumhachtú chun tionscadail a roghnú a mbainfidh tionchar leo ar a gceantar.
Foghlaim a thuilleadh faoi LEADER.
Cuidítear le daoine óga sa tionscnamh a bhíonn i mbaol, nó a bhíonn rannpháirteach san iompar frithshóisialta nó coiriúil. Dírítear é ar thionscadail i lár an phobail a chuidíonn leis na daoine óga sin chun nascadh lena gceantair áitiúla, á gcumasú chun roghanna dearfacha a ghlacadh agus chun éirí as an gciontú.
Soláthraítear leis na tionscadail Phromhaidh do Dhaoine Óga (PDÓ) réimse seirbhísí do chiontóirí óga sna pobail áitiúla, lena n-áirítear an oiliúint agus an t-oideachas, an mheantóireacht, agus cláir bhainistithe ciontóirí. Tacaítear le ceithre thionscadal PDÓ faoin gClár don Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim:
Infheistítear gach ceann de na Cistí thíos sa Chuimsiú Sóisialta agus sa Chomhrac i gcoinne an Leithcheala. Cliceáil ar na tíleanna sin chun na hinfheistíochtaí eile le gach Ciste a thaiscéaladh.