Oibiachtúlacht agus cothroime a chinntiú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá gealltanas i dtaca le hoibiachtúlacht agus cothroime ag croílár na gcéimeanna scoilbhunaithe agus na gcéimeanna caighdeánaithe náisiúnta de chóras na nGrád atá Creidiúnaithe ag CSS. Chun é sin a chinntiú, ní fhéadfar cur as don phróiseas scoilbhunaithe.
Dá bhrí sin, ní ceadmhach don phríomhoide, don phríomhoide tánaisteach/do na príomhoidí tánaisteacha nó d’aon bhaill d’fhoireann na scoile na marcanna measta atá á gcur isteach ag an scoil a phlé le scoláire ar bith ná le tuismitheoir/caomhnóir scoláire ar bith. Tá dhá chúis leis sin:
I gcás go ndéanann duine iarracht tionchar míchuí a imirt ar an bpróiseas meastacháin, d'fhéadfadh coinneáil siar torthaí nó iarmhairtí níos tromchúisí a bheith mar thoradh air. Tá tuilleadh breithnithe á dhéanamh ar an ngné sin agus foilseofar eolas mionsonraithe faoi na hiarmhairtí a bhaineann le hiompar den chineál sin a luaithe agus is féidir.
Beidh sé de rogha ag iarrthóir achomharc a dhéanamh i gcoinne a t(h)oraidh i Scrúdú na hArdteistiméireachta agus nó i gcoinne a G(h)ráid atá Creidiúnaithe ag CSS.
Leanfaidh iarrthóirí atá ag déanamh achomhairc i gcoinne toradh scrúdaithe próiseas achomharc CSS. San áireamh ansin, tá deis iniúchadh a dhéanamh ar na scripteanna a mharcáil scrúdaitheoirí CSS.
I gcás iarrthóirí atá ag déanamh achomhairc i gcoinne Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS, is athbhreithniú ar phróiseas é an próiseas um achomharc a dhéanamh i gcoinne Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS. Tá an t-athbhreithniú dírithe ar earráidí a lorg i seachadadh agus i bhfáil shonraí na scoláirí.
Tá trí chéim san áireamh sa phróiseas um achomharc a dhéanamh i gcoinne Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS, mar seo a leanas:
Céim 1: Déanfar seiceálacha ar an foirmeacha a chomhlánaigh an scoil lena sheiceáil an ndearnadh an t-eolas a aistriú i gceart ó na foirmeacha chuig an gcóras bailithe sonraí
Céim 2: Déanfar athbhreithniú lena chinntiú go bhfuarthas na sonraí i gceart agus gur seachadadh mar ba cheart iad trí na córais a úsáidtear sa phróiseas caighdeánaithe náisiúnta atá á reáchtáil ag CSS.
Glacfar Céim 1 agus Céim 2 le chéile.
Céim 3: Féadfaidh scoláirí atá míshásta le toradh an phróisis thuas próiseas ar leithligh a agairt le go ndéanfaidh Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomhairc athbhreithniú ar a n-achomharc. Tá na scrúdanóirí sin neamhspleách ar CSS.
Déanfaidh na Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomhairc seiceáil lena chinntiú gur leanadh na nósanna imeachta cearta le linn an phróisis achomharc. Beidh teacht ag na Scrúdanóirí ar na taifid agus ar na doiciméid a cuireadh san áireamh ag Céim 1 agus ag Céim 2.
Féadfaidh scoláirí a bhfuil an próiseas achomharc a bhfuil breac-chuntas tugtha air ídithe acu agus a cheapann nach ndearnadh a gcás a phróiseáil i gceart, gearán a dhéanamh leis an Ombudsman nó, i gcás scoláirí atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, leis an Ombudsman do Leanaí.