Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta - Roghanna Aisíocaíochta Fostóra
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Faoin Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967, nuair a dhéantar íocaíocht iomarcaíochta ón gCiste Árachais Shóisialaigh le fostaí thar ceann fostóra, ardaítear fiachas in aghaidh an fhostóra sin. Tá oibleagáid dhlíthiúil ar an Roinn Coimirce Sóisialaí an fiachas seo a aisghabháil ón bhfostóir.
Tá na roghanna íocaíochta seo a leanas ar fáil d’fhostóir chun an fiachas Scéime Íocaíochtaí Iomarcaíochta seo a aisíoc:
1. Aistriú Bainc
- Buanordú
- Cuntas Bainc Admhálacha REIF na Roinne Íocaíochta
2. Seic nó Ordú Airgid Poist
Is é an modh íoctha is fearr ná trí Bhuanordú/Íocaíocht Dhíreach chuig Cuntas Bainc Admhálacha REIF na Roinne.
Is féidir leat buanordú nó aistriú bainc díreach a oscailt i do bhanc áitiúil nó trí do bhaincéireacht ar líne.
Bíodh sé iníoctha, le do thoil, do:
Aire RCS (DSP) - Admhálacha REIF agus postáil chuig:
Rannóg Iomarcaíochta agus Bainistíochta Fiachais Dócmhainneachta,
An Roinn Coimirce Sóisialaí,
Urlár na Talún, Teach Gandon,
Sráid Amiens
Baile Átha Cliath 1.
D01 A361
Cuir nóta cumhdaigh le do sheic nó ordú airgid poist agus lua d’Uimhir ÍMAT agus d’ainm agus do sheoladh.