Na hEalaíona Cruthaitheacha: Scannáin
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tacaíonn an Roinn le forbairt agus le leathnú na hearnála léirithe scannán agus teilifíse. I dtaca leis sin, oibríonn an Fís Éireann chun a chinntiú go n-uasmhéadaítear Éire mar áit chun scannán idirnáisiúnta a tháirgeadh.
Is é Bord Scannán na hÉireann an ghníomhaireacht forbartha náisiúnta do dhéantús scannán na hÉireann agus tionscal scannáin, teilifíse agus beochana na hÉireann, ag infheistiú i dtallainn, i gcruthaitheacht agus i bhfiontraíocht. Tacaíonn an ghníomhaireacht le scríbhneoirí, stiúrthóirí agus cuideachtaí léirithe sna hearnálacha seo trí iasachtaí infheistíochta a sholáthar d'fhorbairt, do tháirgeadh agus do dháileadh tionscadail scannán, teilifíse agus beochana. Tá Bord Fís Éireann, cé go bhfuil sé maoinithe ag an Roinn seo, neamhspleách go hiomlán ina chuid oibríochtaí ó lá go lá. Tá tuilleadh faisnéise maidir le ról Fís Éireann ar fáil ar a láithreán gréasáin ar www.screenireland.ie.
Forálann alt 481 don Acht Comhdhlúite Cánach 1997, arna leasú ag an tAcht Airgeadais 2018, d'éileamh ó cuideachta léiriúchán díreach chuig an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, do teastas ag rá go bhfuil scannan cáiltheach mar scannán faoi alt 481. Áit a éisíonn an tAire teastas maidir le scannán cáiltheach, agus nuair atá na forálacha eile faoi alt 481 comhlíonta, d'fhéadfadh cuideachta léiriúchán iarratais a dhéanamh go dtí an Coimisimeir Ioncaim do creidmheas cánach corparáideach um scannáin.
Tá tuile eolas faoin creidmheas cánach corparáideach scannáin le fáil ó suíomh gréasáin na gCoimisiméirí Ioncaim ag www.revenue.ie.
Tá deimhniúchán ceadaithe ag an tAire i gcomhréir leis na rialacháin déanta faoi alt 481 an tAcht um Chomhdhlúite Cánach S.I. Uimhir 119/2019 Rialachain Scannáin 2019 agus SI No 120/2019 Film (Commencement Order) Regulations 2019.
Tá iarratas ar dheimhniú comhdhéanta den eolas atá le leagan amach sa bhFoirm Iarratais (Táb A) agus an cháipéisíocht tacaíochta atá leagtha amach i dTábanna B go M. Ní mór iarratais (TÁB A go TÁB M, an dá fhoirm sin san áireamh) a chur ar aghaidh i scríbhinn chuig an Aire ar a laghad 21 lá oibre sula gcuirtear tús leis an léiriú in Éirinn. Tá an fhoirm iarratais TÁB A ar fáil anseo agus tá treoir maidir le líonadh na hiarratais le fail anseo .
Foirm Iarratais ar Theastas faoi Alt 481 den Acht Comhdhlúite Cánach 1997 arna Leasú
Tá Táb E Sceideal maidir le Daoine & Laethanta ar fáil thíos
Is féidir teacht ar Phlean Forbartha Scileanna TÁB F (níos lúná €2 mhilliún) le fáil thíos.
Is féidir teacht ar Phlean Forbartha Scileanna TÁB F (níos mó ná €2 mhilliún) ó láithreán gréasáin Screen Skills Ireland anseo .
Ba cheart an foirm iarratais agus na cáipéisí tacaíochta (Táb B go M) a seoladh le ríomhphost go section481@chg.gov.ie
Foráiltear in Acht Airgeadais 2018 do chuidiú d’fhorbairt réigiúnach scannán ghearrthéarmach, bharrchaolaithe. Tá ceadú anois faighte ó Choimisiún an AE don scéim agus beidh Rialacháin na Scannán 2019 (Cuidiú D'Fhorbairt Réigiúnach) (Leasú) SI 358 2019 agus an tOrdú um Thosach Feidhme a thugann éifeacht don athrú anois foilsithe anseo. Tá Nóta Treorach maidir le hiarratas a dhéanamh leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Alt 481 den Acht Comhdhlúite Cánach 1997, Faoiseamh i leith Infheistíochta i Scannáin, arna fhoilsiú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an fhoirm iarratais nuashonraithe agus na hathruithe sin glactha san áireamh.
Is i gcomhréir leis an dlí um chosaint sonraí agus príobháideachais chun agus críocha fheidhmeanna na Roinne seo amháin a dhéanfaidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta aon sonraí pearsanta a phróiseáil. Le haghaidh tuilleadh eolais, cliceáil anseo.
Tá an Roinn ag leanúint de hiarratais ar dheimhniú a phróiseáil. Ba chóir cóipeanna de DVDanna agus táblaí TÁB Z comhlánaithe, atá le bheith istigh laistigh de 6 mhí ó gcríochnaítear an scannán, a chur ar aghaidh go fóill chuig Aonad na Scannán, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, An Bóthar Nua, Cill Airne, Co. Chiarraí.
Tá teastais bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear ar aghaidh le linn an phróisis iarratais agus ar an tuiscint nach sáróidh na tograí aon cheann de na coinníollacha le haghaidh faoisimh. Ní mór aon athrú a d'fhéadfadh a bheith ar bhunús an ábhair a cuireadh ar aghaidh de réir mar a bheidh an togra ag dul ar aghaidh a chur in iúl don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Áirítear air sin an léiriú a bheith curtha ar fionraí.
Ní mór an Roinn a chur ar an eolas faoi:
Ba chóir fógraí a sheoladh chuig section481@chg.gov.ie agus an méid seo a leanas a bheith i dteideal an ábhair: “Fógra go bhfuil léiriú ar scor” chomh maith le hainm an scannáin.
In am trátha, nuair a bheidh tús curtha leis an léiriú arís, ba chóir fógra den chineál céanna a chur chuig an Roinn chomh maith leis an dáta ar ndeachthas ar ais i mbun léirithe.
Chun breis faisnéise a fháil, déan teagmháil le:
Teil: (+353 64) 6627214
Ríomhphost: section481@chg.gov.ie