Roghanna Tithíochta don Phobal atá ag dul in Aois - Ráiteas Beartais
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is faide anois atá pobal na hÉireann ag maireachtáil ná mar a bhí riamh agus tá líon na ndaoine aosta seasta ag dul i méid. De réir mar atá na daoine aosta sa tsochaí ag dul i líonmhaire, is mó an líon daoine inár measc ar féidir linn a bheidh ag súil leis go mbeidh saol fada againn agus go mbainfimid taitneamh as an saol agus muid ag dul anonn sna blianta. Is teist shoiléir é an méid sin é an dul chun cinn atá déanta ag an Stát seo ó thaobh na sochaí agus an gheilleagair le blianta beaga anuas. Is rud é sin ar féidir le muintir na tíre seo é a cheiliúradh agus a bheith bródúil as. Mar sin féin, ní mór dúinn smaoineamh freisin ar na dúshláin a bheidh le sárú againn dá bharr sna blianta atá le teacht, i mbeagnach gach gné den bheartas poiblí. Beidh an
tithíocht agus an cúram sláinte i measc na réimsí dúshláin sin. Ní mór dúinn pleanáil romhainn chun freastal ar na riachtanais chóiríochta a bheidh ann agus muintir na hÉireann ag dul in aois. Is céim thábhachtach é an Ráiteas Beartais seo sa phróiseas sin.
Roghanna Tithíochta don Phobal atá ag dul in Aois - Ráiteas Beartais