Tá an bhéim maidir le Leibhéal 4 ar na scoileanna agus na seirbhísí cúram leanaí a choinneáil oscailte an tráth céanna a gcoinnítear daoine sábháilte.
Is iad na gnólachtaí agus na seirbhísí sin amháin a bhfuil bunriachtanas leo a bheidh oscailte. Ní cheadófar cuairteoirí ag teach príobháideach ná teacht le chéile sóisialta de chineál ar bith. Beidh gach gnólacht agus seirbhís dúnta ach amháin an chuid a dhearbhaítear a bheith bunriachtanach.
I d'áras cónaithe féin nó do gharraí féin
An líon tí agus sin amháin - ní cheadaítear cuairteoirí.
Ionaid eile taobh amuigh de d'áras cónaithe féin nó do gharraí féin
Níor cheart go dtarlódh teacht le chéile sóisialta ná teacht le chéile teaghlaigh in aon ionad eile.
Is féidir le suas le 6 aoi freastal ar shearmanas pósta agus ar bhainis.
Timpeallacht faoi stiúradh atá i gceist sa chás seo le heagraí ócáide, úinéir nó bainisteoir ainmnithe.
Mar shampla: gnó, imeachtaí traenála, comhdhálacha, imeachtaí in amharclann nó i bpictiúrlann nó imeachtaí ealaíon de chineálacha eile (níl imeachtaí spóirt san áireamh).
Níor cheart go dtarlódh aon teacht le chéile eagraithe faoi dhíon.
Timpeallacht faoi stiúradh atá i gceist sa chás seo le heagraí ócáide, úinéir nó bainisteoir ainmnithe. Mar shampla: imeachtaí ealaíne faoin aer, imeachtaí traenála.
Is féidir teacht le chéile suas le 15 duine a eagrú.
Traenáil
Faoin aer: is féidir traenáil neamhtheagmhála a rith ach a eagrú i ngrúpaí suas le 15 duine.
Faoi dhíon: Traenáil aonair amháin. Ní cheadaítear ranganna aclaíochta ná ranganna damhsa.
Cluichí agus imeachtaí spóirt
Ní eagrófar cluiche ná imeacht spóirt ar bith.
Cás eisceachta: Is féidir spórt ar leibhéal gairmiúil agus sárchéime/idirchontae/rásaíocht capaill a eagrú gan lucht féachana i láthair.
Giomnáisiaim, ionaid fóillíochta agus linnte snámha
Giomnáisiaim, ionaid fóillíochta agus linnte snámha dúnta.
Eagrófar seirbhísí ar líne.
Beidh ionaid adhartha oscailte maidir le paidreoireacht phríobháideach.
Ceadaítear suas le 25 sochraideach.
Gach ionad dúnta.
Seirbhísí ar líne ar fáil.
Bia le breith leat nó a thugtar chuig an doras chugat agus sin amháin. Ní bheidh aon láthair itheacháin taobh istigh ar oscailt.
15 duine ar a mhéid i láthair itheacháin faoin aer.
Suíocháin taobh amuigh amháin, uasteorainn 15 duine.
Clubanna oíche, dioscónna agus caisíní
Fanfaidh clubanna oíche, dioscónna agus caisíní dúnta.
Oscailte ach d'aíonna reatha amháin agus dóibh siúd a bhfuil cúis riachtanach le lóistín acu nach mbaineann le cúrsaí sóisialta ná turasóireachta.
Ionaid miondíolacháin bhunriachtanacha amháin a fhéadann fanacht oscailte agus gnólachtaí atá amuigh faoin aer den chuid is mó. Gach ionad miondíolacháin agus seirbhísí pearsanta eile dúnta.
Níor cheart d'aon duine nach oibrí bunriachtanach nó oibrí sonraithe eile dul chuig an ionad oibre.
Fan i do chontae féin (nó limistéar sonraithe eile) ach amháin maidir le cúiseanna oibre, oideachais agus eile a bhfuil bunriachtanas leo.
Na scoileanna agus na naíonraí oscailte le bearta cosanta i bhfeidhm.
Soláthar ar líne den chuid is mó a chuirfear ar fáil i bhforais breisoideachais, i bhforais ardoideachais agus i bhforais oideachais do dhaoine fásta agus beidh na bearta cosanta cuí i bhfeidhm sa chás go gcaitear teacht i láthair san ionad féin.
Iad ar fad oscailte le bearta cosanta i bhfeidhm.
Déantar siúl nó rothaíocht nuair is féidir.
Cuirfear teorainn 25% i bhfeidhm maidir le líon na ndaoine ar an gcóras iompair phoiblí.
Seachnaítear an córas iompair phoiblí - oibrithe bunriachtanacha agus cúiseanna bunriachtanacha amháin.
Ba cheart dóibh siúd atá os cionn 70 bliain d'aois agus do dhaoine atá leochaileach ó thaobh cúrsaí sláinte a bheith cúramach maidir leis an méid caidrimh a bhíonn acu le daoine eile agus a mhéid a bhítear páirteach i mbearta taobh amuigh den áras cónaithe. Cuirfear lón treorach sonrach ar fáil.
Ní cheadaítear cuairteoirí ach amháin i gcásanna géarghá agus comhbhá.
Cuideoidh Creatchóras na mBeart Srianta linn dul i mbun an ghnáthshaoil chomh mór agus is féidir an tráth céanna a gcóirítear ár gcuid nósmhaireachta i leith an víris. Tá cúig cinn de Leibhéil sa Chreatchóras: