Tuarascáil ar na bearta chun COVID fadmharthanach a áireamh sna rialacháin um Shochar Díobhálacha Ceirde – Samhain 2023
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ullmhaíodh an tuarascáil seo chun an gealltanas a rinne an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys T.D., ag Céim an Choiste den Bhille Leasa Shóisialaigh 2022 tuarascáil a ullmhú maidir le bearta chun COVID fadmharthanach a áireamh faoi na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde Comhdhlúite) 2007 (I.R. 102 de 2007) a chomhlíonadh.
Soláthraíonn an Scéim Sochair Díobhálacha Ceirde, arna riar ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, sochair do dhaoine a gortaíodh ag an obair, a fuair galar ceirde ag an obair, nó a gortaíodh ag taisteal chuig agus ón obair.
Scrúdaíonn an tuarascáil an scéim agus na tacaíochtaí airgeadais atá ar fáil d’fhostaithe nach bhfuil in ann obair mar gheall ar COVID-19 agus COVID fadmharthanach, chomh maith le híocaíochtaí fadtéarmacha míchumais agus breoiteachta eile. Déantar breithniú sa tuarascáil ansin ar cheart COVID-19 agus COVID fadmharthanach a aithint mar thimpiste cheirde nó mar bhreoiteacht faoin scéim trí na tástálacha reachtúla faoi I.R. 102 de 2007 agus alt 87(2) den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 a chur i bhfeidhm.
Is é príomhchonclúid na tuarascála ná nár cheart COVID-19 agus COVID fadmharthanach a chur leis an liosta tinneas ceirde don scéim. Fuarthas amach sa tuarascáil nach gcomhlíonann COVID-19 na critéir reachtúla maidir le haitheantas.