Clár Samhraidh 2024: clár scoilbhunaithe i mbunscoileanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I mbliana, is féidir le gach bunscoil clár samhraidh a chur ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais chasta speisialta oideachais acu agus dóibh siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.
Cuireann clár scoilbhunaithe eispéireas níos iomláine ar fáil do dhaltaí agus cabhraíonn sé leis an nasc a choinneáil leis an scoil agus le piaraí.
Tá dhá scéim ar fáil i gClár Samhraidh 2024 do bhunscoileanna príomhshrutha
• An Scéim Bunscoile – do dhaltaí atá cláraithe i ranganna speisialta, chomh maith le daltaí i ranganna príomhshrutha a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, agus dóibh siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachais
• Litearthacht agus uimhearthacht campa samhraidh/campaí samhraidh do dhaltaí i scoileanna CDSIS.
Clár Samhraidh 2024 do bhunscoileanna: Forbhreathnú
Treoir maidir le Clár Samhraidh 2024 Do Bhunscoileanna agus Scoileanna Speisialta Príomhshrutha
Beidh seimineáir ghréasáin agus/nó acmhainní, nuair atá siad ar fáil, le feiceáil anseo.
Chun rochtain a dhéanamh ar na seimineáir ghréasáin agus ar acmhainní sna blianta roimhe seo, cliceáil anseo le do thoil
Aguisín A – Teimpléad le haghaidh na Tuairisce Cláir Samhraidh
AGUISÍN C – TEIMPLÉAD LE HAGHAIDH COMHAIRLIÚCHÁN AR AN GCLÁR SAMHRAIDH
Clár Campaí Samhraidh Litearthachta agus Uimhearthachta do Bhunscoileanna DEIS 2024 Muinín agust Ceangail a Chothú, Lámhleabhar do Mhúinteoirí’
Ní mór do bhunscoileanna ar mian leo a bheith páirteach i gClár Samhraidh 2024 clárú ar Thairseach na Roinne um Chlárú ar Líne:
Beidh an tairseach ar fáil go luath i ndiaidh an clár a sheoladh chun ligean do scoileanna breithniú a dhéanamh ar an scála cláir is féidir leo a reáchtáil. Cuirfear in iúl do scoileanna faoi dháta oscailte na tairsí leis an nasc iomchuí.
Tar éis an chlárúcháin, eiseofar r-phoist cheadaithe chuig scoileanna do gach scéim dá bhfuil siad cláraithe ag leagan amach na n-acmhainní a ceadaíodh dóibh.
Is féidir leat féachaint ar phríomhoidí, múinteoirí agus baill foirne scoile éagsúla ag caint faoina n-eispéiris maidir leis an gclár samhraidh a reáchtáil san am atá thart ón nasc thíos
Clár Samhraidh 2024 : Eolas do thuismitheoirí
Bainfidh na scoileanna rannpháirteacha úsáid as córas Esinet na Roinne chun éilimh a chur isteach. Leis sin, beifear in ann éilimh a phróiseáil ar bhonn leanúnach i rith an tsamhraidh.
Déanfaidh an Roinn iarracht amanna íocaíochta a laghdú i mbliana maidir le gach éileamh ar íocaíocht iomlán a chuirtear isteach roimh na spriocdhátaí foilsithe. Próiseálfaidh an Roinn íocaíochtaí le múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta de réir mar a chuirtear éilimh íocaíochta chríochnaithe isteach thar thréimhse an tsamhraidh tríd an tairseach Esinet.
Eiseofar eolas do scoileanna rannpháirteacha maidir le conas éilimh ar íocaíochtaí a chur faoi bhráid na foirne sula gcuirfidh siad tús lena gclár samhraidh.
Beidh líne chabhrach an Chláir Shamhraidh ag feidhmiú ó Luan go hAoine idir 9:00am agus 5:00pm ag 090648 4292.
Is féidir ceisteanna ríomhphoist ar an gclár scoilbhunaithe a sheoladh chuig schoolsummerprogramme@education.gov.ie