Earnáil na gColáistí Gaeilge
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cé gur ar lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge féin atá an phríomhfhreagracht maidir lena gcoláistí féin faoi seach, tá ról lárnach agus tacúil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ag an Roinn Oideachais araon chun tacú leis an earnáil trí chéile.
Is é an cuspóir foriomlán atá ag an dá Roinn sa chúram seo ná géilliúlacht maidir leis na dualgais ábhartha reachtúla a thiteann ar lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge a chothú, chomh maith le dea-chleachtas i ngach réimse ábhartha eile a chur chun cinn oiread is féidir san earnáil – lena n-áirítear gnóthaí teagaisc agus foghlama na gcoláistí. Cuimsíonn na dualgais reachtúla:
Is faoi réir na rialacháin agus na coinníollacha a leagtar amach sa cháipéis dar teideal: Rialacháin faoina dtugtar aitheantas do chúrsaí Gaeilge faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge 2019 (leasaithe) , a fheidhmíonn an dá Roinn mar a bhaineann sé leis an gcóras.
Sa chomhthéacs sin cuireann an Roinn Oideachais comhairle ar fáil, chomh maith le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le múineadh agus foghlaim, le cáilíochtaí múinteoirí agus le caighdeán ginearálta na gcúrsaí.
Ar mhaithe le deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga lasmuigh den chóras oideachais iarbhunscoile a chothú sa Ghaeltacht d’aos óg na tíre, cuireann an Roinn fóirdheontas ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge atá iníoctha le teaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a ndéanann freastal ar chúrsa Gaeilge in aon cheann den c. 42 coláiste Gaeilge atá ag feidhmiú i 55 ionad ar leith atá aitheanta faoin gcóras.
Is fiú €12 in aghaidh an lae (ionann le €252 in aghaidh an scoláire i leith cúrsa trí seachtaine) an fóirdheontas seo, a mbaineann breis agus 26,000 scoláire leas as in aghaidh na bliana fad is atá siad ag fanacht le teaghlaigh fud fad na Gaeltachta atá aitheanta faoin scéim. Is ionann seo agus infheistíocht stáit ar fiú breis agus €5m é san earnáil go bliantúil.
In éindí leis an gcúnamh praiticiúil seo, déanann an Roinn trí chiste faoi leith eile a riar faoi scáth na scéime, ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, eadhon:
• DEIS Gaeltachta - Faoin tionscnamh seo ar cuireadh tús leis in 2019 cuirtear 400 scoláireacht ar fáil go bliantúil ar fiú c. €850 an ceann ar mhaithe le deiseanna faoi leith a chur ar fáil do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre chun freastal a dhéanamh ar choláiste Gaeilge sa Ghaeltacht.
• ERASMUS Gaeltachta – Faoin tionscnamh seo ar cuireadh tús leis in 2019 tá ciste bliantúil ar fiú €250,000 cruthaithe chun an deis a thabhairt do suas le 175 mac léinn tríú leibhéal cur fúthu ar feadh seimeastar ollscoile le teaghlaigh Ghaeltachta fad is atá siad ag freastal ar chúrsa cáilithe tríú leibhéal.
• ÁRAINN Gaeltachta - Faoin tionscnamh seo cuirtear ciste ar fáil ar fiú suas le €150,000 in aghaidh na bliana chun gur féidir le c.30 scoláire iar-bhunscoile in aghaidh na bliana, scoilbhliain iomlán a chaitheamh ag freastal in aon cheann den trí iar-bhunscoil ar na hoileáin Árann.
Ina theannta sin cuirtear maoiniú ar fáil don scátheagraíocht Comhchoiste na gColáistí Samhraidh ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí samhraidh.
Is mar chuid den Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga a ndéantar an scéim a riar, ar leas an phróisis pleanála teanga agus chur i bhfeidhm foriomlán na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Leagtar amach faoi Réimse Gnímh 2 den Plean Gníomhaíochta 2018-2022 - a d’fhoilsigh an Roinn i mí Meithimh 2018, cad atá ar bun agus beartaithe ag an Roinn i gcomhar le páirtithe leasmhara eile mar a bhaineann sé leis an earnáil.
SFG 1 - Leathán Eolais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
SFG 2 - Foirm Iarratais ar Aitheantas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
SFG 3 - Sainordú EFT - Sonraí Bainc - Teaghlach-Cúntóir Áitiúil
SFG 4 - Teastas Innealtóra faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
Ní mór do choláistí Gaeilge aitheantas a lorg ar chúrsaí Gaeilge roimh thús na gcúrsaí. Gheobhaidh coláistí Gaeilge atá ag lorg aitheantais do chúrsaí Gaeilge na cáipéisí go léir a bhaineann le cúrsaí agus Aicmí le híoslódáil, le comhlánú agus le cur ar ais chuig an Roinn trí ríomhphost amháin colaistigaeilge@tcagsm.gov.ie thíos.
Rialacháin faoina dtugtar aitheantas do chúrsaí Gaeilge faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge 2019 (leasaithe)
AICME B, C & D FOIRM IARRATAS AITHEANTAS MAR CHOLÁISTE GAEILGE
ERASMUS GAELTACHTA - FOIRM IARRATAS AR AITHEANTAS MAR CHOLÁISTE GAEILGE
ÉILEAMH ÍOCAÍOCHTA TEAGHLAIGH - DEARBHÚ SCÉIM NA bhFOGHLAIMEOIRÍ