I gcomhthéacs an phróisis scoilbhunaithe, is é an ról atá ag an múinteoir ábhair marcanna a sholáthar a léiríonn:
I gcás na n-ábhar a scrúdaítear trí scrúdú scríofa agus comhpháirteanna breise tá sé tábhachtach go ndéanfaí foghlaim agus inniúlachtaí na ndaltaí ar fud réimse d’eolas agus de scileanna praiticiúla agus feidhmeacha a bhreithniú. Dá bhrí sin, beidh sé riachtanach go gcuirfeadh múinteoirí feidhmíocht dhóchúil an scoláire sa scrúdú scríofa chomh maith le feidhmíocht dhóchúil an scoláire sa chomhpháirt bhreise (sna comhpháirteanna breise) san áireamh nuair a bhítear ag teacht ar an marc céatadáin measta.
Nuair a bheidh na marcanna measta thuas á soláthar beidh ceithre cinn de phríomhchéimeanna scoilbhunaithe i gceist.
1. An meastachán an dhéanann an múinteoir ar mharcanna céatadáin an scoláire
2. Ailíniú na scoile ar na marcanna i leith ábhair trí ghrúpa ailínithe ábhair a chuimsíonn múinteoirí a bhfuil an t-ábhar á theagasc acu do scoláirí Ardteistiméireachta i mbliana
3. Maoirseacht á déanamh ag príomhoide na scoile ar an bpróiseas ailínithe
4. Seachadadh na marcanna i gcomhair caighdeánú náisiúnta.
Déantar gach ceann de na céimeanna sin a leagan amach go mion thíos.
*Tabhair do d’aire go bhfuil athruithe déanta ar na scrúduithe in 2021. Féach cuid 2.1 agus na Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2021