Baill Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann ceaptha:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar thoradh ar fheachtas a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, tá na baill seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., ar Bhord Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann le héifeacht ón 16 Eanáir 2023 go dtí an 15 Eanáir 2026.
Tá Eilis ag obair mar Cheann Caidrimh Ollscoile i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath mar aon le Stiúrthóir Cumarsáide agus Margaíochta. Roimhe seo, bhí ról mórán mar an gcéanna aici in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Sa bhreis ar a saineolas margaíochta i ndáil le feachtais feasachta táirgí agus feachtais phoiblí, féiniúlacht bhranda agus cáil chorparáideach, tá saineolas ag Eilis ar chumarsáid straitéiseach agus oibríochtúil i gcaidreamh poiblí sna meáin agus san earnáil chorparáideach agus tá neart taithí aici ar bhainistíocht géarchéime.
Roimhe seo bhí roinnt ról sinsearach cumarsáide agus margaíochta ag Eilis in earnálacha éagsúla lena n-áirítear sna hearnálacha seo a leanas - airgeadas, gás nádúrtha, sábháilteacht bia, sláinte agus ardoideachas. Tá taithí aici ar a bheith ag obair sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha.
Roimhe seo bhí sí ag obair mar stiúrthóir cumarsáide, oideachais & oiliúna i rith chéim thionscnaimh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann. Chaith Eilis ocht mbliana ag obair mar bhainisteoir caidrimh phoiblí i mBanc na hÉireann agus chaith sí cúig bliana ag obair le Bord Gáis Éireann, an t-oibritheoir náisiúnta gáis nádúrtha in Éirinn.
Chomh fada is a bhaineann le gnóthaí poiblí, bhí baint aici le feachtais a bhain le hainmniú aeir ghlain, rialú tobac, forfheidhmiú sábháilteachta bia agus maoiniú Rialtais.
Is cóitseálaí feidhmiúcháin agus comhairleach straitéise í Lisa Manselli. Sular bhunaigh sí a gnó féin, bhí Lisa ag obair mar Chomhpháirtí in Accenture áit a raibh sí i gceannas ar an ngnó comhairliúcháin bainistíochta in Éirinn.
Le 10 mbliana anuas bhí sí dírithe ar straitéis chorparáideach a fhorbairt i dtimpeallachtaí rialála. Áirítear i measc a cuid cliant CORU (rialaitheoir na ngairmithe sláinte agus cúraim shóisialta), NMBI (rialaitheoir na ngairmithe altranais agus cnáimhseachais), PSI (rialaitheoir na gcógaslann agus na gcógaiseoirí) agus an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe.
Bhronn Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath Baitsiléir Tráchtála ar Lisa. Chomh maith leis sin, bhronn Scoil Iarchéime Ghnó Michael Smurfit, Baile Átha Cliath, Máistreacht i Staidéar Gnó Idirnáisiúnta uirthi. Is cóitseálaí gnó deimhnithe í (ICF) agus eadránaí cáilithe freisin.
Is ball de bhord ospidéal príobháideach in Éirinn í Lisa agus bhí sí ina ball de bhoird roinnt cuideachtaí teicneolaíochta nuathionscanta freisin. Chomh maith leis sin, bhí sí ag feidhmiú mar Ollamh Taca Straitéise i Scoil Ghnó IE i Maidrid idir 2014-2016.