Le linn na hoibre, beidh rochtain á fáil ar dhoiciméid ina bhfuil sonraí pearsanta faoi dhaoine aonair agus beidh siad á nginiúint agus á bplé. Tá sé tábhachtach go gcomhlíonfadh siad siúd go léir atá rannpháirteach san obair polasaithe cosanta sonraí na scoile, más i dtaca le taifid a ghiniúint, rochtain a fháil orthu nó iad a sheachadadh é sin, nó i dtaca leis na bealaí trína ndéantar eolas rúnda a phlé.
Má fhaigheann scoil iarraidh ar rochtain ar shonraí ó scoláire maidir lena marcanna sula n-eisítear na torthaí, ba cheart don scoil freagra a thabhairt agus a rá: