Cúramóirí agus Pinsean Stáit (Ranníocach)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fheáfadh go mbeidh cúramóirí a thóg am amach as obair chun cúram ar bhonn lánaimseartha a bheith i dteideal le cur isteach ar Thacaíochtaí Cúraim Pinsin chun cabhrú le cáiliú do Phinsean Stáit (Ranníocach) ag brath ar chúinsí an churaim.
Má thóg tú am amach as obair chun cúram lánaimseartha a sholáthar do do leanaí agus iad faoi aois 12, d'fhéadfadh go mbeidh tú i dteideal le cur isteach ar an Scéim Chúramaí Baile nó Scéim Tréimhsí Cúram Baile chun an bhearna a líonadh i do thaiféad ranníocaíochta agus tú ag cur isteach ar do phinsean.
Cuir isteach d'iarratas ar Thacaíochtaí Cúraim Pinsin do mheasúnú.
Má chuir tú cúram lánaimseartha ar fáil do dhuine a bhí tinn nó faoi mhíchumas d'fhéafadh go bhfuil tú i dteideal le cur isteach ar an Scéim Chúramaí Baile nó Scéim Tréimhsí Cúram Baile nó ar Tréimhsí Ranníocaíochta Cúramóirí Fadtéarmacha chun an bhearna a líonadh i do thaifaad ranníocaíochta agus tú ag cur isteach ar do phinsean.
Cuir isteach d'iarratas ar Thacaíochtaí Cúraim Pinsin le do thoil agus déanfar measúnú ort.