Teagmháil idir scoláirí agus múinteoirí agus na Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leanfaidh an príomhoide, an príomhoide tánaisteach/na príomhoidí tánaisteacha nó baill eile d’fhoireann na scoile na nósanna imeachta sonraithe do Ghráid atá Creidiúnaithe ag CSS agus ní ceadmhach dóibh i gcás ar bith na marcanna measta atá á gcur isteach ag an scoil a phlé le scoláire ar bith ná le tuismitheoir ná caomhnóir scoláire ar bith.
Os a choinne sin, ní ceadmhach do thuistmitheoirí/chaomhnóirí agus scoláirí teagmháil a dhéanamh le múinteoir ná le ball foirne eile, i gcúinsí ar bith, go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, go díreach nó go hindíreach, chun an próiseas cinnteoireachta a bhaineann leis na marcanna measta atá le bronnadh ar scoláire in aon ábhar a phlé nó chun tionchar a imirt air nó a d'fhéadfadh buntáiste míchuí a thabhairt do scoláire ar leith. Ní mholtar cruinnithe foirmiúla idir múinteoirí agus tuismitheoirí a reáchtáil sa tréimhse idir an 1 Márta agus an 28 Bealtaine 2021. Ní fhéadfar cruinniú idir tuismitheoir agus múinteoir a lorg ná a shocrú ach amháin i gcúinsí eisceachtúla.
Ní ceadmhach do thuismitheoir/chaomhnóir, do scoláire ná d'aon duine eile tionchar de chineál ar bith a imirt ar mhúinteoirí, ar phearsanra scoile, ar fhostaithe de chuid CSS agus na Roinne Oideachais, ná dreasacht a thairiscint dóibh (bronntanais san áireamh), ná brú a chur orthu, ná iad a chomhéigniú, i dtaca le marc scoláire sula sanntar é nó i ndiaidh é a shannadh. San áireamh ansin tá aon leas airgeadais, eacnamaíoch nó pearsanta eile a bhféadfaí a bhrath gur leas é a chuireann as do neamhchlaontacht agus do neamhspleáchas an mhúinteora nó an phríomhoide i gcomhthéacs phróiseas na cinnteoireachta.
Bheadh teagmháil den chineál sin míchuí, mar go bhféadfaí a mheas go hoibiachtúil gur iarracht a bheadh ann cur isteach ar an gcothroime, ar an gcóir chomhionann agus ar an oibiachtúlacht a theastaíonn ó mhúinteoirí agus ó scoileanna agus marcanna measta á sannadh acu don scoláire ar leith lena mbaineann, agus d’iomlán na scoláirí sa scoil. Bhainfeadh sé sin an bonn ó ionracas shamhail na nGrád atá Creidiúnaithe ag CSS ina dhiaidh sin.
I gcás go ndéanann duine iarracht tionchar míchuí a imirt ar an bpróiseas meastacháin, d'fhéadfadh coinneáil siar torthaí nó iarmhairtí níos tromchúisí a bheith mar thoradh air. Tá tuilleadh breithnithe á dhéanamh ar an ngné sin agus foilseofar eolas mionsonraithe faoi na hiarmhairtí a bhaineann le hiompar den chineál sin a luaithe agus is féidir.