Tá mo CAO á líonadh amach agam – Roghanna Fochéime
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugtar oideachas tosaigh múinteoirí (ITE) ar an staidéar a dhéantar chun bheith i do mhúinteoir.
Féadfaidh tú staidéar a dhéanamh chun bheith i do mhúinteoir trí fhochéim a dhéanamh nó staidéar a dhéanamh ar feadh dhá bhliain don iarchéim Máistir Gairmiúil le hOideachas - MGO .
Féadfar iarratais ar chúrsaí fochéime ITE a dhéanamh tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO).
Féadfar liosta de chláir chreidiúnaithe ITE a fháil anseo.
Tá íosriachtanais sa mhatamaitic, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge san Ardteistiméireacht de dhíth. Féadfar miondealú iomlán ar na riachtanais a fháil anseo.
Tá grafaic faisnéise cruthaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta ina leagtar amach na cosáin fochéime agus iarchéime chun na múinteoireachta. Is féidir teacht ar an ngrafaic faisnéise anseo.
Is é an deontas do mhic léinn an tacaíocht airgeadais is mó atá ar fáil do mhic léinn atá ag freastal ar chúrsaí breisoideachais agus ardoideachais ar bhonn lánaimseartha. Féadfaidh deontas cothabhála agus/nó deontas táillí bheith i gceist, ag brath ar incháilitheacht.
Tá tuilleadh eolais faoi sparánachtaí agus faoi thacaíochtaí airgeadais eile agus faoi na critéir do Scéim na dTáillí in Aisce ar fáil ag studentfinance.ie.
Naisc úsáideacha eile: