Ceapachán chuig Bord Clárúcháin na nGairmithe Radharceolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., tar éis an duine seo a leanas a cheapadh mar chomhalta de Bhord Clárúcháin na nGairmithe Radharceolaíochta, ar a thoghadh ag cláraithe na gairme ainmnithe, le héifeacht ón 11 Feabhra 2021 go 10 Feabhra 2025:
An tUasal Paul Hersee
Is Radharceolaí Cláraithe Urghnaimh é an tUasal Hersee agus is comhpháirtí é le Radharceolaithe Specsavers atá lonnaithe ins An tInbhear Mór. Tá taithí tríocha trí bliana aige sa tionscal súl tar éis dó cáiliú mar Radharceolaí Urghnaimh i 1989. Tar éis dó cáiliú rinne sé staidéar le Cumann Radharceolaithe Urghnaimh na Breataine mar scrúdaitheoir praiticiúil san urghnamh optúil. Déanann sé cuairteanna cleachtaidh ina dhéanann sé measúnú ar dhul chun cinn na mac léinn atá ag staidéar mar radharceolaithe urghnaimh agus oiriúnacht an chleachtais chun an oiliúint riachtanach a sholáthar.
Tá comhairle tugtha aige ar na modúil urghnaimh atá á bhforbairt don chúrsa urghnaimh a sholáthraíonn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT). Soláthraíonn sé treoir ghairmiúil freisin ar na Caighdeáin Eorpacha a bhaineann le gairm na radharceolaithe trína chuid oibre leis an NSAI. Tá baint aige faoi lathair le hoiliúint a chur ar bhaill foirne tacaíochta laistigh de Radharceolaithe Specsavers in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
Tá sé ina uachtarán ar Chumann Radharceolaithe Urghnaimh na hÉireann (IADO) tar éis dó a bheith ina bhall de chomhairle an IADO agus a bheith ag fónamh mar Chisteoir agus Rúnaí don Chumann. I measc a cháilíochtaí acadúla tá Baitsiléir Eolaíochta i Riarachán Gnó.
Fuair sé comhaltacht le déanaí ón Acadamh Eorpach um Optaiméadracht agus Optaic. I measc a gcuspóirí tá forbairt, cur chun tosaigh agus cur chun cinn optaiméadrachta agus optaice san Eoraip.