Grúpa oibre de pháirtithe leasmhara chun athbhreithniú a dhéanamh ar choistí um bheartas straitéiseach na n-údarás áitiúil
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn ag tapú an deis maidir le tabhairt faoi athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar fheidhmiú na gCoistí um Beartais Straitéiseacha. Tá Grúpa Oibre Páirtithe Leasmhara (GOPL) curtha ar bun chun treoir agus comhairle a chur ar lucht an athbhreithnithe chomh maith le maoirseacht a dhéanamh ar an obair atá idir lámha acu. Tá tacaíocht rúnaíochta á cur ar fáil ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is é an Foras Riaracháin a dhéanfaidh an t-athbhreithniú agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an GOPL le go ndéanfaidís tráchtaireacht air. Cuirfear an tuarascáil agus an tráchtaireacht faoi bhráid an Aire ansin.
Mar chuid den athbhreithniú seo beidh próiseas taighde agus comhairliúcháin, measúnú ar na socruithe atá ann cheana, agus aon mholadh faoi athruithe chun feabhais a mheastar a bheith riachtanach maidir leis na socruithe atá ann faoi láthair.
Ainm an Bhaill | Eagraíocht | An raibh an ball ina Oifigeach Poiblí Ainmnithe? (Do bhaill nach mbaineann leis an seirbhís phoiblí) |
Diarmuid O’Leary (Chair) | An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta | - |
Cllr Nick Killian | Aontas Rialtas Áitiúil na hÉireann | - |
Cllr Anne Colgan | Aontas Rialtas Áitiúil na hÉireann | - |
Cllr Micheál Anglim | Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil | - |
Cllr John Sheahan | Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil | - |
Mark Keaveney (ó 10ú lá de Shamhain 2022) | Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach | - |
Amanda Byrne (ó 10ú lá de Shamhain 2022) | Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach | - |
Louise Purcell | An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta | - |
Eoin Colleary | An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta | - |
Grant Couper (Rúnaí ar Ghrúpa Oibre na bPáirtithe Leasmhara) | An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta | - |
Brian O’Loughlin | An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta | - |
Anthony O’Mahony | An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta | - |
Kieran Moylan | An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail | - |
Lucy Pyne (ó 21 lá de Márta 2023) | An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide | - |
Niall Cussen | Oifig an Rialaitheora Pleanála | - |
Susan O’Toole (ó 28 lá de Márta 2023) | An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil | - |
Liam Berney | Comhdháil na gCeardchumann | Ní raibh |
Mr Charles Stanley-Smith | Grúpa Comhairleach Náisiúnta an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí | Ní raibh |
Aebhric McGibney | Comhlachais na hÉireann (Comhlachas Bhaile Átha Cliath) | Ní raibh |
Alice Doyle (ó 2 Feabhra 2024) | Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann | |
Tony McCarthy | Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin - An Colún Pobail agus Deonach, An Rúnaíocht | Ní raibh |
Derry O’Farrell | Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chathair Chorcaí - An Colún Comhshaoil, An Rúnaíocht | Ní raibh |
Deirdre Arnold | Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Uíbh Fhailí - Cuimsiú Sóisialta, Ionadaí | Ní raibh |
Eoghan Ryan (ó 29 Eanáir 2024) | Comhairle Contae Chill Dara | - |
Eamon Lonergan (ó 28 Feabhra 2024) | Comhairle Contae Thiobraid Árann | - |
Terms of Reference - Stakeholder Working Group (SWG) for the review of local authority Strategic Policy Committees
Táthar ag súil go gcuirfidh an sainchomhairleoir ón bhForas Riaracháin tuairisc dheiridh isteach chuig Grúpa Oibre na bPáirtithe Leasmhara (GOPL) le linn an tsamhraidh in 2023. Pléifidh an GOPL an tuairisc agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig an Aire é le tráchtaireacht an Ghrúpa.
An GOPL ag déanamh maoirseacht ar athbhreithniú Choistí na mBeartas Straitéiseach, "Comhlacht lomchuí", mar a leagadh amach faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Cloíonn sé le forálacha faoin gCód Trédhearcachta atá bainteach leis, agus mar sin ní gá dó cloí leis an riachtanas cláraithe agus tuairiscithe a bhaineann le gníomhaíochtaí brústocaireachta.
Táthar ag súil go ndéanfaidh Grúpa Oibre na bPáirtithe Leasmhara teagmháil leis an Aire agus go gcuirfidh sé a chuid tuairimí ar thuairisc dheiridh an Fhorais Riaracháin faoi dheireadh 2023.