Ceapacháin ar an mBinse Cúitimh Heipitítis C & VEID
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An tUasal Adrienne Cawley BL
Glaodh chun an bharra Adrienne Cawley sa bhliain 1994. Is abhcóide í atá ag cleachtadh a gairme i réimsí an dlí teaghlaigh, an dlí readmhaoine, an dlí tiarna talún agus tionóna, agus an dlí probháide. Tá sí ina comhalta ar an mBinse ó Lúnasa 2012.
An tUasal John Healy SC
Tá John Healy SC ag cleachtadh sna Ceithre Cúirteanna ó 1999 agus tá taithí shuntasach agie i réimsí na dlíthíochta shibhialta, an dlí míochaine, an dlí bunreachtúil , agus an athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Tá roinnt leabhar dlí údarásacha scríofa aige freisin, lena n-áirítear Medical Malpractice Law (Thomson Roundhall, Brehon Library, 2008) agus Irish Laws of Evidence (Roundhall, 2004). Tá sé ina chomhalta ar an mBinse ó 21 Meán Fómhair 2012.
An tUasal Joseph O’Sullivan BL
Tá Joseph O’Sullivan BL ag cleachtadh ag Barra na hÉireann ó 1997. Is iad na príomhréimsí ina mbíonn sé ag cleachtadh ná an tAthbhreithniú Breithiúnach/Dlí Riaracháín, an Dlí Tráchtála agus Faillí Ghairmiúil. Is comhalta é de Chomhairle Bharra na hÉireann agus is é an Cathaoirleach ar Choiste um Chearta Daonna an Bharra. Tá sé ina chomhalta ar an mBinse ó 21 Meán Fómhair 2012.
An tUasal Stephen Boggs BL
Is céimní d’Ollscoil Luimnigh é Stephen Boggs agus de Chumann Onórach Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra é in 2005 agus tá sé ina chomhalta den Leabharlann Dlí ó shin. Bíonn Stephen ag cleachtadh go príomha i réimse na Dlíthíochta Shibhialta ag gach leibhéal de chóras na gCúirteanna. Tá blianta de thaithí ag Stephen sa chinnteoireacht, mar chomhalta reatha de Bhinsí reachtúla. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath lena chlann.